Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Gura fada buan long may continue
" Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas! Gura fada buan Féile Milwaukee.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair we can't wait to continue with the work
" Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh he refused to continue
" Chuir seo olc ar an amhránaí agus dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh.
leanamar ar aghaidh uaidh sin we continued from there
" Bhaineamar an-taitneamh as an gcúpla cleachtadh a bhí againn agus leanamar ar aghaidh uaidh sin.
leantar leis an síneadh láimhe the handouts continue
" Mar sin, leantar leis an síneadh láimhe.
ag leanstan ar aghaidh go tapa continuing quickly
" Tá forbairt eacnamaíoch ár n-eagraíochta ag leanstan ar aghaidh go tapa agus scéimeanna úra agus fiontair ghnó á dtosú.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá an foréigean ag leanstan ar aghaidh, tá bagairt an fhoréigin i gcónaí san aer ach ar scála i bhfad níos lú.
chun leanúint leis an dea-obair to continue the good work
" Ach céard a tharlóidh d'Aontroim nuair éireoidh Ó Cathal as? An dtiocfaidh duine eile an bealach ar fad ó Chorcaigh nó Cill Chainnigh chun leanúint leis an dea-obair? An bhfostóidh an CLG traenálaí aitheanta chun an obair sin a dhéanamh mar ba chóir? Ní fios.
leanacht leis an dea-obair to continue with the good work
" Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tá "foréigean Shinn Féin/IRA" ag leanstan ar aghaidh gan stad gan staonadh.
chun leanúint ar aghaidh ag buachaint to continue winning
" Is fear crua é de réir dealraimh a cheannaíonn agus a dhíolann imreoirí de réir mar is gá chun leanúint ar aghaidh ag buachaint bliain i ndiaidh bliana agus is maith leis fir chrua a bheith ar a fhoireann (bhuel, duine nó beirt ar aon nós).
ag leanacht ar aghaidh continuing
" Tá an taighde sin fós ag leanacht ar aghaidh ach níor tugadh aird dá laghad ar a thuairimí.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.
a leanfadh ar aghaidh which would continue
" Nuair a thosaigh sé ag fiosrú an scéil, áfach, fuair sé amach gur theastaigh ó a lán grúpaí éagsúla páirt a ghlacadh san fhéile, agus socraíodh gur gcuirfí ócáid ar siúl a leanfadh ar aghaidh ar feadh seachtaine.
go leanfaidís ar aghaidh that they would continue
" Laghdódh sin go mór ar líon na seisiún traenála agus ar líon na gcluichí ag na himreoirí ab fhearr agus bheadh seans níos mó ann go leanfaidís ar aghaidh ag imirt níos faide.
agus leanann de bheith á bhualadh and continues beating him
" A Mholly, an bhfuil tú istigh? FX: Buaileann Molly Mánas ar a cheann le scilléad agus leanann de bheith á bhualadh le linn an chomhrá.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do *Beo!* bliain is an taca seo (eagrán 41).
mheasc léi she continued stirring
" ” “Idir an bheirt agaibh!” arsa an mháthair agus d’oscail sí an pionta bláiche agus chuir isteach sa bhabhla é agus mheasc léi.
nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh that Neill couldn't continue
" Bhain muid Raw Head, an cnoc is airde ar an tslí (227 méadar), amach ag am lóin agus ba léir faoin am sin nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh.
leanamar ar aghaidh we continued
" Ar dtús ní rabhamar in ann an teanga a labhairt i ndáiríre ach ba chuma linn faoi sin agus leanamar ar aghaidh gan focal Béarla.
ag leanstan ar aghaidh continuing
" Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí ag fulaingt anuraidh fós ag fulaingt.
ag leanúint léi continuing with it
" ENÍG: An bhfuil plean ar bith eile agat maidir leis an Ghaeilge nó imeachtaí Gaeilge a eagrú? MO: Beidh le feiceáil! Tá mé ag leanúint léi ar aon nós!
