Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú that the defendants be convicted
" Cad é a tharlóidh, áfach, nuair a thabharfar saoránach Meiriceánach, bíodh sé ina Arabach nó nach bíodh, chun trialach agus an sceimhlitheoireacht curtha ina leith? An dtabharfar cead dó abhcóide a bheith aige? An ndéanfar é a thriail go poiblí? Ní bhíonn trialacha rúnda i gceist ach amháin nuair a bhíonn na daoine atá i gcumhacht ag iarraidh go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú go cinnte.
a chiontófaí who would be convicted
" Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine a chiontófaí.
dhaoránaigh convicts
" Meastar go raibh an t-ainm Síle coitianta i measc na mban a tháinig anseo mar dhaoránaigh ó Éirinn.
ciontaíodh as caimiléireacht convicted of corruption
" Tá daoine ann a chreideann go bhfuil ceangal láidir aige leis an *mafia*, agus is cinnte nár chabhraigh sé le Berlusconi go bhfuair sé an-chabhair i gcónaí ó Bettino Craxi, an t-iar phríomhaire sóisialach (1983-'87) a ciontaíodh as caimiléireacht.
Níor cúisíodh duine ar bith no-one has been convicted
" Níor cúisíodh duine ar bith as an choir seo go dtí seo, cé go bhfuil amhras go fóill faoi mháthair an tachráin, Maria Franzoni.
a ciontaíodh who was convicted
" Athrú ráitis phearsanta ======= Colm Murphy an t-aon duine a ciontaíodh go dtí seo as an sléacht a deineadh ar an Ómaigh beagnach ceithre bliana ó shin.
níor ciontaíodh riamh duine ar bith no one was ever convicted
" Cé go bhfuiltear den tuairim gur fuadaíodh agus gur maraíodh cúpla páiste eile a d'imigh ar iarraidh agus nár aimsíodh, níor ciontaíodh riamh duine ar bith sa stát seo as coir den chineál a tharla i Sohom an samhradh seo.
a ciontaíodh who was convicted
" I measc thoscaireacht an UPRG, bhí JohnWhite - fear a ciontaíodh as dúnmharú an tSeanadóra Paddy Wilson agus Irene Andrews - Davy Mahood, agus iar leas-Ardmhéara na cathrach, Frank McCoubrey.
níor cúisíodh aon duine no one was convicted
" Go dtí seo, níor cúisíodh aon duine as marú an Uasail Phelan agus tuigtear do *Beo! *go bhfuil an comhad fós oscailte ag na Gardaí.
na chéad daoránaigh the first convicts
" Téann stair na Gaeilge sa tír seo chomh fada siar leis na chéad daoránaigh a tháinig dá neamhthoil agus a d'fhaigheadh buille d'fhuip dá labhróidís le chéile ina dteanga dhúchais.
a ciontaíodh who were convicted
" Níos mó ná leath acu siúd a ciontaíodh sna trialacha seo, fuarthas neamhchiontach iad nuair a rinneadar athchomharc.
níor cúisíodh riamh é he was never convicted
" Ach, aisteach go leor, níor cúisíodh riamh é.
ciontaithe as convicted of
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
níor ciontaíodh riamh aon duine nobody was ever convicted
" I gcás go leor de na robálacha seo, níor ciontaíodh riamh aon duine.
a ciontaíodh go héagórach who was unjustly convicted
" Éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
a ciontaíodh go héagórach who was unjustly convicted
" Éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh never convicted of a crime
" Anuas air sin, má tá aon fhianaise ar chor ar bith ann go mbíonn lámh ag na heitleáin seo i bhfuadach daoine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh, ba cheart cead a dhiúltú dóibh a gcuid umar a athlíonadh anseo.
a chiontú to convict
" Beidh lá fada ann go mbeidh an deis arís ag aon duine Ceann Stáit a chiontú i gcinedhíothú, i gcoireanna cogaidh, ná i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.
a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth a former convict colony
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
Ciontaíodh an cúigear acu the five of them were convicted
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
na cúisithe the convicted (people)
" Dúirt an Breitheamh Kearns go mbeadh sé “mí-réadúil” na cúisithe agus a lucht cosanta a bheith ag súil nach ndéanfadh nuachtáin agus meáin eile tuairisciú ar thrialacha a bhfuil baint ag an bpobal i gcoitinne leo.
Ón lá a ciontaíodh an bheirt Since the day the two were convicted
" Ón lá a ciontaíodh an bheirt agus a tháinig a scéal míchlúilteach os comhair an phobail, chuaigh scríbhneoirí agus déantóirí scannán in iomaíocht lena chéile leis na cearta foilsithe a cheannach agus scéal na beirte a insint.
as ar ciontaíodh mé. of which I was convicted.
