cur ina luí ar dhaoine
convince people
"
Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? "Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus
cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon.
cur ina luí ar an aos óg
convince the young people
Más féidir linn
cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
a chur ina luí ar dhaoine
to convince people
Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh
a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
cur ina luí ar na baill eile
to convince the other members
Tá sí mar Threoraí Gaeilge leis an chraobh sin agus tá ag éirí léi
cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
a chur ina luí ar an bpobal
to convince the public
Léiríonn na pobalmheasanna nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas
a chur ina luí ar an bpobal gur chóir don Astráil a bheith páirteach in aon chogadh san Iaráic.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh
to convince the judge of this
Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
cur ina luí orthu
to convince them
Mar a dúirt duine amháin liom, téann sé i bhfeidhm ar dhaoine agus éiríonn leis
cur ina luí orthu go bhfuil sé den tuairim go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.
ag cur ina luí ar dhaoine
convincing people
Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí
ag cur ina luí ar dhaoine canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.
thig libh a chur ina luí oraibh féin
you can convince yourselves
Ar an dóigh sin
thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair go gcuireann an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léann é.
cur ina luí ar dhéagóirí
to convince teenagers
Is feachtas idirnáisiúnta é seo, a tosaíodh i 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir aige
cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn coláiste gan gnéas a bheith acu go bpósann siad.
ó chuir muid ina luí orainn féin
since we convinced ourselves
Tá dabht orm nach bhfuil, ach cionn is nach nós linn leas ar bith a bhaint as an aidiacht sin agus sinn ag caint nó ag meabhrú ar ghnáthréaltacht ár saoil laethúil, is fada
ó chuir muid ina luí orainn féin nach dtéann an dá fhocal, "réaltacht" agus "fíorúil", nach dtéann siad le chéile taobh amuigh de dhomhan nuaghinte nuafhaiseanta na ríomhaireachta.
cur ina luí ar a lucht leanúna
to convince their supporters
Polaitíocht seachas foréigean
=======
Triail atá ar bun ag Sinn Féin sa mhéid is go bhfuil siad ag iarraidh
cur ina luí ar a lucht leanúna go dtig le poblachtánaigh a n-aidhmeanna a bhaint amach fríd an pholaitíocht, ach caithfidh achan chuid de na míreanna mearaí a bheith ar an tábla le gur féidir sin a chur i gcrích.
cur ina luí ar thoscaireacht an DUP
to convince the DUP delegation
An mbeidh Ahern agus a aire úr Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ábalta
cur ina luí ar thoscaireacht an DUP go bhfuil siad sásta gach cuidiú a thabhairt dóibh, ach ag an am chéanna, bheith daingean go gcaithfidh "ailtireacht" Chomhaontú Aoine an Chéasta fanacht?
Ar an chlár "Hearts and Minds" ar an BBC, dúirt Gregory Campbell go mbeadh difríochtaí móra idir Comhaontú 1998 agus Comhaontú 2005.
ar gá cur ina luí uirthi
who needs to be convinced
Ní duine mé
ar gá cur ina luí uirthi go bhfuil Albain álainn mar thír, ach luaigh mé le hIan, mo chomhghleacaí ó Chomhairle nan Leabhraichean, agus muid ag déanamh ár mbealach suas go dtí an t-Eilean Sgitheanach, nach bhfaca mé an Ghaidhealtachd chomh hálainn seo riamh.
theip air é a chur ina luí ar mhórán
he failed to convince many people
Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla,
theip air é a chur ina luí ar mhórán.
cur ina luí ar dhaoine
convince people
Má tá aerfort agat, tá tú sáinnithe san áit a bhfuil tú; caithfidh tú a mhór a dhéanamh den áit sin agus
cur ina luí ar dhaoine teacht chugat.
cur ina luí ar an teaghlach
to convince the family
Ach éiríonn leis an Athair Seán as Éirinn (guth an aisteora Éireannaigh Liam Neeson, réalta mór de chuid Hollywood)
cur ina luí ar an teaghlach gurb é an bealach Caitliceach an ceann ceart.
