chrann chumarsáide
communications mast
!["](/quotes.gif)
Tá dhá
chrann chumarsáide ann agus trí cheamara orthu, agus neart gléasanna eile.
gcumarsáid bhéil
oral communication
!["](/quotes.gif)
Le déanamh cinnte go leanfadh an buntáiste sin, shocraigh Gaillimh le Gaeilge an pobal gnó i nGaillimh a spreagadh le go dtabharfaidís aitheantas don chaiteachas mór sin trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht, i bhfógraíocht agus i
gcumarsáid bhéil le custaiméirí.
Eagarthóir Cumarsáide
Communications Editor
!["](/quotes.gif)
Rinne Simon Wilson,
Eagarthóir Cumarsáide an Tate, iarracht chróga míniú a thabhairt ar an saothar ag rá go raibh Creed, "*b'fhéidir*, ag déanamh ráitis mar gheall ar an bhriseadh le cúrsaí saolta atá le feiceáil san ealaín ó na seascaidí ar aghaidh".
teileachumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
"
Tá go leor cainte faoi láthair ar na fadhbanna airgeadais atá ag na comhlachtaí móra
teileachumarsáide ar nós Vodafone agus British Telecom.
Modh riachtanach cumarsáide
a necessary method of communication
Modh riachtanach cumarsáide atá ann dó.
mheán cumarsáide scríofa
written communication medium
!["](/quotes.gif)
Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe?
Duine ar bith a bhfuil cumas áirithe Gaeilge aige agus atá ag iarraidh eolas a chur ar rialacha gramadaí na Gaeilge ar an ábhar go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge, ag teagasc na Gaeilge nó ag baint úsáide aisti mar
mheán cumarsáide scríofa.
mar mheán caidrimh
as a medium of communication
!["](/quotes.gif)
Cén fáth ar bunaíodh é?
Bunaíodh é chun tacaíocht a thabhairt don nGaeilge mar ábhar léinn,
mar mheán caidrimh, mar mheán teagaisc agus mar mheán taighde ar champas Ollscoil Luimnigh.
cumarsáid
communication
!["](/quotes.gif)
Is é ceann de na haidhmeanna atá ag an choiste ná teagmháil agus
cumarsáid a chothú le baill "an phobail" eile.
modhanna cumarsáide
methods of communication
!["](/quotes.gif)
Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na
modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
Stiúrthóir Cumarsáide
Communications Director
!["](/quotes.gif)
Maidir leis an chosc ar chaitheamh tobac, creideann Cunningham go bhféadfadh jab níos fearr a bheith déanta aige féin, mar
Stiúrthóir Cumarsáide, ag cur in iúl d'áitritheoirí na cathrach gur dócha go raibh cosc ar thobac beartaithe don stát ar fad ar aon nós, fiú mura mbeadh a leithéid i gceist i Nua-Eabhrac.
cumarsáid aon-treoch
one-way communication
!["](/quotes.gif)
Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní
cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
mhodh cumarsáide
method of communication
!["](/quotes.gif)
Go bhfeicfeadh daoine go seasann an Ghaeilge aisti féin mar
mhodh cumarsáide atá chomh maith le haon teanga eile ar domhan.
easpa cumarsáide
lack of communication
!["](/quotes.gif)
Ag smaoineamh siar ar an
easpa cumarsáide a bhí ann idir an rialtas agus an pobal faoi cheist an gháis - bhí mise ann ar feadh míosa agus is beag a chualathas ón rialtas faoin cheist go dtí go raibh mé ar tí imeacht, agus b'in tar éis do dhaoine bás a fháil - agus ar an dóigh a chaith an tArm, a bhí freagrach don rialtas i ndeireadh na dála, leis na hagóideoirí nach raibh mar airm acu ach clocha, thiocfaí a rá nach raibh dul amú orthu ar fad.
mar theanga chumarsáide
as a language of communication
!["](/quotes.gif)
Den 439 duine sa líonra sin déanann sí amach gurb é an Béarla a úsáidtear
mar theanga chumarsáide i 152 gaol nó cás ar leith.
dóthain cumarsáide
enough communication
!["](/quotes.gif)
Bhínn ag scríobh filíochta ach cheap mé nach raibh
dóthain cumarsáide ann.
cumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
Ach cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an taitneamh atá le baint as an saghas sin
cumarsáide? Agus nílim ag caint ar cheisteanna morálta - tá fadhb níos mó ná sin ag teacht chun cinn anois: fógraí.