gur leanas leis an nGaolainn that I continued with Irish
" “Bhíos ag cuimhneamh ar leanúint leis an mBéarla ar fad,” a deir an tOllamh seo le Gaeilge agus gáire beag á dhéanamh aige, “ach ní raibh aon aithreachas riamh orm gur leanas leis an nGaolainn, caithfidh mé a rá!” Ghnóthaigh sé Scoláireacht Chiste Theach an Ard-Mhéara i 1966 agus Staidéaracht Taistil Ollscoil na hÉireann i 1967.
róchontúirteach leanúint ar aghaidh too dangerous to continue
" Roimh i bhfad, ní rabhamar in ann ach an sneachta a fheiscint tríd an bhfuinneog! Seacht gciliméadar ó bhaile Malealea, stop an bus, dúirt an tiománaí go raibh sé róchontúirteach leanúint ar aghaidh, agus amach as an mbus linn ar fad.
leanúint leis an ealaín to continue with art
" “Bhí sé deacair gan amhras, ach rinne mé cinneadh leanúint leis an ealaín pé scéal é.
má leanann an scéal amhlaidh if things continue like that
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a new institute for adult and continuing education
" ” Ag obair i nDoire Tháinig fás mór ar an Léann Éireannach le linn na mblianta tosaigh sin i gCúil Raithin ach d’fhág Risteard an coláiste i 1974 nuair a d’éirigh leis post a fháil in institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a bunaíodh i gColáiste Magee.
ní bheadh an cheist á tógáil. the matter wouldn't continue to be raised.
" Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.
go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, that I'd continue with my work,
" Ghlac mé leis i gcónaí, fiú agus mé san aonad dianchúraim, go leanfainn ar aghaidh le mo chuid oibre, leis na rudaí ar fad a bhí idir lámha agam.
lean an bheirt orthu the two of them continued
" Saolaíodh clann dóibh, ach lean an bheirt orthu ag atáirgeadh go dtí nach raibh go leor spáis ann do na mic.
leanúint ar aghaidh continue on
" Fáth eile a mbeidh sé deacair do Bertie Ahern leanúint ar aghaidh ná go bhfuil alltacht ar chuid dá chomhghleacaithe comh-aireachta mar gheall ar a iompar.
lean sí don líníocht she continued to draw
" Líonadh sí a dialann, litreacha agus leabhair nótaí scoile le féinphortráidí agus breacaireacht, agus lean sí don líníocht go dtí gur thosaigh sí ag freastal ar Smith College agus í fiche bliain d’aois.
leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge continue on with Irish
" Maidir le Des, tá sé ar intinn aige féin leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge i ndiaidh dó an tsraith a chur i gcrích.
leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon the publication of both print and electronic versions will continue
" An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
leanfar leis an chur i gcéill. the pretence will continue.
" In éagmais a leithéid de bheart leanfar leis an chur i gcéill.
faoina spéis leanúnach about his continuing interest
" Beidh sé ag caint faoina spéis leanúnach sa Ghaeilge agus faoina mhamó, arbh as Gaeltacht Chontae an Chláir ó dhúchas í.
leanúint ar aghaidh. continue on
" Ba é Christy Moore príomhamhránaí Moving Hearts agus nuair a d’fhág seisean tar éis eisiúint an dara halbam, bhí sé deacair ag an ghrúpa leanúint ar aghaidh.
leanúint ar aghaidh to continue
" D’fhéadfaí an Conradh a athphlé agus margadh níos fearr a bhaint amach d’Éirinn agus do thíortha beaga eile nó d’fhéadfaí é a chaitheamh san aer agus leanúint ar aghaidh le reáchtáil an Aontais mar atá sé.
Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe the ratification process is being continued
" Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire.
lean sí de bheith ag cur brú orm to continued to put pressure on me
" “Agus mé i mo dhéagóir, ar ndóigh, bhraith mé go raibh go leor rudaí i bhfad ní ba thábhachtaí ná an ceol – peil agus araile – agus táim iontach buíoch de mo mháthair gur lean sí de bheith ag cur brú orm a bheith ag cleachtadh ar bhonn rialta.
