Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caimiléireacht crookedness
" Thaispeáin an galar dúinn go raibh feirmeoirí agus trádálaithe beithíoch anseo agus ansiúd gafa leis an gcaimiléireacht.
chamastaíl crookedness, dishonesty
" Liosta le háireamh an chamastaíl a bhí ar bun ag an Rialtas ar an cheist chigilteach seo ón am sin i leith.
chamastaíl náireach shameful crookedness
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
chaimiléireacht crookedness
" Gadaíocht ó na daoine is boichte le tabhairt don dream a bhfuil an geilleagar scriosta agus an todhchaí curtha i mbaol acu fríd an chaimiléireacht nó fríd an neamhinniúlacht.
caimiléireacht skulduggery, crookedness
" Ní raibh, mar ní ligfeadh an t-ionraiceas daofa siúd caimiléireacht den chineál sin a shamhlú gan trácht ar a chleachtadh.
chaimiléireacht crookedness
" Níl an chaimiléireacht go forleathan ó bhun go barr na tíre.
chaimiléireacht impriúlach imperialistic crookedness
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.
an chamastaíl the crookedness
" Má bhí cathair ghríobháin Machiaveilliach riamh ann, b’í polaitíocht na Tríú Leasa Déag í! Níl Uachtarán gan Locht ======= Níor sheachain Spielberg an chamastaíl ab éigean do Lincoln a chleachtadh chun an vóta a chinntiú.
caimiléireachta crookedness
" Ina leabhar cáiliúil “*The Myth of the Rational Voter*”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).
blianta caimiléireachta years of crookedness
" Seo Meiriceá 1978, Meiriceá an ré fhíréanta a bhris amach tar éis blianta caimiléireachta Nixon.
ag cur in aghaidh na caimiléireachta opposing the crookedness
" Bhí siad ag cur in aghaidh na caimiléireachta agus mí-úsáid cumhachta.