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán
communications skills of a high standard
!["](/quotes.gif)
Tá cuma mhaith orthu; gléasann siad go néata agus go faiseanta; tá líofacht chainte agus
scileanna cumarsáide ar ardchaighdeán acu agus tá sé éasca réalta teilifíse a dhéanamh astu.
túr mór cumarsáide
a large communications tower
!["](/quotes.gif)
Taobh amuigh den tseanchathair, mar shampla, tá
túr mór cumarsáide le fáil.
trealamh leictreonach loingseoireachta agus cumarsáide
electronic navigation and communications equipment
!["](/quotes.gif)
Agus ansin, nuair a bhaintear an t-eitleán féin amach faoi dheireadh, caitear a chinntiú nach gcuireann na gléasanna sin isteach ar an
trealamh leictreonach loingseoireachta agus cumarsáide san eitleán.
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
!["](/quotes.gif)
Tá go leor den tuairim nár tháinig aon aire, ach amháin b'fhéidir Mary Harney i réimse na sláinte, in oidhreacht fadhbanna níos casta ná na cinn a bhfuil ar
an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i ngleic leo.
chothú scileanna cumarsáide
fostering communication skills
!["](/quotes.gif)
Grúpa deas bríomhar atá ann, gan leisce dá laghad orthu labhairt amach am ar bith!
Is ar
chothú scileanna cumarsáide agus ar chúlra cultúrtha na Gaeilge a chuirim an bhéim.
cumarsáid
communication
!["](/quotes.gif)
Is ceol iad, cinnte, ach cultúr freisin, stair, béaloideas,
cumarsáid; tá baint mhór acu leis an teagmháil idir daoine, agus is cuma má tá guth ard nó íseal, maith nó measartha agat, má tá tú ábalta scéal nó amhrán a roinnt leis an chomhluadar sa phub nó sa seomra suí, is féidir leat páirt a ghlacadh i rud neamhchoitianta, rud níos sine, níos leithne ná ceol agus focail.
chumarsáid rialta
regular communication
!["](/quotes.gif)
Thabharfadh an
chumarsáid rialta seo deis dóibh dúshláin an tsaoil a phlé go mion agus smaointe a mhalartú.
a d’úsáidfí mar ghnáth-theanga chumarsáide
that would be used as a regular language of communication
!["](/quotes.gif)
“Dá mbeadh ár dteanga féin againn, teanga
a d’úsáidfí mar ghnáth-theanga chumarsáide agus ghnó chuile lá i measc chuile dhuine sa tír, ní bheinn chomh buartha sin.
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey
the Minister for Communications Noel Dempsey announced
!["](/quotes.gif)
Ag deireadh mhí na Bealtaine,
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, plean nua chun córas náisiúnta cód poist a chur ar bun.
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey
the Minister for Communications Noel Dempsey announced
!["](/quotes.gif)
Ag deireadh mhí na Bealtaine,
d’fhógair an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, plean nua chun córas náisiúnta cód poist a chur ar bun.
an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid
Higher Diploma in Communications
!["](/quotes.gif)
”
Bhí post buan aici i scoil in aice le Baile Bhlainséir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach chinn sí ar aghaidh a thabhairt ar an iarthar agus tabhairt faoi chúrsa nua a bhí á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimhe (mar a bhí air ag an am), is é sin
an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid.
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha
the Minister for Communications, Marine and Natural Resources
!["](/quotes.gif)
Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh
an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil.
an teicneolaíocht nua chumarsáide
the new communications technology
!["](/quotes.gif)
Léirigh na heachtraí uafásacha seo i Londain go bhfuil
an teicneolaíocht nua chumarsáide tar éis an tslí ina scaipeann scéalta nuachta a athrú as cuimse.
chumarsáid
communications
!["](/quotes.gif)
Bhí mé ag plé le gné éigin den
chumarsáid ó d’fhág mé an ollscoil.
cúrsa cumarsáide
communications course
!["](/quotes.gif)
“Nuair a chríochnaigh mé ar scoil, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu a ndéanfainn
cúrsa cumarsáide nó cúrsa le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ach sa deireadh chinn mé ar chúrsa a dhéanamh le Fiontar.