Má leantar de pholasaí na dtáillí in aisce if the free fee policy is continued
" Má leantar de pholasaí na dtáillí in aisce, tá an baol ann nach mbeidh maoiniú an stáit sách mór leis an infheistíocht chuí a chur ar fáil.
gan leanúint den scéal not to continue with the story
" Agus is cosúil go bhfuil cinneadh déanta ag Dowling gan leanúint den scéal.
ag leanúint den continuing the
" Is féidir a lán damáiste a dhéanamh le hairgead mar sin! Bhí siad ag leanúint den tionscadal i mí an Mheithimh agus mé ar ais sa cheantar le grúpa.
leantach continuing
" Thug an seandálaí agus staraí, Micheal Gibbons, arb as an gClochán i gContae na Gaillimhe dó, an spreagaitheasc in ar pléigh sé tionchar leantach an Ghorta Mhóir ar thírdhreach na hÉireann.
sheilg sé leis he continued to hunt
" Bhí cead a chinn aige agus sheilg sé leis.
go leanfar shall continue
" Tá bonneagar fágtha ina diaidh aici a chinntíonn go leanfar leis an obair ar chuir sí tús léi.
buan-bhunfhadhbanna continuing basic problems
" Súile glioscarnacha, lán le beocht acu beirt: meabhar cinn ghéar ach buan-bhunfhadhbanna le heaspa smachta ar mhatáin na colainne.
lean continued
" Ach lean an feachtas ar aghaidh agus bunaíodh an chéad Pháirc Náisiúnta anseo i 1951 mar gheall ar sin.
Leanfaidh shall continue
" * Leanfaidh an feachtas ceartaithe seo ar feadh cúig bliana eile.
mhair continued
" Dá rachadh sa chás seo, léireodh sé go soiléir an neamhaird choiriúil atá á tabhairt ag an gcomhphobal idirnáisiúnta ar leas mhuintir na hAfraice, agus go háirithe an dochar atá déanta ag an neamhaird seo ar mhuintir na Somáile cheana féin.
dá gcoimeádfainn should/ were I to continue
" Dúirt sé liom, dá gcoimeádfainn orm leis an obair mhaith go bhféadfainn go leor a chur i gcrích.
Leanfaí would continue
" Leanfaí ar aghaidh, áfach, le leagan idirlín den nuachtán.
leanfar shall continue
" Beidh le feiceáil an leanfar ar aghaidh leis an nasc sin le linn do McCausland a bheith ina Aire Saíochta ach i ndiaidh ionradh, gorta, díothú, neamhaird agus gach rud eile, glacfaidh sé níos mó ná an fear seo le tairne eile a cur i gcónra na Gaeilge.
leanacht continue
" ag tús na bliana, ach ní raibh sé sásta leanacht dá fhoilsiú le linn lagtrá fógraíochta.
leanann sí uirthi she continues
" É gan mhothú fós, leanann sí uirthi ansin ag imirt glacaireacht láimhe air ina dtagann, ar deireadh, ní síol, ach sead fola.
Lean continued
" Lean Frum leis an tagairt do na Naitsithe i leabhar a scríobh sé le Richard Perle i 2003 leis an teideal áiféiseach, An End to Evil: How to Win the War on Terror.
leanadh was continued
" Stoptaí é féin agus baill eile den chlann ar bhonn rialta agus leanadh den chleachtas sin ar feadh na mblianta.
Leanadh continued
" Leanadh ar aghaidh mar sin le hagóidí.
coinneoidh continue to
" Is cuma cad é, coinneoidh tú ort ag labhairt i nGaeilg.
leanfar shall continue
" Drochsheans go leanfar, áfach, ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás siocair gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann a bheadh ag freastal ar chur chun cinn na teanga sna fiche sé chontae ina iomláine.
láithreacht leantach continuing presence
" Dealraíonn láithreacht leantach na saighdiúirí agus na bpóilíní eachtrannacha nach bhfuil sochaí shíochánta ná rialtas feidhmiúil bunaithe sa tír go fóill.
Lean continued
" com/watch?v=kk8foQOQVk0&feature=related) Ach chuir an Tiogar Ceilteach (nach maireann) agus dlithe pLeanála laga na seantithe i mbaol i dTír Conaill fosta.
