Pota Focal Intergaelic
decoy | decry | delay | day | dea
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
meatha decline, decay
" "Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis.
duilleoga atá ag feo decaying leaves
" Tá pasáistí le feiceáil a lúbann isteach ar a chéile agus nach dtéann áit ar bith, agus iad clúdaithe le múnlú bambú, eoclaip, duilleoga atá ag feo agus adharcáin ochtapais.
mheath decay
" Úsáideann Anya Gallacio as Glaschú an t-úll mar mheafar don mhian, don chathú agus don mheath.
fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag the decayed remains of the Christmas dinner
" B’in é Balor an Bromaire Bomannach ag meabhrú os cionn na tine istigh ina phluais bhrocach; fuílleach dreoite dhinnéar na Nollag ag lobhadh ina gcairn thart air.
Dath dúdhonn feoite air. Dark brown decayed in colour.
Meathlú geilleagrach financial decay
" Meathlú geilleagrach? Caidé is brí le meathlú? Caidé is brí le geilleagrach? Cacamas! Sin is brí leo.
meathlaithe decayed
" 09) gur ann do marché noir in áiteanna éagsúla san ardchathair ina mbíonn tairgí bia ar díol (iógart, liamhás srl) atá imithe ó mhaith de réir an dáta ar an bpacáiste nó torthaí agus glasraí atá idir maothlaithe is meathlaithe agus nach bhfuil, dá bhrí sin, indíolta a thuilleadh.
mheathlaithe of decay
" Cé a chreidfeadh é, a léitheoirí dílse? Cé a chreidfeadh, in am seo an mheathlaithe, go dtabharfadh eagarthóir Beo Ar Éigean! cúpla Euro le dul chuig Féile na nGael i Milwaukee? Ach sin mar a tharla.
meath decay
" Agus gach uair a dhéanann an t-uachtarán iarracht rud ar bith a dhéanamh chun an meath a stad, cuirtear go tréan ina aghaidh.
meath decay
" Tháinig meath ar chantaláin ghramadaí na Gaeilge glúin ó shin, is dóigh.
mheath decay
" ” Maidir le stair an dá thír, luaim le hAnna gur gnách le Polannaigh iontas a dhéanamh den mheath a tháinig ar theanga na Gaeilge.
mheathlú geilleagair economic decay
" Ceannairí Ráscánta ========== Ar ndóigh ní hé deireadh na dtáillí tís an t-aon chúis amháin leis an mheathlú geilleagair, ach creidim go raibh sé tábhachtach.
meath decay
" Tá fianaise ann, go deimhin, go mba é Údarás na Gaeltachta ceann de na heagraíochta atá ciontach as meath na Gaeilge sna ceantracha láidre Ghaeltachta.
Fás nó Feo growth or decay
" Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011! Fás nó Feo? ====== Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’.
meath decay
" Chomh maith leis sin, tar éis gur tháinig meath ar an nGaeilge sa Ghaeltacht le céad bliain, bhí an meath sin thar a bheith mall le hais mar a bheadh murach go raibh seasamh ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil.
meath decay
"meath na Gaeilge an fhadhb is mó atá ag an gceantar seo ach meath an gheilleagair ar bhonn áitiúil.
meath decay
" Ach seans gurb í an chúis is mó go bhfuil meath tagtha ar bhlaganna na Gaeilge ná nach bhfuil luach saothair ar bith le baint as.
mheath decay
" Tá cúig bliana caite ó deineadh an tuar duairc úd sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, nach mairfeadh an teanga mar rogha-theanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
tháinig meath millteanach a desperate decay set in
" Níor fágadh tada acu le tine cheart a chur síos nó le bád measartha maith a dhéanamh agus tháinig meath millteanach orthu dá bharr.
Tá creimeadh mór tarlaithe ar a great decay happened
" Tá creimeadh mór tarlaithe ar an nGaeilge ó shin, mar a léirítear i staidrimh éagsúla atá le fáisceadh amach as uimhreacha Scéim Labhairt na Gaeilge agus ón Daonáireamh.
meath teanga language decay
" Ní Buille go Cnámh É, Fós ============ Ní hionann focail iasachta i dteanga agus meath teanga, áfach.
Plúchadh agus Meath overcrowding and decay
" Plúchadh agus Meath ======== Bhí a mhacasamhail de dhíormaí i gcathracha eile ar nós Londain, Sheffield agus Birmingham (mar is léir ón tsraith *Peaky Blinders* a bhí le feiceáil ar an BBC ar na mallaibh) ach ba mheasa i bhfad a bhí na coimhlintí i nGlaschú.
tháinig meath ar decayed
" Ach oiread le cultúr na nGael áfach, tháinig meath ar chultúr na Polainne de réir mar a mhéadaigh ar chumhacht na gcomharsan, ní Sasana sa gcás seo, ach an Phrúis, agus an Rúis.
meath na Gaeilge the decay of I.
" Ba léir dó gur shíolraigh fadhbanna ilghnéitheacha as meath na Gaeilge sa 19ú aois déag, meath a mhúin nósanna míshláintiúla don tsochaí.
meath mór tarlaithe much decay happened
" Níl mórán laige tagtha ar an nGaeilge sa Spidéal ó shoin, ach tá meath mór tarlaithe taobh thiar den Spidéal, faraor.
Luas Meatha agus Luas Fáis speed of decay and speed of growth