"Mar sin, chuir sé seo an cheist i mo cheann, an mithid dúinn anois agus an mbeadh sé cuí go mbeadh leagan éigin de Choimisiún um Firinne agus Athmhuintearas againn sa dá chuid d'oileán na hÉireann a chuirfeadh leis an obair atá á déanamh ag na Coimisiúin Cheart Daonna a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus 'pian siocaithe na ndaoine a bhriseadh?'"
Dúirt sí go daingean nach raibh sí á mholadh seo mar ní bheadh sé cuí aici mar iar-Uachtarán na hÉireann sin a dhéanamh, ach mheabhraigh sí an raibh an t-am ann na ceisteanna sin a chur.