Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuaimniú ceart correction pronunciation
" Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.
ceartúchán corrections
" Bhí caife ann roimhe, caife darbh ainm Apostasy ar ghnách liom mo chuid ceartúchán ar altanna do *Foinse *agus *Comhar *a dhéanamh ann.
corrcheartúchán the odd correction
" Deir campa amháin nach bhfuil le déanamh ach corrcheartúchán anseo is ansiúd, agus deir an taobh eile - Éire ina measc - gur comhlacht flaitheasach an chomhdháil idir-rialtasach agus nach mbeadh sé "bunreachtúil" gan gach ceist agus gach gné de gach ceist a oscailt don athphlé.
ceartúcháin corrections
" Is féidir leat súil a chaitheamh ar na ceartúcháin ansin agus cuideoidh sé seo leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.
ceartúchán correction
" An lá dár gcionn, bhí ceartúchán sa pháipéar a dúirt “while it (An Bord Póilíneachta) is briefed by the head of MI5 in Northern Ireland, it has no power to hold MI5 to account.
feachtas ceartaithe correction campaign
" * Leanfaidh an feachtas ceartaithe seo ar feadh cúig bliana eile.
ceartaithe correction
" Dhearbhaigh uachtarán Ollscoil Lyon 2, Olivier Christin, nach fiú duine a chur faoi scrúdú ar ábhar nár cuimsíodh i rith na bliana acadúla agus gur tugadh comhairle do lucht ceartaithe na bpáipéar scrúdaithe gan a bheith róghéar ar na mic léinn.
féincheartúcháin self-correction (process)
" Chuige sin, ní córas comhairleacháin a theastaíonn ach córas faire agus ceartúcháin, tharla nach bhfuil córas féincheartúcháin ag feidhmiú, i measc na n-ógchraoltóirí Galltachta go háirithe.
scoileanna ceartúcháin centres of correction
" Bhí baint aige le coiriúlacht ar feadh i bhfad agus cuireadh go scoileanna ceartúcháin agus chun carcrach é as eachtraí gadaíochta.
ag ceartú mo chuid ceartúchán correcting my corrections
" Beidh sé ag ceartú mo chuid ceartúchán gan stad agus cuirfidh sé sin isteach go mór orm.
scoileanna ceartúcháin schools of correction
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
recte Umhal correction, humble
" Siar go hUmhaill, recte Umhal Uí Mháille ============= As go brách le Balor, mar sin, siar an bóthar go Contae Mhaigh Eo, áit a raibh an Taoiseach ag caitheamh roinnt ama sa bhaile, chun cuairt a thabhairt ar a sheanchara agus chun uchtach agus misneach a thabhairt dó.
ceartúcháin ollmhóra choscracha massive distressing corrections
" Bhí an geilleagar chomh fada as a riocht ag tús na géarchéime agus go raibh ar an rialtas dheireanach ceartúcháin ollmhóra choscracha a chur i bhfeidhm in achar an-ghearr.
ceartúcháin corrections
" Bíonn siad ag caint ar bhealaí le daoine a chur ag scríobh na Gaeilge nó tacú leo: bhí sé seo déanta lena aghaidh mar bhí ceartúcháin ann, bhí aistriúcháin ann, bhí tacaíocht ann, agus d’oibrigh sé thar cionn.
an ceartúchán ar chaiteachas the correction of expenditure
" Ba chuma cé a bhí i gcumhacht, a fhad is a bhí an ceartúchán ar chaiteachas agus ar cháin ar siúl, bhí daoine chun buille a thabhairt dóibh ar lá an toghcháin.