Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag díriú ar concentrating on
" Tá Gaillimh le Gaeilge ag díriú ar lucht gnó na cathrach den chuid is mó.
a dhíríonn ar which concentrate on
" Tá féilte ann, a deir sé (Seachtain na Gaeilge ina measc), a dhíríonn ar nithe traidisiúnta; bíonn ceol traidisiúnta i gceist, sean-nós, comórtaisí, etc.
díriú ar concentrate on
" Thosaigh cairdeas fada eatarthu a spreag muintir Uí Chionnaith le díriú ar chúrsaí ealaíne.
díriú isteach ar concentrate on
" Tá an fhealsúnacht ann, a deir sí, "má bhíonn ar dhuine díriú isteach ar thrí ghné éagsúla dá shaol nó dá saol go mbíonn ar an duine sin gné amháin a bhrú ar leataobh.
díriú ar focus/concentrate on
" Bhí sé i gceist againn ó thosach díriú ar mhuintir na hÉireann, idir leanaí scoile agus dhaoine fásta, *agus *ar an sliocht Éireannach ar fuaid an domhain.
chaitheamair díriú air we had to focus/concentrate on it
" Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil, chaitheamair díriú air.
ag díriú isteach ar aíonna concentrating on guests
" Táimid ag díriú isteach ar aíonna as ceantar áirithe.
díriú i gceart to concentrate properly
" D'fhéadfadh muid 150 a dhéanamh ach ansin ní bheadh muid in ann díriú i gceart ar an gceol mar a theastaíonn uainn.
go ndíreoidh siad that they'll concentrate
" Polasaí amháin ná bheith dian ó thús cluiche agus cárta buí a thaispeáint chun teachtaireacht a thabhairt do na himreoirí nach nglacfar le briseadh rialacha go héasca, ach leis sin tá cruachás ag an moltóir má dhéanann an t-imreoir céanna calaois eile nach bhfuil ródhona ina dhiaidh sin - an dtugann sé an dara cárta agus an t-imreoir a dhíbirt nó an scaoileann leis toisc nach bhfuil aon dochar déanta? An rogha eile ná scaoileadh leis an imirt go luath sa chluiche le súil is go socróidh na himreoirí síos agus go ndíreoidh siad ar an gcluiche.
bhí mé in ann m'aigne a dhíriú ar rud I was able to concentrate on something
" "Sin bua a bhí agam, bhí mé in ann teacht ar chinneadh, bhí mé in ann m'aigne a dhíriú ar rud agus gan a bheith róbhuartha faoi ina dhiaidh sin.
ag díriú ar concentrating on
" Na buntáistí ná go bhfuil tú ag sábháil ar an meán 20% ar an mbille i gcomparáid le hEircom agus, chomh maith leis sin, is comhlacht atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge muid atá ag díriú ar phobal na Gaeilge.
díriú go huile is go hiomlán anois to concentrate entirely now
" Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh.
aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibre to fully concentrate on his work
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibre to fully concentrate on his work
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin we would concentrate on lands further away
" Nuair a bheadh dreach Pharthais scriosta as éadan againn dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin mar Phurgadóir nó Liombó agus bheadh ag na milliúin peacaí ag díol cíosa linn.
a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair who concentrates mostly on her work
" com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe.
dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, concentrated on the management of the economy,
" B’fhearr leis an rialtas go mbeadh aird an phobail dírithe ar bhainistiú an gheilleagair, ach is ríléir go bhfuil aird á díriú ar na dlíthe nua caidrimh thionsclaíoch a chuir an rialtas i bhfeidhm anuraidh.
dhírigh sé he concentrated
" Ní haon ionadh é gur dhírigh sé ar chúrsaí spóirt ar dtús – tá baint mhór tar éis a bheith aige le CLG ar feadh a shaoil agus tá sé ina roghnóir go fóill don chlub áitiúil.
díriú concentrate
" Má theipeann ar aon réimse amháin, is féidir linn díriú ar na réimsí eile.
ag díriú i gcónaí ar bhrabús. concentrating always on profit
" Gach seans go mbeidh siad díreach cosúil leis na seanchomhlachtaí - mar a bhíonn aon mhórchomhlacht - ag díriú i gcónaí ar bhrabús.
díriú concentrate
" Tá sé deacair a fheiceáil conas a d’fhéadfadh ceoltóir nó banna ceoil a bheadh ag obair go neamhspleách díriú ar na nithe thuas ar fad.
réidh le luí isteach ready to concentrate
" Tá muid réidh le luí isteach ar an obair.
intinn gafa leis an phaisean the mind concentrated on the passion
" Agus na cosa cóngarach don talamh, an tóin dingthe amach agus an intinn gafa leis an phaisean a chruthaíonn an ceol agus an rithim i gcorp an damhsóra, feiceann an breathnóir duine atá sáite i ngnéasacht nó i gcollaíocht s'acu féin agus an pléisiúr a thagann leis sin.
go luífinn isteach that I would concentrate
" Ach caitheadh an coincheap sin i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla agus shocraigh mé go luífinn isteach ar an tsraith faoin nGaeilge.
díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt concentrate on Northern affairs
" Mura bhfuil sé d’acmhainn acu nuachtán laethúil den chaighdeán seo a fhoilsiú – agus creidim gur bunriachtanais iad na gnéithe sin thuas nach féidir a bheith beo dá n-éagmais i margadh iomaíoch na nuachtán – b’fhearr éirí as an bhfoilsiú laethúil agus nuachtán seachtainiúil a dhéanamh de *Lá Nua* arís, nó é a fhoilsiú dhá nó uair uaire sa tseachtain, agus díriú ar chúrsaí an Tuaiscirt den chuid is mó.
rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam Donal made a decision to concentrate on producing albums
" ”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún lena bheatha a thabhairt i dtír.
luigh sé isteach ar an obair sin he concentrated on that work
" ” Ag obair mar léiritheoirBhí Lunny ag obair mar léiritheoir ó bhí lár na seachtóidí ach nuair a tháinig deireadh le Moving Hearts i 1985, luigh sé isteach ar an obair sin agus léirigh albaim le réimse leathan daoine agus grúpaí, leithéidí Paul Brady, Elvis Costello, Rod Stewart, Sinéad O’Connor, the Waterboys agus Clannad.
é réidh lena mhéara a dhíriú ar him ready to concentrate his fingers on
" Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
a dhírigh ar na fir which concentrated on men
" Murab ionann is stair na hÉireann – a dhírigh ar na fir agus a bhí scríofa ag staraithe fireanna go dtí gur tháinig stair na mban chun tosaigh le déanaí – cruthaítear agus déantar ceiliúradh ar stair fhantaiseach bhaineann in An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín.
go ndíríonn daoine that people concentrate
" Agus tú i mbanna, tarlaíonn sé go minic go ndíríonn daoine ar an bpríomhamhránaí.
dírithe concentrated
" Má bhí na céadta míle duine i láthair ag na cluichí Oilimpeacha i mBéising na Síne agus súile an domhain dírithe ar na himeachtaí ansin, bhí na céadta duine ag na Géamannan Gáidhealach ar Eilean Sgitheanach na hAlban.
díríonn sé ar bheirt oibrithe dheonacha it concentrates on two voluntary workers
" ”Insíonn an clár an scéal trí shúile daoine éagsúla – díríonn sé ar bheirt oibrithe dheonacha, cuir i gcás, agus ar scéal cúpla páiste faoi leith.
díriú ar réimse amháin concentrate on one field
" Ní gá duit ach díriú ar réimse amháin agus a bheith tógtha leis.
dhírigh sé a chuid fuinnimh he concentrated his energy
" Bhí sé linn ar feadh trí bliana go dtí gur dhírigh sé a chuid fuinnimh ar chúrsaí agus ar smaointe eile.
díriú concentrate
" Bhí mé ábalta díriú isteach ar an jab a bhí os mo choinnese agus neamhaird a dhéanamh de dhaoine eile agus de na cuspóirí a bhí acusan – i.
díriú concentrate
" Bíonn spriocdháta i gceist agus is minic gur deacair díriú ar aon ábhar amháin.
díriú concentrate
" B’fhearr díriú orthu sin seachas a bheith ag iarraidh baint de stádas na teanga.
ndíreoinn I'd concentrate
" Thóg mé cinneadh in 2009 go ndíreoinn ar an dornálaíocht amháin feasta.
Díríonn concentrates
" Díríonn Gopnik ar an cheist is tábhachtaí: má tá an leanbh óg comhfhiosach, cén difríocht idir an comhfhios a bhraitheann sé agus an comhfhios a bhraitheann an duine fásta? Is é tuairim Gopnik nach bhfuil ‘insint’ ag an pháiste ar a shaol féin: níl stair aici agus níl todhchaí.
díriú ar to concentrate on
" B’fhéidir go mbíonn níos mó ama ag daoine díriú ar rudaí mar sin.
ag díriú concentrating
" Tá siad ag díriú go mór ar an teicneolaíocht ghlas, ar leictreonaic, agus ar iompar, ach le fírinne, tá siad ag forbairt na teicneolaíochta in chuile réimse: ón ghéineolaíocht go dti leathsheoltóirí.
dírithe ar concentrated on
" Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach.
dírithe concentrating
" Bhí sé dírithe ar an tsagartóireacht faoin am sin.
lig dúinn díriú ar allow us to concentrate
" Anois lig dúinn díriú ar a bhfuilimid go léir aontaithe.