cur ina luí ar
convince
Caithfidh siad
cur ina luí ar a lucht tacaíochta agus ar a mbaill “gurbh fhiú an braon fola”, go bhfuil siad ar thairseach a gceann scríbe.
le cur ina luí orainn
to convince us
Caithfidh na comhlachtaí nua Gaeilge a thuiscint nach bhfuil go leor déanta acu go dtí seo
le cur ina luí orainn gur féidir leo rudaí mórthaibhseacha a dhéanamh.
cur ina luí uirthi
to convince her
”
Nuair a chuir Killoran in iúl do roinnt dá cairde an bhliain seo caite go raibh sí ag brath cur isteach ar an bpost seo le CSTTÉ, rinne siad iarracht
cur ina luí uirthi athmhachnamh a dhéanamh.
cur ina luí ar
to convince
Mar, má dhéanann, ní bheidh glúin eile Éireannach i bhfad ag teacht ar ghunnaí nua agus tógfaidh sé i bhfad níos faide ná 30 bliain
cur ina luí ar an IRA Nua na gunnaí sin a dhíchoimisiúnú.
cur ina luí ar
to convince
I dtosach rinne na Gardaí iarracht
cur ina luí ar an bhfiosrúchán gur saolaíodh beirt leanaí do Joanne ag an am céanna, ach go raibh beirt fhear dhifriúla i gceist.
a chur ina luí orainn
to convince us
Ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as a phost, cé go ndearna sé tréaniarracht
a chur ina luí orainn nárbh amhlaidh a bhí.
a chur ina luí ar an phobal
to convince the public
San am b’fhurasta don Pháirtí Liobrálach
a chur ina luí ar an phobal gur cheart dóibh scanradh a bheith orthu roimh pholasaithe an Pháirtí Choimeádaigh ach gurbh fhéidir leis an phobal brath ar na Liobrálaigh chun cosaint a dhéanamh ar bhunluachanna ar nós an chórais sláinte phoiblí.
suite de
convinced
Agus ní gá trácht a dhéanamh ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, atá ag forbairt arm chomh tapaidh agus is féidir, iad
suite de go bhfuilid sa chéad áit eile ar liosta spriocanna Mheiriceá.
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta
to convince the players and the supporters
Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair
a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála.
cur ina luí ar dhaoine
to convince people
Bíonn Natasha ag iarraidh
cur ina luí ar dhaoine “nach gá fanacht sa bpost céanna, gur féidir athruithe a bhaint amach.
cur ina luí ar na baill eile
to convince that other members
Is ball an-ghníomhach í de le Chraobh Cooley Keegan de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i San Francisco le tamall de bhlianta agus, mar Threoraí Gaeilge na craoibhe sin (agus Chraobh West Region), tá sé mar sprioc aici
cur ina luí ar na baill eile go bhfuil tábhacht ag baint leis an teanga.
a chur in luí ar mhuintir na háite
to convince the locals
Ba dheacair
a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
cur ina luí air
to convince him
Tháinig idir fhearg agus bhrón orm, ach b’fhánach an rud agam é féachaint le
cur ina luí air go raibh dul amú air.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas,
to convince Iarnród Éireann and the government of this,
Ach go dtí gur féidir leo
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
cur ina luí ar an reachtas
to convince the legislature
“Bhí muid ábalta, mar sin, faoi 1971 nó 1972
cur ina luí ar an reachtas tacaíocht a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha agus an Native Language Center a bhunú mar chuid den tacaíocht sin.
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA
trying to convince the members of the IRA
An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
cur ina luí ar
to convince
Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo
cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an *status quo* a choimeád.
