Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag leanstan ar aghaidh go tapa continuing quickly
" Tá forbairt eacnamaíoch ár n-eagraíochta ag leanstan ar aghaidh go tapa agus scéimeanna úra agus fiontair ghnó á dtosú.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá an foréigean ag leanstan ar aghaidh, tá bagairt an fhoréigin i gcónaí san aer ach ar scála i bhfad níos lú.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá "foréigean Shinn Féin/IRA" ag leanstan ar aghaidh gan stad gan staonadh.
ag leanacht ar aghaidh continuing
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do *Beo!* bliain is an taca seo (eagrán 41).
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí ag fulaingt anuraidh fós ag fulaingt.
ag leanúint léi continuing with it
" ENÍG: An bhfuil plean ar bith eile agat maidir leis an Ghaeilge nó imeachtaí Gaeilge a eagrú? MO: Beidh le feiceáil! Tá mé ag leanúint léi ar aon nós!
institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a new institute for adult and continuing education
" ” Ag obair i nDoire Tháinig fás mór ar an Léann Éireannach le linn na mblianta tosaigh sin i gCúil Raithin ach d’fhág Risteard an coláiste i 1974 nuair a d’éirigh leis post a fháil in institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a bunaíodh i gColáiste Magee.
faoina spéis leanúnach about his continuing interest
" Beidh sé ag caint faoina spéis leanúnach sa Ghaeilge agus faoina mhamó, arbh as Gaeltacht Chontae an Chláir ó dhúchas í.
ag leanúint den continuing the
" Is féidir a lán damáiste a dhéanamh le hairgead mar sin! Bhí siad ag leanúint den tionscadal i mí an Mheithimh agus mé ar ais sa cheantar le grúpa.
leantach continuing
" Thug an seandálaí agus staraí, Micheal Gibbons, arb as an gClochán i gContae na Gaillimhe dó, an spreagaitheasc in ar pléigh sé tionchar leantach an Ghorta Mhóir ar thírdhreach na hÉireann.
buan-bhunfhadhbanna continuing basic problems
" Súile glioscarnacha, lán le beocht acu beirt: meabhar cinn ghéar ach buan-bhunfhadhbanna le heaspa smachta ar mhatáin na colainne.
láithreacht leantach continuing presence
" Dealraíonn láithreacht leantach na saighdiúirí agus na bpóilíní eachtrannacha nach bhfuil sochaí shíochánta ná rialtas feidhmiúil bunaithe sa tír go fóill.
leithcheal leanúnach continuing exclusion
" Ba é an toradh a bhí ar an leithcheal leanúnach seo ná nach bhfuil ach 1.
ag leanacht continuing
" Tá duine amháin, Merrit Ruhlen, ag leanacht ar aghaidh leis an obair sin anois.
ag leanúint continuing
" ” "Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
leanstan continuing
" 
“Mhothaigh mé go raibh siad ag leanstan polasaithe lár-an-bhealaigh liobrálacha nach raibh aon bhaint acu le riachtanais na ndaoine ag an leibhéal is ísle sa tsochaí seo.
sular lean muid before continuing
" Tuilleadh Monroes a bhí mar sprioc ag an Téad Dhearg Dé Luain agus, ó Ghleann Beannchuir, bhain muid A' Chailleach (930m) amach sular lean muid tríd an cheo chaochbhán go dtí Carn Sgulain (920m).
síoraighneas marfach continuing deadly dispute
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.
ag leanstan leis an ghnás náireach continuing with the shameful practice
" Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit.
buanú na deighilte continuing the divide
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".
plé forleathan leanúnach broad continuing discussion(s)
" I ndiaidh na gcainteanna, dúradh go mbeidh “plé forleathan leanúnach” idir na ceannairí agus an Príomh-Aire amach anseo.
síorchúlaithe geilleagair continuing economic regression
" Eascraíonn an t-imeartas focal, *Poorhouse*, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair.
leanúnach continuing
" Próiseas leanúnach a bhí ann le meitheal, agus lena gcuid scileanna féin ag gach duine chun dul i dtreo léiriúcháin.
i bhfianaise laghdú leanúnach in light of the continuing fall off
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
Sílim gur fiú feachtas leanúnach I think a continuing campaign is worthwhile
" Sílim gur fiú feachtas leanúnach a bheith ann chun daoine óga a spreagadh agus a chur ar na súile acu go bhfuil deiseanna tríd an Ghaeilge, nach ábhar staidéir gan mhaith í, gur féidir tairbhe a bhaint aisti ó thaobh cúrsaí gairme.
ag coinneáil orthu arís continuing on
" Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.