modhanna cruthaitheacha cumarsáide
creative methods of communication
!["](/quotes.gif)
Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur
modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.
sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna
in the Department of Communications, the Marine and Natural Resources
!["](/quotes.gif)
Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, má bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar aireacht shinsearach dó sa Roinn Talmhaíochta nó
sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.
an tAire Cumarsáide
the Minister for Communications
!["](/quotes.gif)
Is dea-scéala é, mar sin, go bhfuil
an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, ag caitheamh súile ar shlite leis an fhadhb seo a leigheas.
easpa cumarsáide
lack of communication
!["](/quotes.gif)
Bhí
easpa cumarsáide idir na cumainn Ghaelacha sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus bhí sé mar aidhm, agus tá fós, scátheagras na gcumann Gaelach a bhunú.
cumarsáid phearsanta
personal communication
!["](/quotes.gif)
Tá tú in ann plé agus
cumarsáid phearsanta a dhéanamh leis na páistí.
bua na cumarsáide
a talent for communication
!["](/quotes.gif)
Bíonn
bua na cumarsáide ag an pháiste dátheangach i mbealach speisialta, ní bhíonn moill air/uirthi modhanna éagsúla a oibriú amach chun fadhbanna a réiteach sa seomra ranga nó sa chlós.
fógraíodh post mar bhainisteoir cumarsáide
the job of communications manager was announced
!["](/quotes.gif)
”
San idirlinn, rinne sé céim dlí, agus ansin
fógraíodh post mar bhainisteoir cumarsáide san Údarás, nó ceannaire eolais mar a tugadh air ag an am.
mar phríomh-mheán chumarsáide
as a main means of communications
!["](/quotes.gif)
In Alt 8 den Acht, tá ráiteas a deir “déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge
mar phríomh-mheán chumarsáide a *spreagadh*.
níos lú cumarsáide
less communication
!["](/quotes.gif)
Is dócha gur féidir a rá go bhfuil
níos lú cumarsáide i measc daoine na laethanta seo; tá daoine i bhfad níos príobháidí ina saol agus, go minic, ní bhíonn fonn dá laghad orthu comhrá a dhéanamh le bean tí faoi cé as a bhfuil siad tar éis a theacht nó cá bhfuil a dtriall.
ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais
the presentation event of the Oireachtas' communications awards
!["](/quotes.gif)
Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag
ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
de chóras riaracháin agus cumarsáide na Gaeilge
of the administrative and communications system of the Irish language
!["](/quotes.gif)
Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil an chuid is tábhachtaí
de chóras riaracháin agus cumarsáide na Gaeilge lonnaithe sa cheantar céanna.
i réimse na cumarsáide
in the communications area
!["](/quotes.gif)
Tá rian na d*tripods* le feiceáil ar thaobh an bhóthair agus, mar a dúradh in “Ar Son na Cúise” in *Foinse*, tá an baol ann go mbeidh níos mó iriseoirí i gConamara ná mar atá clocha! Déanaim amach go bhfuil cuid mhaith os cionn trí chéad duine ag obair
i réimse na cumarsáide ó Bhearna go Carna – idir TG4, Raidió na Gaeltachta, *Foinse*, Telegael, “Ros na Rún” agus Gael Media, mar aon le saoririseoirí agus araile.
Aire Cumarsáide
Minister for Communications
!["](/quotes.gif)
Bhí Máire Geoghegan-Quinn díreach ceaptha mar
Aire Cumarsáide agus chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici agus comhairle a chur uirthi.
ré órga na cumarsáide.
the golden age of communications.
!["](/quotes.gif)
Ní haon áibhéil a rá gur athraíodh iriseoireacht na Gaeilge ó bhonn i mí Dheireadh Fómhair 1996 agus gur cuireadh tús le
ré órga na cumarsáide.
gléasanna cumarsáide
communications devices
!["](/quotes.gif)
Is éard atá ann ná tromaíocht a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, an guthán soghluaiste agus
gléasanna cumarsáide eile.
ollmheán cumarsáide amháin
one mass communications medium
!["](/quotes.gif)
Ag an am sin, ní raibh ach
ollmheán cumarsáide amháin againn, an chlódóireacht.