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste
to convince the taxi drivers of Belfast
I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige
le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe
that we can convince the funders
“Measaim go bhfuil muid ag an chéim sin leis an chomhlacht teilifíse go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach
go dtig linn a chur in luí ar an lucht maoinithe (An Ciste Craoltóireachta Gaeilge) go dtig linn an obair seo a dhéanamh in ainneoin mise bheith tinn.
ag cur ina luí orainn
convincing us
Cuireadh stop le chuile rud nuair a thángamar isteach, agus chaith an t-úinéir beagnach leathuair ag cur fáilte romhainn, ag moladh áiteanna le hithe iontu, agus
ag cur ina luí orainn fanacht thar oíche ina óstán féin.
chuir mé ina luí orthu
I convinced them
I Sasana, bhí siad rud beag buartha go raibh sé i nGaeilge, ach
chuir mé ina luí orthu go rangófaí an scannán mar scannán eachtrannach.
le cur ina luí ar dhaoine
to convince people
Cuireadh feachtas ar bun
le cur ina luí ar dhaoine sna coilíneachtaí éagsúla gur ghá dóibh teacht le chéile chun náisiún cónaidhme neamhspleách a bhunú.
áitiú ar Londain
(to) convince London
D’éirigh le Redmond
a
áitiú ar Londain Acht an Aontais a aisghairm gan úsáid a bhaint as dúnmharú.
Chuir sé ina luí ar a mhac
he convinced his son
Chuir sé ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath.
gur féidir linn cur ina luí orainn féin
that we can convince ourselves
Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann
gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.
cur in luí ar shaineolaithe
convince experts
D'éirigh le George
cur in luí ar shaineolaithe na hollscoile gur tharrtháil sé an píosa ón abhainn in aice le Preston, ag maíomh gurbh é sin ba chúis le hé a bheith fliuch.
a chur ina luí orainn
to convince us
Titeann sé ar an rialtas agus ar na páirtithe atá ar son an chonartha, mar sin,
a chur ina luí orainn gurbh fhiú vótáil ar a shon.
cur ina luí orthu
to convince them
Samhlaigh chomh deacair is atá sé
cur ina luí orthu clár a choimhéad i nGaeilge!
Ar ais chuig an Ghaeilge.
cuireadh ina luí orainn
we were convinced
Ag na cruinnithe leis na scairshealbhóirí a bhí againn an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste,
cuireadh ina luí orainn go bhfuil gréasán carad ag *Lá Nua* ar chóir tairbhe níos mó a bhaint as.
ag cur ina luí ar imreoirí
convincing players
Bítear
ag cur ina luí ar imreoirí a
thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
cur ina luí ar an gCoiste
to convince the committee
An raibh sé iontach deacair
cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin?
“Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
cur ina luí ar dhaoine
to convince people
Theip orthu cur síos simplí a dhéanamh ar na príomhleasuithe a bhí molta ann agus theip orthu
cur ina luí ar dhaoine go raibh na leasuithe seo ag teastáil go géar le go gcuirfí ar chumas an AE dul i ngleic le fadhbanna móra na haoise seo.
cur ina luí ar
to convince
Dar leis, d'éirigh le hUachtarán na Fraince, Nicolas Sarkozy, atá ina Uachtarán ar an Aontas, brú a chur ar na Rúisigh tarraingt siar, agus d'éirigh leis fosta
cur ina luí ar bhaill an AE go raibh sé ríthábhachtach labhairt d'aon ghuth faoin ghéarchéim airgeadais.
Thug sé le fios
he convinced
Thug sé le fios gur chreid sé féin, an méid a dúirt sé.
a chuir ina luí ar
who convinced
Macalla ansin d’Aunt Edna agus do mhuintir Griswold sa scannán National Lampoon’s Vacation!
Jean-Claude Romand
Ach is scéal níos casta fós é cás Jean-Claude Romand
a chuir ina luí ar a bhean chéile agus ar a chomhluadar gur dhochtúir é a bhí ag obair don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte sa Ghinéiv.
