Níl rud ar bith níos fearr amuigh, dar le Balor an Scolardach, ná bheith
cuachta cois tine ó oíche go maidin, do chosa ar an bhac, do thóin ar an chúisín, gloine lán i nglac amháin agus an cianrialaitheoir sa dorn eile, tú ag grinniú grafanna agus táblaí, ag éisteacht le Brians Ó Fearghaíl ag bladar leis agus tú ag fanacht go foighdeach le toradh an naoú cuntas déag ó Scibirín Thoir Theas.