Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar sliú askew, crooked
" "Tá gach uile cheann ach ar sliú.
ar a bhealach bacánach bachallach abhaile on his limp crooked way home
" Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: "Bhí an tErectus sin ina cockup!" Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.
spuaic cham crooked spire
" Tá cuma aisteach ar shéipéal Gonéry, mar tá spuaic cham air.
cama crooked
" Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.
cam crooked
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
cam crooked
" Bhí mé in ann gasúir na háite, mo chol ceathracha ina measc, a chloisteáil ag déanamh spraoi ar an trá a bhí cúpla céad slat uaim, síos an bóithrín cam, agus thosaigh mé ag déanamh iontais cén fáth ar fhág m’athair áit mar seo.
cam crooked
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
lofa crooked
" Meastar gur ghnóthaigh siad idir £850,000 agus £2m ó chuaigh siad i mbun an ghnó lofa seo faoi choim.
i gcrannchur lofa in a crooked lottery
" Chaill sise £10,000 i gcamscéim nó i gcrannchur lofa den tsórt a ndearna mé cur síos air ag tús an ailt.
faoin chamscéim seo? about this crooked scheme?
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
cam crooked
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
cam crooked
" Níos déanaí, chuir Wohlstetter an tIarácach cam in aithne do bheirt dalta coimirce dá chuid, Richard Perle agus Paul Wolfowitz.
claontachtaí crooked ways
" Agus í ag caint faoi na habominations céanna, dúirt sí go raibh a cuid claontachtaí bunaithe ar an mhéid a leag Dia síos mar dhlí sa Bhíobla Naofa, go háirithe i Leabhair Exodus agus Leviticus, áit a ndeir sé “Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.
éillitheacha crooked, corrupt
" Tá póilíní agus dlíodóirí éillitheacha ina pá agus fána dúmhál.
claonta crooked
" Nuair a dhúnmharaíonn póilíní claonta mac léi, is gaire dá croí an díoltas ná an deor.
cama crooked
" Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill.
comhghuaillithe claon eite na fíordheise crooked allies of the extreme rightwing
" Níorbh iad, ach comhghuaillithe claon eite na fíordheise - fantasóirí an Ghalair Mhóir Mheirceánaigh (féach Susan Faludi, ‘*The Terror Dream – what 9/11 revealed about America*’, 2007).
bhí cam were crooked
" Na géaga a bhí cam mar nár fhás siad san ionad sin ar feadh na mblianta roimhe sin, tá siad tar éis iad féin a dhíriú suas i dtreo na gréine.