Chuir sé ina luí ar
he convinced
Chuir sé ina luí ar dhaoine cén cuidiú a bheadh de dhíth ón phobal féin agus cé hiad na spriocanna a bheadh i gceist chun feabhas a chur ar an gheilleagar.
a chur ina luí
ar to convince
Cén dochar, ní bheidh maolú aon phioc ar an dúshlán a bheas roimh an Aire: ’s é sin
a chur ina luí ar phobal amhrasach le linn cúlú mór eacnamaíochta gur fiú airgead agus dua a chaitheamh ar an Ghaeilge.
chur ina luí
ar to convince
Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a
chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
ag iarraidh a chur ina luí
ar trying to convince
Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol,
ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha.
Caithfear cur ina luí
shall have to be convinced
Cad é le déanamh?
Caithfear cur ina luí ar mhuintir na tíre ar fad gur thit na huafáis seo amach mar a tuairiscíodh.
chur ina luí
to convince
Mar sin féin, agus geimhreadh na bliana seo ag druidim linn, beidh na meáin ag iarraidh a
chur ina luí orainn gurb é ulpóg na muc an bhagairt is mó don chine daonna ó bhí an phlá ann.
chur ina luí
convince
Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a
chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
Cur ina luí ar
to convince
Mar a dúirt Oideas Gael ag an am: "Táthar ag súil go n-éireoidh leis an tionscadal:
Cur ina luí ar lucht oiliúna go bhfuil achmainní luachmhara dúchasacha ag an réigiún, idir scileanna traidisiúnta agus ábhair;Taispeáint gur féidir fiontar inbhuanaithe a chruthú sa phobal trí na scileanna a fhoghlaimeofar a úsáid le freastal ar riachtanais chomhshaoil, ealaíonta agus tógáil baile an réigiúin;Cuidiú le caomhnú an chomhshaoil thraidisiúnta agus le coinneáil na sainfhéiniúlachta cultúrtha, rud a chuirfidh go mór le fás na turasóireachta cultúrtha sa Ghaeltacht;Eiseamláir a chur ar fáil a mbeidh pobail eile ábalta scrúdú a dhéanamh uirthi agus úsáid a bhaint aistí mar acmhainn phraicticiúil chun tionscadal forbartha tuaithe eile a chur i bhfeidhm .
chur ina luí orainn
to convince us
Céard atá na daoine idir sinn agus na firicí ag iarraidh a
chur ina luí orainn faoi láthair? Tá siad ag rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus go bhfuil airm eithneacha na hIaráine, nach ann dóibh, ina bhagairt mhór ar an domhan trí chéile.
chur ina luí ar
to convince, convincing
D’éirigh leis a
chur ina luí ar údaráis scoile gur féidir bia atá folláin agus blasta agus atá réasúnta saor chomh maith a chur ar fáil do phobal na scoile seachas an bia próiseáilte domhainfhríochta a raibh taithí acu air.
chur ina luí ar
convinced
D’éirigh le Fianna Fáil a
chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile.
áititheach
convincing
Tar éis dhá bhliain i mbun “dialóige diagaí” leis an tsíc
áititheach, d’iompaigh Cohen thar oíche ó bheith ina thacadóir do Shas – páirtí chiníoch na nGiúdach Ceartchreidmheach Oirthearach – le bheith ina thacadóir ag Hamas agus al-Qaeda.
chur ina luí ar
to convince
Trí lá agus trí oíche a thóg sé ar Bhalor a
chur ina luí ar ghardaí an Ardeaspaig nach raibh sé ina spiaire do na heaspaig, nó ina shagart i mbréagriocht.
ag cur ina luí
convincing
Bhain O Kelly a cáilíochtaí amach ón Guildhall School of Music and Drama in 2007 agus cruthaíonn sí í féin go sonrach nuair a théann sí as a cranna cumhachta ar fad le Seán, í
ag cur ina luí air go bhfuil sé ‘ag dul suas ar chuile striapach sa bhaile’ agus anois á dtabhairt abhaile leis.