Lean mé I continued
" com/watch?v=MJAozHdsHM8) Lean mé orm cúpla míle eile siar cois farraige tríd an bpáirc náisiúnta atá déanta den cheantar anois, agus d'itheas mo lón faoin droichead.
leanstan continue
" Má tá Clann Bhullaí ag gabháil a leanstan leis an chosc atá ar Chaitlicigh theacht isteach go lár na cathrach, cad é dhéanfaidh siad mura gcuirfear deireadh le Coimisiún na Mórshiúlta? (http://www.
leanadar they continued
" Fós féin, leanadar ar aghaidh ag spiaireacht mar a dhéanfadh spiairí Spooks nó John le Carré.
leithcheal leanúnach continuing exclusion
" Ba é an toradh a bhí ar an leithcheal leanúnach seo ná nach bhfuil ach 1.
Lean continued
" ”* Lean an raic ar aghaidh ar feadh 30 noiméad.
ag leanacht continuing
" Tá duine amháin, Merrit Ruhlen, ag leanacht ar aghaidh leis an obair sin anois.
ag leanúint continuing
" ” "Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
leanann continues
" Is é an sráidbhaile Longton tús oifigiúil an chosáin, agus leanann sé feadh an bhealaigh le taobh na habhann trí chathair Preston, áit a bhfuil comphobal Éireannach ann le fada.
mura leanaimis linn if we don’t continue
" Tá sé tábhachtach freisin go dtuigfimis go n-imeoidh na fadhbanna airgid ach mura leanaimis linn ag forbairt na teanga, d’fhéadfaimis í sin a chailleadh agus ní bhfaighimis ar ais go brách í.
Má leanann muidne linn if we continue
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
leanstan continuing
" 
“Mhothaigh mé go raibh siad ag leanstan polasaithe lár-an-bhealaigh liobrálacha nach raibh aon bhaint acu le riachtanais na ndaoine ag an leibhéal is ísle sa tsochaí seo.
leanann cúrsaí matters continue
" Fad is a leanann cúrsaí ar aghaidh, is ea is lú an chinnteacht go mbainfear amach spriocanna na ngníomhaithe.
leanfaí would continue
" Dar leo, leanfaí leis an titim ar thacaíocht Fhine Gael agus sa deireadh ní bheadh ann ach páirtí den eite dheis, mar a bhí, Fianna Fáil, an Lucht Oibre ar an eite chlé, agus roinnt miondreamanna eile.
sular lean muid before continuing
" Tuilleadh Monroes a bhí mar sprioc ag an Téad Dhearg Dé Luain agus, ó Ghleann Beannchuir, bhain muid A' Chailleach (930m) amach sular lean muid tríd an cheo chaochbhán go dtí Carn Sgulain (920m).
Lean continued
" Lean imreoirí áirithe ag imirt in ainneoin gortú a bheith ag gabháil dóibh, ach ní fhéadfaidís Leanúint leo go brách.
ag dul ar aghaidh continues
" Ainneoin an Nollaig a bheith curtha caillte le ráithe tá an gheamaireacht ag dul ar aghaidh ó thuaidh, go háirithe taobh istigh den UUP.
mhair continued
" Ba thábhachtach an rud é ó thaobh cúrsaí toghchánaíochta de gur mhair an borradh i bhfad ní b’fhaide nó ba chóir dó, cionn is gur chinntigh an borradh sin go bhfanfadh Fianna Fáil i réim, rud a d’fholaigh na hathruithe móra sóisialta agus déimeagrafacha a bhí ar bun go ciúin ar fud na tíre.
leanfaidh shall continue
" Bhí an dúiche daoine i láthair ag an oscailt, ina measc an tAire um Ghnóthaí Leanaí, Francis Fitzgerald, a bhí ar cuairt chun na hAstráile, agus táthar ag súil go mbeidh na scórtha míle cuairteoirí ar an taispeántas, a leanfaidh go dtí deireadh mhí Iúil.
lean continued
" Ach lean Thatcher agus a rialtas ar aghaidh leis an dúnghaois chéanna agus chuaigh mé síos go Londain le haghaidh agóid Dé Domhnaigh Aibreán 26ú.
lean continued
" Is leis an sárthaistealaí mara Paddy Barry an luamh agus cineál oilithreachta atá ar bun againn, ag leanacht na manaigh Éireannacha ó thuaidh.