cumarsáid
communication
!["](/quotes.gif)
Bíonn
cumarsáid deacair i gcónaí idir dreapadóirí, ach sa deireadh d’éirigh linn cur in iúl do Keith gur ghá dó Lyndsay a ligean anuas.
a mbealach cumarsáide
their communications route
!["](/quotes.gif)
D’éirigh cúrsaí ní ba mheasa ansin de bhrí go raibh
a mbealach cumarsáide gearrtha.
bosca uirlisí cumarsáide
a box of communications tools
!["](/quotes.gif)
Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá
bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach anois le go dtig leis feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais.
don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
to the Joint Committee on Communications, Marine and Natural Resources
!["](/quotes.gif)
I bhfianaise a tugadh
don Chomhchoiste um Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha in Eanáir 2007, dúradh nach ionann an teilifiseán a
thuilleadh agus bosca i gcúinne an tseomra suite.
meán cumarsáide
the medium of communication
!["](/quotes.gif)
Níl sa Ghaoluinn dúinne ach an
meán cumarsáide taobh istigh den ghnó.
scileanna an-mhaithe cumarsáide
very good communication skills
!["](/quotes.gif)
Níl bhíonn sé ag iarraidh jóc a insint duit gach cúig nóiméad agus is duine oscailte é a bhfuil
scileanna an-mhaithe cumarsáide aige.
cumarsáid bhunúsach
basic communication
!["](/quotes.gif)
Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann
cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge.
mar mhodh cumarsáide
as a means of communication
!["](/quotes.gif)
Úsáideann siad ceol
mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
le teagmháil níos láidre a chothú
to encourage stronger contact, communication
!["](/quotes.gif)
Beidh siad ag reáchtáil comhdhála, Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, i Nua-Eabhrac i lár na míosa seo le lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a thabhairt le chéile agus
le teagmháil níos láidre a chothú idir pobail na teanga ar an dá thaobh den Atlantach.
eagras cumarsáide
a communications organisation
!["](/quotes.gif)
Scarúnaithe Tá Erkin Alptekin, iarfhostaí de chuid Radio Liberty –
eagras cumarsáide a bhfuil baint an-láidir ag an CIA leis – an-ghníomhach i ngluaiseacht an scartha.
cumarsáid níos éifeachtaí
more effective communication
!["](/quotes.gif)
Ach caithfidh Rialtas na hÉireann agus ceannairí eile na hEorpa teacht ar bhealach éigin le
cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh leis na gnáthdhaoine.
ag soláthar seirbhísí cumarsáide
supplying communication services
!["](/quotes.gif)
Ina measc tá Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge; Connla Lawlor, ar príomhfheidhmeannach *Lá Nua* í; agus Sadhbh Bhreathnach a chaith tréimhse mar bhainisteoir branda le L’Oreal sular thosaigh sí
ag soláthar seirbhísí cumarsáide trí mheán na Gaeilge le Stillwater Communications.
Teip cumarsáide
a communications failure
Teip cumarsáide mar sin ó rialtas a bhfuil bolg ag teacht air tar éis chóir a bheith dhá bhliain déag i gcumhacht.
teagmháil
communication
!["](/quotes.gif)
Ba dhoiligh iad sin a fháil thart ar an tábla i mo theachsa - níl an oiread sin measa ar iriseoirí Eoraipeacha i súile pholaiteoirí Meiriceánacha!"Ba é an aidhm a bhí agam leis an dinnéar sin ná rud ar a dtugann na Meiriceánaigh "power dinner" air, ach tarraingíodh isteach sa scéal mé cionn is gur gheall na Meiriceánaigh do rialtas na Breataine nach mbeadh
teagmháil ar bith acu le Adams agus seo é Nancy Soderberg ag bualadh leis "off campus" mar a déarfá.
réabhlóid chumarsáide
communications revolution
!["](/quotes.gif)
Tá na corporáidí proifisiúnta ag labhairt leis na saineolaithe "amaitéaracha" seo chun tuiscint níos mine a fháil ar an
réabhlóid chumarsáide seo.
shrutha cumarsáide
avenues of communication
!["](/quotes.gif)
Ligeann an greasán dom mo
shrutha cumarsáide a leathnú amach thar mar a d'fhéadfainn riamh roimhe seo.
gcumarsáid dhíreach
direct communication
!["](/quotes.gif)
Chuaigh sé i
gcumarsáid dhíreach leis an náisiúin ar an raidió.
droch-chaidreamh
bad communications
!["](/quotes.gif)
Sna 1980í luatha, bhí
droch-chaidreamh amach is amach idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine i ndiaidh na stailceanna ocrais agus cogadh na Malvinas, ach le theacht Garret Fitzgerald ina chomharba ar Charlie Haughey, tháinig feabhas ar an chaidreamh.
chumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Chuir sé an iontas orm a léamh san Irish Times, thiar sna seascaidí go raibh foirne sacair i nGaeltacht Dhún na nGall a raibh an Ghaeilge á husáid mar ghnáth-theanga
chumarsáide i measc na n-imreoirí! Ag dul ó scil orm a bhí sé, cén chaoi a d’fhéadfá a bheith ag labhairt Ghaeilge agus ag imirt an chluiche ghallda.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Is acmhainn dhaonna é agus baineann sé leis na scileanna
cumarsáide sin a theastaíonn leis an tráchtáil eolais a fheidhmiú.
Cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Grád: C
Eamon Ryan (An tAire
Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha)
Aire cumasach - ach comhghéilleadh le déanamh ar chuid mhaith de pholasaithe na nGlasach ar chúrsaí fuinnimh de bharr costas ró-ard a bheith ag baint leo le linn cúlú mór eacnamaíochta.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
D’fhás éabhlóid
cumarsáide as.
cumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
Tagann gléas nua
cumarsáide ar an saol in aghaidh na seachtaine agus cuireann an chuid is mó acu daoine i dteagmháil leis na suíomhanna móra leictreonacha.
caidreamh
communication
!["](/quotes.gif)
Tosaíonn an
caidreamh slánaithe eatarthu.
cumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Ní chosnaíonn na huirlisí
cumarsáide seo mórán ó thaobh airgid de ach tá a fhios ag éinne a ghlac cuntas ar Facebook riamh gur féidir na céadta a chaitheamh gan stró ag breathnú trí ghriangraif bhainise col seisir éigin nach bhfuil feicthe agat ó do chéad chomaoineach.
Cumarsáid
communications
!["](/quotes.gif)
Rinne Susperregui, a mhúineann
Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.
teagmháil
communication
!["](/quotes.gif)
Maíonn an cara seo le dílseacht fhraochta go n-éascaíonn na suímh shóisialta an
teagmháil idir dhaoine, ach ina cás sise, is mó de chaidreamh leictreonach ná den fhíorchaidreamh daonna a bhíonn i gceist.
caidrimh
communication
!["](/quotes.gif)
Léadh sinn fá achan ghné de leadrán saoil a chéile?!
Tá na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh fá shonraí gan mhaith laethúil ‘cairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoine – i bhfad, bhfad barraíocht, nuair gur ‘daoine aitheantais’ atá iontu i ndáiríre, agus tá ‘daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann tú machnamh ar an leibhéal cairdis nó muintearais nó
caidrimh nó idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist.
cumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Cé gurb é an Béarla gnáthmhodh
cumarsáide na mball, tá níos mó cainteoirí Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael ná mar atá in aon eagraíocht eile sa tír.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Cúrsa
cumarsáide a bhí ansin.
teagmhála
communication
!["](/quotes.gif)
Cé go bhfuil grúpaí ar fud na tíre ag múineadh na Gaeilge, ní bhíonn mórán
teagmhála againn lena chéile.
chumarsáid
communication(s)
!["](/quotes.gif)
Bhí seisiún againn ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath den teideal: "Plé ar
chumarsáid agus ar nascanna idir grúpaí," agus is é an rud a shocraigh muid, cruinniú a eagrú sa Bhreatain chomh luath agus is féidir.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Cuireadh tús leis i Feabhra 1986 nuair a d’eirigh leis an Mossad an ‘Traíoch,’ gaireas
cumarsáide, a chur isteach go rúnda in árasán i Tripoli.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Tuigim go bhfuil sé deacair gabháil i ngleic leis na bealaí
cumarsáide nua.
chumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
com/watch?v=EEIGSBpZURc) Tá sé riachtanach an fócas sin a thabhairt ar ais do Roinn na Gaeltachta, le go mbeidh sé in ann an méidín beag den Ghaeltacht, ina n-úsáidtear an Ghaeilge go fóill ann mar ghnáth-theanga
chumarsáide, a tharrtháil ón díothú teanga atá i ndán di, má ligtear do chúrsaí dul ar aghaidh mar atá.
cumarsáid
communication
!["](/quotes.gif)
Ach trí scileanna tumoideachais agus cainte agus
cumarsáid bhéil a bhaineann leis an saol réadúil, laethúil a mhúineadh do dhaoine, cruthaíodh cainteoirí nua, cainteoirí breátha cumasacha, i gcúig cinn agus fiche de theangacha éagsúla.
cumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
Sa bhreis ar sin, thuig siad go raibh na dúshláin inmheánacha chéanna acu i ndáil le cúrsaí iompair,
cumarsáide, trádála agus oibreachais.
cumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
“Tá níos mó ná nuachtán i gceist le Gaelscéal – is modh caidrimh agus
cumarsáide atá ann idir lucht labhartha agus léite, scríofa agus éisteachta na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
chumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Tá leath de limistéar Cathair na Gaillimhe sa nGaeltacht go fóill! Dá reáchtáilfí toghchán Údarás na Gaeltachta i mbliana, mar ba chóir, bheadh níos mó vótaí sa toghchán i gCathair na dTreabh ná mar a bheadh sa gceantar Gaeltachta chois cósta a shíneann ón Spidéal siar go Carna, ’sé sin, an ceantar i gConamara Theas ina úsáidtear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga
chumarsáide go laethúil.
cumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
Taobh le taobh a chónaigh muintir na hOllainne agus daoine de bhunadh inimirceach – gach dream ina bhosca beag féin agus a laghad
cumarsáide eatarthu agus ab’fhéidir, díreach mar a chónaigh Caitlicigh, Protastúnaigh agus sóisialaigh san Ísiltír ina mboscaí beaga féin roimh an Dara Cogadh Domhanda.
Cumarsáide
communication(s)
!["](/quotes.gif)
Tá sé curtha i leith an Aire
Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamonn Ó Riain TD, ag príomhfheidhmeannach Aontas Peil Rugbaí na hÉireann (IRFU), Philip Browne, go scriosfaí an cluiche rugbaí in Éirinn má chuirtear moltaí áirithe ón Aire maidir le craoladh teilifíse cluichí móra rugbaí i bhfeidhm.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Chomh maith le sin, tá siad iontach ag comhoibriú le chéile le rudaí a fháil déanta agus ag baint usáid as modhanna
cumarsáide nua.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
Óir is straitéis í atá lán den bhéal bán ach nach dtéann i ngleic go sásúil le seasamh na teanga i gcúrsaí oideachais,
cumarsáide ná riaracháin.
chumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Deirtear, gan fiacal a chur ann, nach mbeidh an chéad ghlúin eile sa nGaeltacht ag úsáid na Gaeilge ‘mar theanga
chumarsáide’ mura gcuirtear ‘cosaintí teanga dóthanacha’ ar fáil.
córas cumarsáide
communications system
!["](/quotes.gif)
Séard atá i gceist leis an bhfeidhmchláirín *iPhone/ iPad/ iTouch* seo ná
córas cumarsáide dóibh siud atá neamhbhriathartha agus páistí le huathachas, ach go háirithe.
fíorbheagán caidrimh acu
they have very little communication
!["](/quotes.gif)
Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach
fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana.
cumarsáide
of communication
!["](/quotes.gif)
Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga
cumarsáide sa tír seo.
Cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
An tAire
Cumarsáide, Tuaithe agus Gaeltachta: Frank Feighan
=============================
Tabharfar tús áite dó thar a chomhleacaí, Fergus O Dowd (ainneoin Gaeilge a bheith aigesean!) de bharr a dhílseacht do Kenny.
caidreamh
communication
!["](/quotes.gif)
Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an
caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola.
cumarsáide
communications
!["](/quotes.gif)
I nDeabhaidh Lainne
===========
Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na
cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
chumarsáid an idirlín
internet communication
!["](/quotes.gif)
Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht
chumarsáid an idirlín i dtreis.
cumarsáid
communication(s)
!["](/quotes.gif)
Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le
cumarsáid leis na custaiméirí.
chumarsáide
communication
!["](/quotes.gif)
** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga
chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.