cur ina luí ar
to convince
”
Ach an chloch is mó ar a phaidrín ná Obama agus an iarracht (thar a bheith lag) a rinne sé
cur ina luí ar Netanyahu deireadh a chur le tógail áitrimh nua ar thailte gafa.
cur ina luí ar
to convince
Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh
cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
ina luí ar
convince
An gceapann Obama agus Clinton go gcuirfidh an bhreab seo
ina luí ar Netanyahu deireadh a chur leis an bhforghabháil agus glacadh le stát Pailistíneach inmharthana? Nach bhfaca siad an fhístéip a nochtadh ar theilifís Iosraelach i mí Iúil i mbliana? I ngan fhios do Netanyahu, rinneadh físeán den chomhrá a bhí aige le háitritheoirí Giúdacha ar an mBruach Thiar i 2001.
cinnte dearfa
convinced
Ach bíodh gach duine
cinnte dearfa gurb é an t-alt a bhaineann leis an teanga Ghaeilge an t-aon alt amháin nach gcuirfear ina aghaidh.
chuir ar shúile
convinced
Ach faoi stiúr Lula thosaigh na ceardchumainn ag éileamh chearta an phobail, agus ag tús na n-ochtóidí thosaigh sraith stailceanna ollmhóra a
chuir ar shúile na nginearál go raibh a ré caite.
a chur ina luí ar
to convince
Rinne Rúnaí Stáit George Marshall agus Rúnaí Cosanta James Forrestal a seacht ndícheall
a chur ina luí ar Uachtarán Harry Truman gan tacaíocht a thabhairt do na Síónaigh.
chur ina luí oraibh féin
convince yourselves
Ar an dóigh sin thig libh a
chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó chuirfeadh an t-alt sin duine ar bith ar bith trína chéile.
cur ina luí orthu
convince them
Aon iarrthóir Dála a chasfar orainn le linn an fheachtais, nó aon teachta a gcasfaimid air nó uirthi i ndiaidh an olltoghcháin, ba chóir dúinn
cur ina luí orthu go bhfuilimid ag súil le leasuithe agus nach seasfaimid leis an tseanréim a d’fhág ar an trá fholamh sinn.
cur ina luí ar dhaoine
to convince people
“Ba mhaith liom
cur ina luí ar dhaoine nach bhfuil cáilíocht dá laghad ach ag buachaill amháin as gach deichniúr a fhágann an scoil i gcríocha aontachtacha den aicme oibre.
ag cur ina luí ar an stiúrthóir
convincing the director
Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é
ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
den bharúil láidir
convinced
Agus ós ag caint dúinn ar chluichí, tá Balor
den bharúil láidir go mba chóir go mbeadh a fhios ag daoine roimh an olltoghchán cén cluichí a imríonn polaiteoirí na hÉireann.
chuir ina luí ar
convinced
Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a
chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.
chur ina luí orthu
to convince them
Chuaigh na mílte saorálaithe i mbun oibre ar fud na tíre, iad eagraithe tríd an idirlíon, agus sheol céad míle duine litreacha chuig a bhfeisirí, chun a míshásamh
chur ina luí orthu.
cur ina luí ar
to convince
Bheadh ort, ar ndóigh,
cur ina luí ar mhuintir ghnó chathair na Gaillimhe céard é an fiúntas ó thaobh uimhreacha de.
cur ina luí ar na margaí
to convince the markets
Bhainfeadh sé bonn ó na hiarrachtaí atá déanta go dtí seo
cur ina luí ar na margaí go seasfaidh tíortha na hEorpa an fód ar son an €uro.
ach a chur ina luí ar
just convince
Ní raibh le déanamh aige anseo
ach a chur ina luí ar mhuintir shomheallta na hÉireann go raibh ár n-earrach féin fós le teacht.
