lucht cuartaithe na dídine
asylum seekers
'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do
lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
gan dídean
homeless
Is é FI an eagraíocht is mó sa tír atá ag plé le daoine
gan dídean: tá 150 duine fostaithe go lánaimseartha acu, 80 ar scéimeanna FÁS agus 100 duine ag obair go deonach.
gan dídean
homeless
Bíonn deacrachtaí aici ansin maidir le tithíocht agus airgead, agus fágtar ar na sráideanna í sa deireadh,
gan dídean.
dídine
refuge, asylum
Bhí sé ina raic le gairid faoin long a raibh na céadta ar bord uirthi a bhí ag lorg
dídine san Astráil.
dhídean núicléach
nuclear cover/protection
Go dtí seo bhíodar ag druidim sa treo eile, ag trácht go haontaobhach ar
dhídean núicléach a thógáil timpeall orainn féin.
dídean
shelter
dídeanaithe ag teitheadh ón ár.
dídine
asylum
Ach i mí Lúnasa tharla eachtra an Tampa, nuair a dhiúltaigh an rialtas cead a theacht i dtír do 460 duine a bhí ag lorg
dídine san Astráil.
ag lorg dídine
seeking refuge
Ó tháinig an long lastais an Tampa i gcabhair ar dhaoine
ag lorg dídine i mí Lúnasa, ba bheag aird a díríodh ar cheisteanna eile.
gan dídean
homeless
Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga
gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
dídean
shelter
Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le
dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d'oibrithe na cathrach.
dhaoine gan dídean
the homeless
Hatch airgead a chur ar fáil chun áit ar a dtugtar an chéad mhisean tarrthála do
dhaoine gan dídean a bhunú, is é sin, Helping Hand For Men.
gan dídean
homeless
Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine
gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
an líon daoine gan dídean
the number of homeless people
Ach is é an fhírinne go mbeidh ar an rialtas i bhfad níos mó ná ionaid a oscailt má táid le srian a chur leis
an líon daoine gan dídean, líon atá ag méadú in aghaidh an lae sa stát seo.
an ceart chun dídine
the right to housing
I measc na mórcheisteanna atá á bplé ag an choiste seo, tá an cheist ar chóir
an ceart chun dídine ag duine a chur isteach sa Bhunreacht nó an leor reachtaíocht nua le dul i ngleic leis an fhadhb.
dídean
refuge
Is é an toradh a bhí air sin ná nach féidir le dream ar bith
dídean a lorg de réir dhlí na tíre má thagann siad i dtír ar cheann de na hoileáin sin.
ag lorg dídine
looking for asylum
Dúirt an Rialtas i dtosach nach raibh na Curdaigh
ag lorg dídine san Astráil ach ba bhréag é sin.
dídean
shelter
Theastaigh postanna agus
dídean uathu, agus theastaigh uathu go gcothófaí iad.
dhaoine gan dídean
the homeless
Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do
dhaoine gan dídean.
ag iarraidh dídine
looking for refuge/shelter
Nuair a theip ar na prátaí in Éirinn in 1845, thosaigh na teifigh ag teacht go Learpholl ar na báid ó Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha
ag iarraidh dídine.
gan dídean
homeless
"
Fiafraím de Bourke an bhfuair sí léargas ina taighde ar Brennan ar an gcaoi a dtarlaíonn sé go dtagann duine ag pointe ina saol go bhfuil siad
gan dídean.
ag lorg dídine
seeking asylum
In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí
ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
dhaoine gan dídean
the homeless
"The Suaimhneas Project" an t-ainm atá ar thionscadal de chuid ICCM a thugann cuidiú do
dhaoine gan dídean.
daoine gan dídean
the homeless
Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil,
daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
dídean
refuge
Agus, ós ag caint ar an bhfear fada atáim, níor ceart dúinn dearmad a dhéanamh, ach an oiread, gur dhiúltaigh de Valera
dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a dteitheadh ó scrios na Naitsithe, agus gur phlab sé an doras ina n-aghaidh.
gan dídean
without a home
MÁNAS: Ach smaointigh ar na daoine bochta
gan dídean.
gan dídean
homeless
Ach tár éis 11 Meán Fómhair, d’fhéadfá a rá, go tobann, go raibh Wendy Bounds
gan dídean.
gan dídean
homeless
Ní duine
gan dídean a bhí san fhear sin ach duine a bhí ag baint úsáide as córas idirlín gan sreang” an fhoirgnimh – gan chead.
gan dídean
homeless
In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine
gan dídean.
gan dídean
homeless
An dtiocfadh?
