Tá dalladh eolais le nochtadh go fóill as na gníomhais talún in Óstaí an Rí go deimhin, chomh maith leis na lámhscríbhinní ginealais in Acadamh Ríoga Éireann, ach ní bhfuair an obair sin a líon ceart scoláire go sea.
Ní mharaítí aon duine an chuid is mó den am, ach is iomaí fear, bean is páiste a loiteadh go dona, a dalladh, nó a chaill leathlámh nó leathchos nuair a theilgeadh na hIosraelaigh sliogán den chineál sin le teach cónaí gan choinne, nó le teach i ndiaidh a chéile tríd na sráidbhailte.