" “Tá daoine ag teacht chugamsa ag iarraidh pictiúir a cheannach uaim agus tá ag éirí liom teacht i dtír ar an choir as ar ciontaíodh mé.
ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew four of the Croxteth Crew were convicted
" An tseachtain a fuair Rhys bás, ciontaíodh ceathrar ón Croxteth Crew as dúnmharú Liam Smith - iarchara dá chuid, Liam Duffy, ina measc.
Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac two pensioners and their son were convicted
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as dallamullóg a chur ar institiúidí móra ealaíne an domhain le beagnach fiche bliain anuas agus iad ag déanamh cóipeanna de phíosaí ealaíne agus de sheandachtaí luachmhara.
a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí who was convicted in 1998 of sexually abusing boys
" Is amhlaidh gur chaith an tAthair Dónal Collins -a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí - cúpla lá i dteach mo thuismitheoirí i Nua-Eabhrac samhradh amháin.
a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla that Smith was convicted of various crimes
" Ba thimpeall an ama seo a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla ar nós iompar mí-ordúil agus feallaireacht.
Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige Park was convicted of conspiracy
" Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige le linn scéime de chuid na Náisiún Aontaithe ar ar tugadh Oil-for-Food a bhí ar siúl san Iaráic.
daoránach convicts
" Bhí go leor Éireannach i measc na ndaoine a tháinig sna longa, timpeall ar 58,000 daoránach san áireamh – caithfear a admháil gur tháinig siadsan in éadan a dtola! Chomh maith leis na daoránaigh, tháinig go leor Éireannach eile chun na hAstráile i luathstair na coilíneachta faoi scéimeanna inimirce éagsúla.
ciontaíodh as brionnú convicted of counterfeiting
" Cuireadh dlús leis an ngluaiseacht sa bhliain 1909 nuair a d’fhoilsigh Preas Ollscoil Oxford an Bíobla Tagartha Scofield le Cyrus Scofield, “an naomh dispeansáideach” a thréig a bhean chéile agus a chlann agus a ciontaíodh as brionnú sular raibh sé “athbheirthe.
Ciontaíodh were convicted
" Ciontaíodh an triúr agus daoradh chun báis iad faoi dheireadh.
chiontaigh é convicted him
" Anois, céad bliain tar éis a bhua stairiúil dornálaíochta, tá sé molta ag Teach na nIonadaithe go dtabharfaí Pardún ón Uachtarán do Jack Johnson toisc go raibh ceannfháth ciníochais ag an gcúirt a chiontaigh é in 1920.
ciontaíodh convicted
" Dar leis an FBI, bhí siad ag iarraidh lorg an airgid a leanúint tríd na heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, ach níor ciontaíodh éinne san oibríocht rúnda sin.
daoránaigh convicts
" Ní raibh ach na húdaráis páirteach sa cheiliúradh ar an chéad dul síos, mar ní raibh mórán le ceiliúradh ag na daoránaigh a tháinig chun na tíre i slabhraí, agus bhí cuid acu fós ina bpríosúnaigh.
Ciontaíodh was convicted
" Ciontaíodh Josef Fritzl an mhí seo caite, innealtóir as Amstetten na hOstaire, in éigniú, ciorrú coil, daoirse, agus i ndúnmharú.
daoradh convicted
" Na Connerys bochta, a daoradh ‘go dtí sna New South Wales’ i lár an naoú haois déag.
Ciontaíodh was convicted
" Ciontaíodh Menachem Atzmon, ar leis ICTS, i 1996 as calaois maidir le feachtas toghchánaíochta agus é ina chisteoir do Likud, páirtí Begin, Shamir, Sharon agus Netanyahu.
Gearradh he was convicted
" Gearradh ocht mí ar an leaba chláir air.
ciontaíodh é he was convicted
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
nár ciontaíodh as was not convicted of
" Níl ar dhuine ach a chruthú go bhfuil sé in ann gunna a láimhseáil agus a chruthú nár ciontaíodh as coir riamh é.
Ba dhaoránach was a convict
" Ba dhaoránach é a athair, a cuireadh chun na hAstráile sa bhliain 1841 as dhá mhuic a ghoid.
ndaoránach convicts
" Bhí Éireannaigh go leor i measc na ndaoránach sa Chéad Loingeas, gan aon agó, agus i measc na 162,000 daoránach a cuireadh chun na hAstráile sa chéad ochtó bliain den choilíneacht.
Daoradh was convicted
" Daoradh pianbhreith seacht mbliana air, ach ní raibh ar Hicks ach naoi mí sa bhreis a chaitheamh i bpríosún.
daoránaigh convicts
" Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil mar áitreabh pionóis agus bhí tionchar bunúsach ag na daoránaigh ar shaíocht na tíre.
