Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil the emphasis on training did not decrease
" Um an dtaca sin bhí an ceacht foghlamtha agus gach foireann chontae i mbun an chineál traenála a mharódh capall! Agus níor mhaolaigh ar an bhéim ar thraenáil ach an oiread ach gach foireann i mbun na hoibre agus an chruatain chéanna ar mhaithe le Craobh na hÉireann a ghnóthú.
ag dul i laghad decreasing
" Tá an céadchodán a rugadh sa tír ag dul i laghad.
laghdú decrease, fall
" Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh) ach tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce.
laghdú decrease, fall
" Ní hamháin go gcosnaíonn sé airgead an t-idirlíon a chur ar fáil in oifig, ach má bhíonn daoine á úsáid in ionad a bheith ag obair tagann laghdú mór ar tháirgiúlacht na n-oibrithe.
go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí that the size of the payments be decreased
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
titim mhór eile another great decrease
" Tá a fhios ag an saol Fódlach cén toradh a bheas ar an socrú nua: an bhliain seo chugainn beidh na heolaithe ag rá linn go bhfuil titim mhór eile sna stocanna amach ó chósta na hÉireann.
ísliú suntasach noticeable decrease
" Ní nach ionadh go bhfuil ísliú suntasach tagtha ar ioncam an stáit.
laghdú decrease
" Tugaim faoi deara go bhfuil laghdú ag teacht ar an mhéid Oráisteach atá ag freastal ar na paráidí gach bliain agus b'fhéidir go bhfuil an t-ord sásta go bhfuil leithscéal acu chun gearradh siar ar na himeachtaí.
maolú decrease
" Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de.
laghdaithe decreased
" "Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!" Ról an cheoil ======= Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór? "Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil," arsa Neil.
laghdú decrease
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh a decrease in the number of casualties and dead
" Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
laghdú decrease
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
laghdú decrease
" Deirtear go bhfuil laghdú tagtha i líon na ngairmeacha, agus tá dochar mór déanta do mhuinín daoine as an Eaglais.
ísliú decrease
" Ach ní léir go bhfuil aon ísliú, sa ghearrthéarma ar a laghad, i ndán do chostas na ngnáth-thithe, costas atá ag méadú in aghaidh na bliana.
laghdú decrease
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga that would lead to a decrease in behavioural problems
" Laghdódh sin ar fhadhbanna iompair i measc daoine óga de bharr alcóil, etc.
laghdú decrease
" Ach le cois na gceisteanna faoi na cúiseanna go bhfuil sé seo ag tarlú, tá ceisteanna deacra eile le freagairt, mar shampla: Cad go díreach is féidir a dhéanamh faoin titim seo i líon na nÉireannach i Nua-Eabhrac? Tá roinnt daoine, atá go mór i gcoinne inimircigh mhídhleathacha ar bith bheith sa chathair, ag cur ceiste ar cheart *rud ar bith *a dhéanamh faoin laghdú seo i líon na nÉireannach.
ísliú decrease
" Nuair a cuireadh scéim cosúil leis an gceann atá molta anseo i gcrích sa Danmhairg, áfach, chonacthas ísliú de 25% ar tháillí fóin phóca.
laghdú decrease
" I mí Eanáir, mar shampla, bhí laghdú 15% ar an líon suíochán a dhíol Aer Lingus i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
laghdú suntasach noticeable decrease
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
Ísliú decrease
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
ag dul i laghad decreasing
" Ós rud é go bhfuil an leibhéal maoinithe ón stát do na healaíona ag dul i laghad sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, agus nach cúis mhórtais dúinn féin ach an oiread an leibhéal maoinithe atá an stát a thabhairt do na healaíona sa Phoblacht, bheadh sé úsáideach plé a dhéanamh ar conas tionscnaimh áirithe a chur chun cinn trí chomhoibriú idirnáisiúnta.
laghdaithe decreased
" Cé go bhfuil an líon turasóirí i nDún na nGall laghdaithe 100,000 ó bhí an bhliain 2000 ann, tá na siopaí, tithe tábhairne, lóistiní agus bialanna i nGleann Cholm Cille breá bríomhar le daoine atá ag déanamh cúrsaí le hOideas Gael.
seirbhís laghdaithe decreased service
" D’fhéadfadh sé tarlú gur seirbhís laghdaithe a thiocfadh as dá bharr mar go ndúnfaí bardaí inar tolgadh an galar agus go mbeadh ar othair fanacht sna hotharlanna níos faide.
laghdú decrease
" Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.
ag laghdú de réir a chéile decreasing gradually
" Nuair a bhím sa tuaisceart aithním go bhfuil Béal Feirste caillte ag na Protastúnaigh, go bhfuil an móramh Protastúnach ag laghdú de réir a chéile agus cruthóidh sin fadhbanna.
Laghdú decrease
" Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas: “Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil nó fiú ón ghairdín is mó a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre” Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí.
laghdú mór a big decrease
" Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.
laghdú decrease
" Óir, ainneoin an mhéadaithe ar rátaí úis, níl aon laghdú tagtha ar phraghsanna tithe, ná baol air.
ag dul i méid nó i léig increasing or decreasing
" Is deacair a dhéanamh amach an bhfuil tionchar na Stát Aontaithe ar an domhan ag dul i méid nó i léig.
laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa the space between them decreased very quickly
" In ainneoin a chrutha, laghdaigh an spás eatarthu go ríthapa mar bhí an strainséir ag treabhadh chun cinn mar a bheadh tarbh beag, tréan.
an laghdú laethúil the daily decrease
" Os a choinne sin, agus ceist na Gaeltachta á plé, is minic a léirítear imní faoi chás na scoileanna ansin agus an laghdú laethúil atá ar úsáid na Gaeilge iontu.
laghdú decrease
" Bhí sprioc níos fadtéarmaí ann fosta: an líon básanna a laghdú 25% idir 2000 agus 2006.
titim bheag small decrease
"titim bheag tagtha ar líon na mbásanna, mar sin, ach is beag sólás é sin dóibh siúd a chaill cara, céile nó duine dá dteaghlach.
laghdú decrease
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
an fhuaim ag méadú agus ag laghdú the sound increasing and decreasing
" Siosarnach ard ag teacht ó liáin na muilte, an fhuaim ag méadú agus ag laghdú le gach casadh den lann.
Maolaíonn an brón. The sadness decreases.
a mhaolú. to decrease.
" Faoi dheireadh tá glactha ag an gcathair leis go bhfuil an iomarca tráchta ar na sráideanna, agus táthar ag obair ar phleananna chun an trácht sin a mhaolú.
ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire the demand for the cheaper service will decrease
" Ach má chuirtear cáin €50 nó €80 nó €100 ar thuras cianaistir, ísleoidh an t-éileamh ar an tseirbhís níos saoire in áit an éilimh ar thurais ghrád gnó.
ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach horrifying the ever-decreasing minority
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
laghdaithe decreased
" 6 ciliméadar san uair; trí bliana níos déanaí, bhí an meánluas laghdaithe go 13.
ísliú pá pay decrease
" Tá cúntóirí ranga, iad sin a chuidíonn le páistí atá faoi mhíchumas, ag rá go bhfuil ísliú pá i ndán dóibh má chuirtear plean úr oibre i bhfeidhm.
laghdú decrease
" Ghlacamar le laghdú cheana féin i líon na dTeachtaí Parlaiminte Eorpacha atá againn.
laghdú a decrease
" Nuair a thiteann an OTI (GDP), tagann laghdú ar an mhéid gháis cheaptha teasa a astaítear.
meath leanúnach continual decrease
" Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil.
meath an oighir the decrease in ice
" Saibhreas an Ghrinnill ========= Tá fáth simplí amháin leis an gcogadh béil seo – meath an oighir de bharr athrú aeráide.
titfidh shall decrease
" Gan amhras ar bith, titfidh líon na ndaoine atá fostaithe ag an stát.
laghdú ar bith any decrease
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.
tháinig laghdú ar an líon coireanna the crime figures decreased
" Ach léiríonn staidrimh choiriúlachta gur tháinig laghdú ar an líon coireanna le linn an chúlaithe is deireanaí.
fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo various reasons behind this decrease
" Meastar go bhfuil fáthanna éagsúla taobh thiar de na laghdaithe seo.
is amhlaidh a tháinig laghdú beag there was actually a small decrease
" De réir dhaonáireamh na bliana 2011, is amhlaidh a tháinig laghdú beag ar líon na ndaoine atá ina gcónaí sa tír.
laghdú beag a slight decrease
" Bhí méadú le sonrú in áiteacha – Cardiff agus ceantar na hardchathrach mar shampla – agus laghdú beag in áiteacha eile – Ceredigion agus iarthar tíre, cuirim i gcás.
an laghdú i líon na dturasóirí the decrease in the number of tourists
" Is mian leis an Rialtas san Astráil straitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an laghdú i líon na dturasóirí atá ag tabhairte cuairte ar an tír le roinnt blianta anuas.
laghdú decrease
" Ní thiocfaidh athrú ar iompar thiománaithe na hÉireann ar na bóithre, agus ní thiocfaidh laghdú ar líon na dtaismí, go dtí go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm ar bhealach níos doichte.