Páirtíocht: Thiocfadh liom cinnte, ach ní bheidh sí féin ná a teaghlach ná a cuid searbhóntaí uilig fágtha
gan dídean.
ag lorg dídine
looking for refuge
Tháinig deireadh tobann le saol grástúil na mBauers nuair a ghabh na Naitsithe an Ostair i 1938 agus níos lú ná mí ina dhiaidh seo rinneadh slad ar shaibhreas Ferdinand Bauer (saothar Klimt san áireamh) agus fágadh gan phingin é
ag lorg dídine san Eilvéis – áit a bhfuair sé bás i 1945.
do dhaoine gan dídean
for homeless people
Cuirtear féastaí ar siúl fiú
do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh).
ag lorg dídine.
looking for shelter.
Trasna an bhóthair, faoi bháisteach bhog, bhí Ardeaglais Naomh Eoin le feiceáil, agus cúpla bloc níos faide uainn síos an tsráid teach "leath bealaigh" dóibh siúd a bhí díreach tagtha amach ón phríosún agus
ag lorg dídine.
dídean
shelter
Ar an drochuair, ní raibh *bivvy bags* ag an bheirt mhac léinn ó Ollscoil Obar Dheathain a fuair bás le chéile roimh an Nollaig agus mar sin ní raibh aon
dídean acu nuair a thosaigh stoirm sneachta.
dídean
shelter
Ní raibh siad ábalta
dídean a fháil agus chonaic Rupert Wilson a mhac agus a chara ag fáil bháis sa ghaoth agus sneachta roimhe.
dídean
shelter
Bhí ochtó acu ann nach raibh ábalta
dídean eile a fháil, mar sin chuaigh siad ar tearmann i reilig Croick, áit ar thóg siad puball seifte.
gan dídean
homeless
“Is féidir liom a rá go macánta gurb í an obair a bhíonn ar siúl ag an tionscadal Aisling a thug an spreagadh dom an scannán Kings a dhéanamh,” a dúirt an stiúrthóir, Tom Collins, agus é ag caint faoina scannán nua, a tháinig amach ar na mallaibh, agus faoin dea-obair a dhéanann Aisling i measc na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Londain blianta ó shin agus atá anois fágtha
gan dídean nó aon cheangal leis an bhaile.
a bhí gan dídean -
who were homeless -
“Ina dhiaidh sin, bhuail mé le hÉireannaigh - Gaeilgeoirí i Londain
a bhí gan dídean - agus shíl mé gur feiniméan folaithe a bhí ann, go raibh glúin daoine nach labhraíonn muid orthu caillte againn.
a thug dídean do Ghiúdaigh
who gave refuge to Jews
Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach
a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
a thug dídean do Ghiúdaigh
the importance of the environment
Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach
a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
daoine gan dídean
homeless people
Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le
daoine gan dídean i Sasana.
dídean
refuge
Ba é polasaí an rualoiscthe beartas na Coróine in 1868, nuair a thug siad
dídean do cheannaire *Te Kooti*.
dídean
refuge
Nuair a rinne na dílseoirí ionsaí ar an áit sin i mí Lúnasa 1969 agus nuair a chuir siad cuid mhaith de na tithe trí thine, b’éigean don teaghlach bogadh go Baile Andarsan le
dídean a fháil.
daoine gan dídean
homeless people
Tig leo a drochbhail a bheith orthu agus a bheith contúirteach agus bíonn go leor
daoine gan dídean ar na sráideanna, go háirithe thart ar an stáisiún bus agus an stáisiún traenach.
ag tabhairt dídine
giving refuge
Tá sí féin agus a teaghlach i mbun na hoibre seo le tamall fada,
ag tabhairt dídine dóibh siúd atá ag siúl an Camino.
