Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caimiléirí crooks
ar sliú askew, crooked
" "Tá gach uile cheann ach ar sliú.
ar a bhealach bacánach bachallach abhaile on his limp crooked way home
" Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: "Bhí an tErectus sin ina cockup!" Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.
spuaic cham crooked spire
" Tá cuma aisteach ar shéipéal Gonéry, mar tá spuaic cham air.
caimiléara crook
" Réamonn Rua Ribeach a bhí ann, caimiléara, crochadóir, scéiméara, druincéara agus gadaí carrannaí.
cama crooked
" Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.
cam crooked
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
Caimiléir crook
" Gach cineál Caimiléireachta ======= Bhí gach cinéal Caimiléireachta ag tarlú sna coláistí ar fud na tíre - fabhar fola agus fabhraíocht, mar shampla.
cam crooked
" Bhí mé in ann gasúir na háite, mo chol ceathracha ina measc, a chloisteáil ag déanamh spraoi ar an trá a bhí cúpla céad slat uaim, síos an bóithrín cam, agus thosaigh mé ag déanamh iontais cén fáth ar fhág m’athair áit mar seo.
beirt bhithiúnach two crooks
" Faoi Phríosún Gartree a bhí an príomhscéal; thuirling héileacaptar i gclós an phríosúin agus chuidigh le beirt bhithiúnach ó Londain na cosa a thabhairt leo.
cam crooked
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, meeting rogues and crooks,
" Chaith Balor an Bleachtaire trí mhí dá shaol ar a chamchuairt fud fad na tíre, ag bualadh le bligeaird agus le bithiúnaigh, ag casadh ar chladhairí agus ar chneámhairí, ag raimleáil agus ag bacaíl a bhealaigh ó thábhairne go hósta.
lofa crooked
" Meastar gur ghnóthaigh siad idir £850,000 agus £2m ó chuaigh siad i mbun an ghnó lofa seo faoi choim.
i gcrannchur lofa in a crooked lottery
" Chaill sise £10,000 i gcamscéim nó i gcrannchur lofa den tsórt a ndearna mé cur síos air ag tús an ailt.
faoin chamscéim seo? about this crooked scheme?
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
an chaimiléara seo of this crook
" Cibé ar bith, is mar gheall ar thionchar an chaimiléara seo gur thacaigh go leor Críostaithe leis an ionradh ar an Iaráic agus go bhfuil siad anois i bhfabhar ionsaithe ar an Iaráin.
ar ais nó ar éigean by hook or by crook
" Is fearr gníomh ná caint is cár Rud eile atá foghlamtha agam anseo is ea gur cheart an tsoiniciúlacht a sheachaint ar ais nó ar éigean, go háirithe nuair a bhaineann sé leis an pholaitíocht.
cam crooked
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
cneámhairí crooks
" Beidh na cneámhairí a tháinig isteach sa pháirtí faoi Ahern imithe agus seans maith go n-aimseoidh Fianna Fáil idéalachas nua ar chlé, le gnáthmhuintir na hÉireann a mhealladh chun muinín a chur iontu arís.
cam crooked
" Níos déanaí, chuir Wohlstetter an tIarácach cam in aithne do bheirt dalta coimirce dá chuid, Richard Perle agus Paul Wolfowitz.
claontachtaí crooked ways
" Agus í ag caint faoi na habominations céanna, dúirt sí go raibh a cuid claontachtaí bunaithe ar an mhéid a leag Dia síos mar dhlí sa Bhíobla Naofa, go háirithe i Leabhair Exodus agus Leviticus, áit a ndeir sé “Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.
éillitheacha crooked, corrupt
" Tá póilíní agus dlíodóirí éillitheacha ina pá agus fána dúmhál.
claonta crooked
" Nuair a dhúnmharaíonn póilíní claonta mac léi, is gaire dá croí an díoltas ná an deor.
cama crooked
" Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill.
dá ndeoin nó dá n-ainneoin by hook or by crook
" Muna dtiocfaidh siad ar ais, a deir sé, cuirfidh sé iachall ar sheirbhís póilíneachta an stáit breith orthu agus iad a tharraingt ar ais dá ndeoin nó dá n-ainneoin.
comhghuaillithe claon eite na fíordheise crooked allies of the extreme rightwing
" Níorbh iad, ach comhghuaillithe claon eite na fíordheise - fantasóirí an Ghalair Mhóir Mheirceánaigh (féach Susan Faludi, ‘*The Terror Dream – what 9/11 revealed about America*’, 2007).
Crúcaí agus ursain ollmhóra darach ‘crooks’ and large oak doors
" Crúcaí agus ursain ollmhóra darach, trí cinn os cionn a chéile, agus doirse gloine eatarthu ocht dtroithe ar airde.
bhí cam were crooked
" Na géaga a bhí cam mar nár fhás siad san ionad sin ar feadh na mblianta roimhe sin, tá siad tar éis iad féin a dhíriú suas i dtreo na gréine.
ar ais nó ar éigean by hook or by crook
" Ghlac roinnt d’iascairí an taoibh sin, an tSomáil, de fhreagaireacht orthu féin, easurraim an iarthair a agairt ar loingeas an iarthair, ar ais nó ar éigean.