Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caimiléirí dishonest/corrupt people
" Cé a shamhlódh é, caimiléirí ag inseacht bréag! *Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney.
cam corrupt
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
chaimiléirí corrupt people
" Dúradh fosta gur bhréagadóirí agus chaimiléirí ab ea beirt acu - an Bleachtaire Noel McMahon agus an Ceannfort Kevin Lennon.
cleachtais éillitheacha corrupt practices
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
chaimiléirí corrupt people
" Dúradh fosta gur bhréagadóirí agus chaimiléirí ab ea beirt acu - an Bleachtaire Noel McMahon agus an Ceannfort Kevin Lennon.
cleachtais éillitheacha corrupt practices
" Cinnte, bhain siad usáid as cleachtais éillitheacha ach is furasta bheith ceartchreidmheach nuair nach mbíonn tú i ngleic le sceimhlitheoirí.
na cleachtais chama the corrupt practices
" Bíodh sé de mhisneach acu fosta deireadh a chur leis an phuball úd ag Rásaí na Gaillimhe agus leis na cleachtais chama a tharlaíonn ann.
chleachtais chama in oifigí arda corrupt practices in high office
" Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda.
ar dheachtóir thar a bheith éilitheach é who was a very corrupt dictator
" Bhí Mobuto Sese Seko – ar dheachtóir thar a bheith éilitheach é a bhí i gcumhacht sa tSáír idir 1965 agus 1993 – ina bhall, cuir i gcás.
corbtha corrupt
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
éillitheacha crooked, corrupt
" Tá póilíní agus dlíodóirí éillitheacha ina pá agus fána dúmhál.
leagan truaillithe corrupt form
" **Logainmneacha i nGaeilge:** Ar fud na tíre go spreagfaí daoine agus eagraíochtaí leis an leagan Gaeilge de logainmneacha Gaelacha (Cinn Mhara in áit Kinvara, mar shampla) a úsáid seachas an leagan truaillithe i mBéarla.
chomh truaillithe so corrupted
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha expelled by an Übermenschen and corrupt judges
" Maíonn daoine áirithe go raibh na daoránaigh ina n-íobartaigh, a díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha, agus go raibh an t-ádh dearg ar na cimí gur cuireadh chuig tír ní b’fhearr iad ina raibh saol ní ba rathúla acu.
truaillithe corrupted
" ” Agus an saibhreas seo Gaeilge thart uirthi, an t-eolas ata aici ar an tSean-Ghaeilge, idir theanga agus litríocht - an gcuireann sé éadóchas uirthi nuair chluineann sí Gaeilge an lae inniu agus í chomh truaillithe is atá sí (má chreideann sí go bhfuil sí truaillithe)? “Sin ceist chonspóideach!” a fhreagraíonn sí ag gáire.