gan dídean
with no shelter
Thug sé ordú do gach aire dá pháirtí cuairt a thabhairt ar thearmainn do dhaoine
gan dídean sular tháinig siad go dtí an príomhchathair, Canberra, le bheith páirteach sa rialtas nua.
gan dídean
homeless
Díothaíodh corradh is 1800 teach, fágadh timpeall ar 7000 duine
gan dídean agus dódh 455,000 heicteár talún.
fear gan foscadh gan dídean
a homeless man
Chonaiceamar
fear gan foscadh gan dídean ar thaobh an bhóthair a bhí ar an ordóg is stop m’athair an carr.
Lucht Dídine
people seeking asylum
Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um
Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
gan dídean
homeless
Meastar go bhfuil idir 600 agus 800 duine sans papiers
gan dídean i mórcheantar Calais, an calafort is gaire don Ríocht Aontaithe, agus go bhfuil pobail eile dídeanaithe i mbailte Cherbourg agus Zeebrugge na Beilge chomh maith.
dídean a lorg
seek refuge
Ar cheart an chathair a fhágáil agus
dídean a lorg i ndeisceart na tíre nó fanacht i bPáras?
An Maréchal Pétain
Ar cheart muinín a chur sa Maréchal Pétain, laoch míleata na Fraince sa Chéad Chogadh Domhanda a tháinig i gcomharbacht ar rialtas Reynaud, a dúirt leis an bpobal: C’est le coeur serré que je vous dis aujourd’hui qu’il faut cesser le combat.
gan dídean
homeless
Deir sé liom gur chaith sé deich lá i Londain uair amháin, nuair a bhí sé seacht déag, gan pingin,
gan dídean agus nár fhill sé ó shoin.
dídine
shelter
Chaith Ella seal i ngéibheann i Sasana as a bheith ag tabhairt
dídine do phoblachtaigh, agus theith Charlie go dtí an Coireán le cónaí ansin a fhad agus a bhí Ella ar an bpláta beag.
dídean
shelter
Dhreap siad an aill ard agus chuaigh siad ó dheas go Gleann Cholm Cille, áit a bhfuair siad cuidiú agus
dídean.
dídean
refuge
Thug col ceathrair Shéamais, Louis XIV, rí na Fraince,
dídean dó agus is sa Château-Vieux de St Germain-en-Laye a chaith sé an chuid eile dá shaol.
gan dídean
without shelter, homeless
Maraíodh tuairim is 1400 duine, gortaíodh na mílte eile, fágadh na céadta míle duine
gan dídean agus díothaíodh bonneagar na tíre.
dídean
shelter
Ní féidir an milleán faoi aon ócáid ar leith a leagan ar athrú aeráide an domhain i gcoitinne – bíodh an tonn teasa is géire riamh sa Rúis i gceist, nó an bháisteach mhillteanach atá ag cur na milliún as riocht agus ó theach is talamh sa tSín, nó fiú an dá mhilliún duine anois gan
dídean sa Phacastáin.
gan dídean
homeless
Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine
gan dídean.
dídean agus tearmann
refuge
Bhí urchar aige do Nawal freisin, ach tugann an tseanmháthair
dídean agus tearmann di.
dídean na hoíche
a refuge for the night
Fear óg, bríomhar agus cúram mór air: beirt eachtrannach a bhailiú agus iad a thabhairt slán chuig an áit a mbeadh
dídean na hoíche acu.
gan dídean
homeless
"Muidne an 99%" an mana a bhí acu, ag tagairt don móramh sin de phobal Mheiriceá idir iad siúd
gan dídean agus an dream atá bun os cionn sa morgáiste.
dídean
shelter
Agus d’iarr orm bualadh isteach an tseachtain dár gcionn san áit a mbíonn tae agus caifé á ndéanamh do dhaoine gan
dídean.
bhrú dídine
refuge hostel
Ansin shocraigh muid lóistín le Cumann Naomh Uinseann de Pól sa
bhrú dídine acu siúd, ach dúirt an Rialtas nach mbeadh an Eaglais Chaitliceach sásta leis sin nó go raibh siad siúd buartha go gcuirfeadh socrú mar sin isteach ar na Protastúnaigh.
