Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
Mar sin féin, an mhí seo caite, agus an chaint ar fad ar siúl faoin scannán The Da Vinci Code,tharla dhá eachtra a léiríonn go bhfuil deacracht fós ag an eaglais le daoine a nochtann tuairimí atá contrártha le creideamh na heaglaise.
-
SMM: Mar a chéile, leis an dath gruaige, ar chuidigh sé leat go raibh is go bhfuil d’ainm i nGaeilge agat, nó a mhalairt, ar chonstaic ort d’ainm féin a bheith i nGaeilge agus tú ag saothrú agus lonnaithe anseo i gCúige Laighean mar a bhfuair Normannaigh is Sasanaigh talamh go leor dóibh féin? BNC: Mm, mm.
Ach, cé gur breá é an teas agus an brothall, tá taobh eile leis mar scéal, taobh nach bhfuil taitneamhach ach a mhalairt, agus is é sin go ndúisítear na míoltógaí beaga as a suan agus go dtéann siad le báiní de thoradh an bhrothaill chéanna.
Gníomhaíocht na Roinne P & T
=================
“Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain.
Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.
B'ionann an breithiúnas sin agus a rá nach raibh riachtanas Ghaeilge ag teacht salach ar shaorghluaiseacht oibrithe ó áit go chéile, atá ar cheann de bhunchlocha an Aontas Eorpaigh.
Má mheastar go dtagann aon acht de chuid na stát nó na gcríoch salach ar acht de chuid na parlaiminte náisiúnta, tá an ceart ag an rialtas náisiúnta dúshlán a thabhairt dó san Ard-Chúirt.