Fritheadh ciontach was convicted
"Fritheadh ciontach Tymoshenko, 51, i mí Dheireadh Fómhair seo caite i mí-úsáid a cuid cumhachta san am a raibh sí ina Príomh-Aire de bharr beartas gáis a d’aontaigh sí leis an Rúis i 2009.
nár ciontaíodh were not convicted
" Fáth maith eile leis an téarma “inimircigh neamhdhleathacha” a sheachaint ná nár ciontaíodh an chuid is mó de na daoine seo in aon choir in aon chor.
gabhadh, ciontaíodh agus daoradh were arrested, convicted and sentenced
" Theip ar iarrachtaí maoir sheilge agus tiarnaí talún áitiúla an eachtra ollfhoghla seo a stopadh ach gabhadh, ciontaíodh agus daoradh chun príosúin cúigear den lucht agóide as 'gríosú chun círéibe.
na ndaoránach the convicts
" Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
Ciontaíodh triúr ball three members were convicted
" Ciontaíodh triúr ball den bhanna feimineach punc Rúiseach, Pussy Riot, an mhí seo chaite as a bheith páirteach i ngníomh ‘amhasóireachta’ i bpríomh-ardeaglais Mhoscó.
gearradh pianseirbhís saoil convicted to penal servitude for life
" Glactar leis fosta gur dócha nach raibh aon bhaint ag ceathrar den chúigear eile a gearradh pianseirbhís saoil orthu leis na dúnmharuithe.
saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha a sizeable amount of the Irish convicts had a hard life
" Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
Ciontaíodh ceithre fhear déag fourteen men were convicted
" Ciontaíodh ceithre fhear déag, an Rianach san áireamh, as an gcoir agus daoradh chun báis iad.
iardhaoránach ex-convict
" Bhí an t-ádh dearg ar an Rianach go raibh iardhaoránach darb ainm James Meehan ina stiúrthóir aige mar gur chaith seisean go cothrom leis agus gur chuir sé comhairle a leasa air.
ciontaithe convicted
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Ciontaíodh were convicted
" Ciontaíodh an seisear as comhcheilg áiteanna éagsúla in Sydney, príomhchathair New South Wales (NSW), agus sa cheantar máguaird a bhuamáil agus gearradh cúig bliana déag géibhinn orthu.
a n-oidhreacht daoránagh their convict heritage
" Lygon an tIarla é féin síos =========== Léiríonn ceann de na faux pas is míchlúití i stair na hAstráile an dóigh ar bhreathnaíodh muintir na tíre ar a n-oidhreacht daoránagh san am a chuaigh thart.
gléasta mar dhaoránach dressed as a convict
" Nuair a tháinig siad i dtír, áfach, ní raibh fiú duine amháin acu gléasta mar dhaoránach! Claochlú le Sonrú ====== Ní háibhéil a rá go bhfuil claochlú le sonrú i ndáil leis an dóigh a bhreathnaíonn muintir na hAstráile ar a n-oidhreacht daoránaigh sa lá atá inniu ann.
daoránach ná eile convict or otherwise
" Níl trácht in aon fhoinse, daoránach ná eile, ar aon Brian Byrne, ná d’aon leagan insamhlaithe eile den tsloinne sin.
Chaith sé seal ina dhaoránach he spent a while as a convict
" Chaith sé seal ina dhaoránach ar fheirm Samuel Marsden.
Ciontaíodh as she was convicted of
" Ciontaíodh as smuigleáil drugaí an bhliain dár gcionn í, ámh, agus gearradh pianbhreith fiche bliain uirthi.
ach go háirithe má aimsítear daoránach particularly if a convict is discovered
" Bunaíodh an Astráil mar áitreabh pionóis agus tá muintir na tíre bródúil as an oidhreacht a eascraíonn as an stair sin, ach go háirithe má aimsítear daoránach i measc a sinsear.
beirt dar ciontaíodh as two convicted of
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac two pensioners and their son were convicted
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar (i)cognoscenti(/i) shaol na healaíne.
bean a gciontaíodh a hathair a woman whose father was convicted
" Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal (i)Why Can’t I Speak(/i) scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi.
bean a gciontaíodh a hathair a woman whose father was convicted
" Insíonn leabhar nuafhoilsithe dar teideal (i)Why Can’t I Speak(/i) scéal Barbara Naughton, bean a gciontaíodh a hathair as ionsaithe gnéis a dhéanamh uirthi.
ciontaíodh was convicted
" Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.
spéis i ndaoránach an interest in a convict
" Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.
ar daorbhreith having been convicted
" Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.