dhídean in airde
no cover above
Iontach beag, gan de
dhídean in airde os a chionn ach na barraí.
do dhídean
your refuge
Is é an Tiarna do gharda is
do dhídean agus é ar do dheis.
dídine agus foscaidh
refuge and shelter
Nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éiníní beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun
dídine agus foscaidh, shroich sé caladh agus cuan i bpríomhchathair an Domhain Thoir.
lucht dídine nach iad
other refugees
Glacadh le
lucht dídine nach iad fosta agus go deimhin, ba chóir glacadh leo.
bhun dídine agus foscaidh
into hiding and refuge
Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá
bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.
daoine gan dídean
homeless people
Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le
daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha.
dídean den scoth
very good housing
Mairimid níos faide, ithimid ár sáith, agus don chuid is mó, tá
dídean den scoth againn.
dhaoine gan dídean
homeless people
“Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!”
I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do
dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú.
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean
talking about a night he spent with homeless people
Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
maidir le hÉirinn mar thír dídine
as to Ireland as a country for asylum
Cá bhfios i ndáiríre an mbeidh Snowden, lena thrí ríomhaire glúine lán le rúin Mheiriceá, fós beo, agus
maidir le hÉirinn mar thír dídine, fág marbh é.
an t-uisce gan dídean
the water open to the elements
Faoin am a raibh an stán ídithe, bhí
an t-uisce gan dídean tagtha isteach i gcóras uisce an tí, ach ar a laghad ar bith, ní raibh leamhnacht radghníomhaíoch laethúil curtha trí mo cholainn sa mhullach air ar feadh achair éigin laethanta nó coicíse.
Gan Dídean
without shelter
An rud is suntasaí faoin taispeántas, ‘
Gan Dídean’, atá le feiceáil i Museo di Roma in Trastevere faoi láthair, ná an solas a lonraíonn ó shúile na ndaoine bochta atá faoi scrúdú ag an ghrianghrafadóir Lee Jeffries.
dhaoine gan dídean
homeless people
Ceapadh Pictiúir gan Chead
===========
Thosaigh Lee Jeffries, atá ina grianghrafadóir amaitéarach agus a oibríonn mar chuntasóir i rith an lae, a tharraingt grianghrafanna de
dhaoine gan dídean nuair a chuaigh sé ar turas go Londain ó Bolton, a bhaile dhúchais féin, i 2008.
faoin fáth a raibh sí gan dídean
about why she was homeless
B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus
faoin fáth a raibh sí gan dídean.
fuair sé dídean anseo ó thuaidh
he received refuge here in the north
Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus
fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.
an dream gan dídean
the homeless people
As do Stuaim Féin
======
Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar
an dream gan dídean.
ag dul fá bhun dídine agus foscaidh
going into shade and refuge
Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir…
Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama)
=====================
“In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise
ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
a fuair dídean
who found refuge
Luaigh sé Enoch Powell, an ball parlaiminte Sasanach a díbríodh i ndiaidh é a aitheasc faoi ‘Aibhneacha Fola’ a thabhairt ach
a fuair dídean Pháirtí Aontachtach Uladh ag cur síos air mar fháidh.
na ndaoine gan dídean
the homeless
Is gá reachtaíocht nua a thabhairt isteach nó an bunreacht a leasú chun iachall a chur ar údaráis áitiúla na tíre díriú ar fhadhb
na ndaoine gan dídean, a deir Dónall Ó Maolfabhail.
le daoine gan dídean
with homeless people
Tá Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tá tréimhsí caite aici ag obair
le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, tá a céad úrscéal á fhoilsiú.
lucht dídine
asylum seekers
Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith
lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis.
gan dídean
homeless
Tá sí ag caitheamh súil san alt seo ar an tuairim choiteann i measc an phobail faoin dream daoine
gan dídean agus ar an méid atá feicthe aici de 'shaol na sráide’.
gan dídean
homeless
Chaith Diarmuid Johnson oíche Nollag i measc daoine
gan dídean i bPoznań na Polainne bliain go ham seo.