D’éirigh leis an bhfeachtas sin mar go raibh de hÍde agus Mac Néill straitéiseach agus seiftiúl agus bhí cumhacht an phobail tiomsaithe ag Conradh na Gaeilge, rud a léiríodh nuair d’éirigh leis an gConradh suas le 100,000 duine a thabhairt amach ar shráideanna na hardchathrach Dé Domhnaigh, 19 Meán Fómhair 1909.