Lean an scéal amhlaidh matters continued so
" Lean an scéal amhlaidh go ceann cúig bliana triochad.
mhairfeas lasts, continues
" ) Beidh muintir Libia agus a gcuid airm ag sní siar is aniar isteach i sé, seacht, nó ocht gcinn de thíortha go ceann roinnt blianta a fhad a mhairfeas an chogaíocht seo le NATO.
leanstan continue
" Tá súil as agam go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil a chuirfeas ar a gcumas leanstan ar aghaidh leis an obair fhiúntach atá ar siúl acu.
Níor mhair an rath the success didn’t continue
" Na hOchtóidí ====== Níor mhair an rath i bhfad áfach.
síoraighneas marfach continuing deadly dispute
" Léirigh fear Newsnight go glinn an fhreagracht atá ar an Bhreatain as síoraighneas marfach na Palaistíne nach bhfuil réiteach ar bith ar na gaobhair 64 bliain i ndiaidh an *Balfour Declaration*.
Dá leanfaí leis should this rate continue
" Dá leanfaí leis an ráta fáis sin ar feadh scór bliain bheadh 101,500 Gaeilgeoirí laethúla ann faoi 2031.
má leantar ag brú Béarla if the pressure from English continues
" Is doiligh easaontú leis an léamh atá ag an Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an scéal nach féidir leis an Stát a bheith ag dréim go mairfidh an Ghaeilge mar a rogha teanga ag an phobal sa Ghaeltacht má leantar ag brú Béarla ar phobal na gceantar sin lena gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh.
leanadh leis an bhorradh sin that growth continued
" Ach sna hochtóidí thosaigh tuarastail an dreama seo ag méadú go mór, agus leanadh leis an bhorradh sin go dtí an lá inniu.
leanann an tsáinn gan réiteach the insoluble fix continues
" ”* Níl aon taifead eile faoin cheist seo agus leanann an tsáinn gan réiteach.
leanfar ag saibhriú dornán beag daoine a small group of people shall continue on the road to riches
" Gan reachtaíocht fhánadóireachta a achtú leanfar ag saibhriú dornán beag daoine sa leabharlann dlí fad is a cheilfear áilleacht na tíre ar thromlach a chuid saoránach.
an dóigh ar lean dreamanna áirithe how certain groups continued
" Léiríonn na míreanna raice a scagann sé an dóigh ar lean dreamanna áirithe in áiteanna éagsúla an stáit ag labhairt na teanga agus an meas a bhí acu ar an chultúr Ghaelach agus ar an teanga go sonrach.
leanfadh sí ar aghaidh she’d continue
" Uaireanta an chloig tar éis di an bonn óir a ghnóthú, thug Katie Nic an Táilliúra le fios go leanfadh sí ar aghaidh leis an traenáil agus lena cuid iarrachtaí a bheith níos fearr in ainneoin toil a hathar go n-éireodh sí as an dornálaíocht anois.
má leanann an cogadh if the war continues
" Tá roinnt de na pobail Chríostaí is sine ar domhan i mbéal a ndíothaithe má leanann an cogadh sa tSiria ar aghaidh.
ag leanstan leis an ghnás náireach continuing with the shameful practice
" Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit.
Nár lagaí Dia a pheann may he continue to write
" Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
ná roinnt a léinn orainn riamh may he continue to serve us with his learning
" Nár lagaí Dia a pheann ná roinnt a léinn orainn riamh.
Lean an díth leictreachais lack of electricity continued
" Lean an díth leictreachais ar feadh idir seachtain agus coicís.
leanstan anois leis an chás bhunaidh to continue with the initial case
" Bronnadh costaisí ar an Stát agus léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra.