Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, concentrated on the management of the economy,
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
dhírigh sé he concentrated
" Ní haon ionadh é gur dhírigh sé ar chúrsaí spóirt ar dtús – tá baint mhór tar éis a bheith aige le CLG ar feadh a shaoil agus tá sé ina roghnóir go fóill don chlub áitiúil.
intinn gafa leis an phaisean the mind concentrated on the passion
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
luigh sé isteach ar an obair sin he concentrated on that work
" ” Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le Moving Hearts i 1985, luigh sé isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad.
a dhírigh ar na fir which concentrated on men
" Murab ionann is stair na hÉireann – a dhírigh ar na fir agus a bhí scríofa ag staraithe fireanna go dtí gur tháinig stair na mban chun tosaigh le déanaí – cruthaítear agus déantar ceiliúradh ar stair fhantaiseach bhaineann in An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín.
dírithe concentrated
" Má bhí na céadta míle duine i láthair ag na cluichí Oilimpeacha i mBéising na Síne agus súile an domhain dírithe ar na himeachtaí ansin, bhí na céadta duine ag na Géamannan Gáidhealach ar Eilean Sgitheanach na hAlban.
dhírigh sé a chuid fuinnimh he concentrated his energy
" Bhí sé linn ar feadh trí bliana go dtí gur dhírigh sé a chuid fuinnimh ar chúrsaí agus ar smaointe eile.
dírithe ar concentrated on
" Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.
dhírigh sé ar he concentrated on
" Cé gur sheachain sé féin an phoiblíocht, dhírigh sé ar phoiblíocht a lorg dá bhannaí ceoil agus do na réaltaí éagsúla a d’fhostaigh sé in imeacht na mblianta.
ar chóir díriú orthu which ought to be concentrated on
" Cuireadh moltaí ar fáil (i mBéarla) don Ombudsman maidir leis na tosaíochtaí ar chóir díriú orthu ins na dara scéim teanga.
dírithe ar concentrated on
" Bunaíodh an suíomh seo, atá lonnaithe i Suffolk, Sasana, i 2005, agus tá sé dírithe ar cheol traidisiúnta, ceol fréamhacha agus ar cheol athraigh.
Dhírigh concentrated
" Dhírigh Marois air siúd – an geilleagar - , ar an gcóras sláinte agus ar thábhacht an chultúir, agus d’fhan sí glan amach ó chaint ar reifreann, cé go raibh ceisteanna á gcur ag an bpobail agus ag polaiteoirí eile.
dhírigh sé isteach ar he concentrated on
" D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.