Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar shlí na fírinne deceased
" Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.
nach maireann deceased
" Ach taobh amuigh de féin is iad na seanfhilí nach maireann is mó cáil, mar shampla Séamus Ó Doraidhin a scríobh "Sliabh Liag", Éamonn Ó hEasgain a chum "Mo Chaora Bheag Dhílis" agus an Teachta Dála agus Seanadóir, Míchéal Óg Mac Pháidín, a scríobh mórán píosaí, ach go háirithe "Díbirt an Bhabhdhúin" a thugann cuntas ar na teaghlaigh a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga i mBabhdhún.
nach maireann deceased
" Cé go raibh feisire áitiúil, Bob Parry (nach maireann), i láthair agus ag argóint leis an chigire Owens, ní raibh seisean sásta géilleadh.
nach maireann deceased
" Thug an bás leis na filí chomh maith agus ba bhreá an file Briainí (John Ruairí) Ó Beirn, nach maireann.
nach maireann deceased
" Bhí sliocht air ó scríbhneoir Meiriceánach, Henry Beston, nach maireann, a scríobh leabhar dar teideal *The Outermost House *faoin bhliain a chaith sé i dteach beag ar an trá i gCape Cod, Massachussetts.
nach maireann deceased
" Chas mé ar Charlie Lennon (nach maireann) in 2000 nuair a bhí Hector Ó hEochagáin ó TG4 ag déanamh clár faisnéise faoi John Lennon, cothrom 20 bliain óna dhúnmharú i Nua Eabhrac.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Tá Séamas, Mícheál agus Proinséas imithe ar shlí na fírinne.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Bíonn na deiseanna ar fáil uaireanta é seo a dhéanamh agus iad beo ach más imithe ar shlí na fírinne atá siad is beag é ár suim go minic.
ar shlí na fírinne deceased
" Má amharcann sé siar ar a tharla, ar a chairde atá ar shlí na fírinne - ar Sheán Mac Diarmada go speisialta - agus ar a chomhrádaithe nach eol dó iad a bheith beo nó marbh - Conchubhar Ó Coileáin, Diarmuid Ó hEigeartaigh agus Gearóid Ó Súilleabháin - ní hannamh é ag smaoineamh ar an todhchaí nuair a chuirfear clabhsúr ar an obair ar chuir lucht Sheachtain na Cásca tús léi.
imithe ar shlí na fírinne deceased
" Cá raibh an t-agallamh le leithéidí Sean Sherwin, nó Lorcan Allen, nó seanagallaimh ón chartlann le Paudge Brennan, Kevin Boland agus Neil Blaney, atá imithe ar shlí na fírinne ach a bhí lárnach i gcúrsaí ag an am.
nach maireann deceased
" Ghlacas le leathphost faoin teideal sin mar chúnamh do bhanlaoch na Comhdhála Ceiltí san am, mar atá, Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, nach maireann.
nach maireann deceased
" – mac an "teflon Don" John Gotti, nach maireann – ach scéal eile tablóideach.
atá imithe ar shlí na fírinne deceased
" AÓF: Dá gcuirfinn an cheist chéanna ort ach cead a bheith agat ceoltóirí nó amhránaithe atá imithe ar shlí na fírinne a thógáil ar ais ón mbás le bheith ag an seisiún, cé bheadh leat ansin? TM: Bheadh Willie Clancy ar mo liosta, Johnny O' Leary, Denis Murphy, Julia Clifford.
nach maireann, who is deceased,
" Chas Tommy ar a bhean Kathleen, nach maireann, ag cruinniú de chuid CLG ina theach féin agus tá baint ag a theaghlach uilig leis an chomhphobal Éireannach - tá a iníon Kathleen ina múinteoir rince agus tá a mhac Colum ina chathaoirleach ar an chlub CLG i nGréanach, Contae Chorcaí.
ar shlí na fírinne deceased
" Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois ach is léir go raibh Carrie an-cheanúil orthu.
nach maireann deceased
" com/watch?v=kk8foQOQVk0&feature=related) Ach chuir an Tiogar Ceilteach (nach maireann) agus dlithe pleanála laga na seantithe i mbaol i dTír Conaill fosta.
nach maireann deceased
" Ministir Preispitéireach ab ea a athair (nach maireann) agus tháinig a shinsear as Tír Eoghain go Sasana, isteach trí Learpholl, tuairim na bliana 1850.
nach maireann deceased
" Tharla gan eolas a bheith agam ar an cheantar, ar íorónaí an tsaoil, ba é Brian Ervine, deartháir duine de na polaiteoirí dílseacha ba mhó clú, David Ervine nach maireann, a thug ann mé.
nach maireann deceased
" Níl Sinn Féin leath chomh hoilte le hiar-Uachtarán cáiliúil dá gcuid, nach maireann, nuair ba nós leis an tsúil leathchaoch a chaitheamh ar a chroí istigh chun mianta phobal Éireann a léamh ar a sháimhín só.
nach maireann deceased
" In amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann shiúil Philip Larkin, nach maireann, beo beathach ar an ardán, agus ins an stíl aisteoireachta beag-is-fiú sin a chruthaigh sé fadó, siúd chun oibre Tom Courtenay, briathra, anam agus corp Larkin ionchollaithe aige.
ar bhrí na fírinne gone deceased
" Na Gaeilgeoirí móra, tá go leor acu imithe uainn, ar bhrí na fírinne, ach an méid againn a bhí fágthaí; is anois a theastaigh sé níos mó ná ariamh, go mbeadh glór thuaisceart Chontae Mhaigh Eo le clons i nGaeilge.
ar shlí na fírinne deceased
" Chuireas ann paidir le hanamacha triúir Neligan: mo chéile comhraic, Maurice an máinlia, ar shlí na fírinne anois; an ‘David F’ fá mo chosa thíos - pé ar leis é - agus, beart a tháinig aniar aduaidh orm féin, paidir le hanam David Neligan, Príomh-Oifigeach Faisnéise, Fórsaí an tSaorstáit, Trá Lí, 1923.
básaithe deceased
" Tá cuid acu básaithe ach tá cuid acu gníomhach i gcónaí, ag iarraidh an ceantar as a fáisceadh iad a chosaint is a chur chun cinn.
ar shlí na fírinne deceased
" Tá an craoltóir agus dioscmharcach cáiliúil John Peel ar shlí na fírinne anois le breis is dhá bhliain ach tá a thionchar le brath go fóill ina chathair dhúchais Learpholl, mar a léiríonn Tony Birtill.