ag cur ina luí ar
convincing
Ach nach aisteach an rud é gurb iad leithéidí Bloomberg agus Schumer atá ag iarraidh Meiriceánaigh a scaradh lena gcuid gunnaí, na daoine céanna a bhíonn de shíor
ag cur ina luí ar mhuintir Mheiriceá go gcaithfidh siad airm ar fiú na billiúin iad a thabhairt do na hIosraeligh bliain i ndiaidh bliana len iad féin “a chosaint”— ag marú na mílte sibhialtach sa Phailistín agus sa Liobáin.
chur ina luí orainn
to convince us
Leanann an fear air ag iarraidh a
chur ina luí orainn go bhfuil an Ghaeilge marbh agus nach bhfuil in ann do chainteoirí Ghaeilge anois ach í a úsáid “go mortasach in amharclann poiblí.
le cur ina luí ar
to convince
Lúbadh béal, drad, is an iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas
le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
chuir ina luí ar
convinced
Ba é Bernard-Henri Lévy, an “fealsúnaí” Francach, a
chuir ina luí ar Nicolas Sarkozy an CIN a aithint mar ionadaí dlisteanach phobal na Libia ar an 10 Márta i ndiaidh dó casadh leo in Benghazi.
chuirfeadh ar do shúile duit
would convince you
Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil *The Grateful Dead* freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a
chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an *rock-and-roller* aige.
chur ina luí ar
to convince
Dá mbeadh smaoineamh maith ag Angela Merkel féin, bheadh uirthi a
chur ina luí ar an Chomhairle Eorpach, ar Choimisiúin na hEorpa, agus ar Bhanc Ceannais na hEorpa, gan a bheith ag caint ar Pharlaimint na hEorpa (nach bhfuil chomh cumhachtach is atá na forais eile).
a chur ina luí ar
to convince
”*
Cé nár ghníomhaigh Netanyahu de bhun a gcuid moltaí ag an am, d’éirigh le Perle agus le beirt údar eile, Douglas Feith agus David Wurmser,
a chur ina luí ar Uachtarán George W.
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae
the county committee officials saw enough to convince them
Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin,
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.
cur ina luí ar mhuintir
to convince the people
Ba bheag aontachtach a bhí in iarthar Dhún na nGall nó i ndeisceart Mhuineacháin ach ba bheag trioblóid a bheadh ag leithéid Sir James Craig
cur ina luí ar mhuintir na dtrí chontae "caillte" gur cheart dóibh titim ar an chlaíomh.
siúd a áitíonn orainn ad nauseum
those who try continually to convince us
Tá breall orthu
siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againn ná an deacracht geilleagair.
le cur ina luí ar an lucht vótála
to convince the voters
Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra
le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
cur ina luí ar dhaoine
to convince people
" Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí
cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó.
a chur siar ar an bpobal
to convince the people
taobh amháin den argóint a mhíniú is
a chur siar ar an bpobal.
ag iarraidh cur in luí orthu
trying to convince them
”
Deir Linda go mbaineann na hagóidí leis an bhagairt a mhothaíonn dílseoirí dá mBriotanachas ach go bhfuil sise
ag iarraidh cur in luí orthu nach aon bhagairt í an Ghaeilge dóibh agus go bhfuil tairbhe féin le baint as an teanga acu.
chur ina luí ar an phobal
to convince the people
Cliseann orthu croí na bhfadhbanna a aithint agus a
chur ina luí ar an phobal, agus cliseann orthu smaointe leanúnacha inchreidte a nochtadh ina dtaobh.
cur ina luí ar lucht na Gaeilge
to convince Irish speakers
Go n-éireoidh linn
cur ina luí ar lucht na Gaeilge an dochar mór atá á dhéanamh don theanga trí úsáid an Bhéarlachais.
chur ina luí ar
to convince
Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a
chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann.
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar
if the government doesn’t convince
Agus Corn an Domhain 2014?
=============
Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.