Díríonn a leabhar his book concentrates
" Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh marbh-bhreith a hiníne.
ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh concentrating on teaching problems
" Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.
theip ar na daltaí díríu i gceart pupils failed to concentrate properly
" Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach *Facebook* a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad! Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo.
ag cur isteach ar a gcumas le díríu interfering with their ability to concentrate
" Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí *Facebook, Twitter* agus *MySpace* ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga.
dhírigh sé ar he concentrated on
" Cé gur sheachain sé féin an phoiblíocht, dhírigh sé ar phoiblíocht a lorg dá bhannaí ceoil agus do na réaltaí éagsúla a d’fhostaigh sé in imeacht na mblianta.
ag díriú ar concentrating on
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
ar chóir díriú orthu which ought to be concentrated on
" Cuireadh moltaí ar fáil (i mBéarla) don Ombudsman maidir leis na tosaíochtaí ar chóir díriú orthu ins na dara scéim teanga.
Díríonn concentrate (on)
" Díríonn na ranganna ar chomhrá Gaeilge don chuid is mó ach bíonn deis ag na scoláirí blaiseadh den chultúr a fháil chomh maith, mar shampla, ag foghlaim amhráin agus ag amharc ar scannáin Ghaeilge agus cláracha faisnéise ó sheinnteoir TG4.
díriú isteach ar to concentrate on
" Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta.
ag díriú isteach ar an tiomáint concentrating on his drive
" ” Bugair mo Bhugatti ========= Mhínigh Ruairí Mc Elroy (ó Norn Irlan) do Bhalor go raibh deacrachtaí aige le gnéithe éagsúla dá chluiche gailf, agus mar sin go raibh sé ag díriú isteach ar an tiomáint i mbliana.
ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce people concentrate on the negative aspects of emigration
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
díriú ar concentrate on
" Mar sin féin deirtear sa réamhrá leis an anailís ón bhForas nach mbeadh sé ‘de chumas ag Foras na Gaeilge díriú ar nuachtán seachtainiúil clóite a fhoilsiú le haon deontas ónár n-acmhainní teoranta agus na fadhbanna leanúnacha a bhaineann le dáileadh fós gan sárú’.
gcaithfidh sé díriú ar he has to concentrate
" Deir gach bainisteoir chomh maith go gcaithfidh sé díriú ar fhoireann amháin nó b’fhéidir ar dhá cheann ach níl aon duine acu tar éis a rá leis éirí as an bhfoireann a bhfuil sé féin mar bhainisteoir uirthi.
dírithe ar concentrated on
" Bunaíodh an suíomh seo, atá lonnaithe i Suffolk, Sasana, i 2005, agus tá sé dírithe ar cheol traidisiúnta, ceol fréamhacha agus ar cheol athraigh.
díriú ar a gcuid taighde to concentrate on their research
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
ag díriú ar concentrating on
" Tá 3D Systems mar shampla ag díriú ar chruthanna clóite as siúcra amháin in ionad raon bia agus feicfidh tú leis na pictiúir ar dheis go bhfuil siad ag cruthú rudaí áille ar fad.
díriú ar oideachas níos fearr to concentrate on educating (the people) better
" “Anuas air sin,” a deir sí, “tá i gceist againn díriú ar oideachas níos fearr a chur ar an bpobal.
Dhírigh concentrated
" Dhírigh Marois air siúd – an geilleagar - , ar an gcóras sláinte agus ar thábhacht an chultúir, agus d’fhan sí glan amach ó chaint ar reifreann, cé go raibh ceisteanna á gcur ag an bpobail agus ag polaiteoirí eile.
is féidir liom díriú ar cheardanna I can concentrate on trades
" An Neamh Seo Chugainn =========== Go pearsanta táimse ag súil leis an lá nuair is féidir liom díriú ar cheardanna agus ar na healaíona, ar rothaíocht is siúl trí choillte agus cois farraige, ar gach uile leabhar a léamh sa leabharlann, ar leabhair a chur sa leabharlann mé féin, ar luí siar agus a bheith ag samhlú dom féin.
dhírigh sé isteach ar he concentrated on
" D’eachtraigh sé mar gheall ar a shaol i gCorca Dhuibhne is thar lear agus dhírigh sé isteach ar a chuid scríbhneoireachta agus ar chúrsaí ceoil.