Cén seans mar sin a bheas ag na nuachtáin bheaga, Gaeilge a bhfuil laincisí go leor agus ráchairt theoranta orthu? Ceann de na léitheoirí ba dhílse a bhí ag an seanleagan de Foinse ab ea an carachtar Tadhg Ó Direáin ó Ros na Rún agus ba ghnách leis a bheith ag scansáil an chóip is deireanaí ar an chuntar fad is a bhíodh sé ag pleanáil beart fealltach éigin nó ag
díspeagadh na gcomharsan.