Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh cumarsáide communicating
" Deir na saineolaithe go mbíonn deacrachtaí ag fir óga ag déanamh cumarsáide, nach mbíonn siad ábalta a gcuid mothúchán a phlé lena dtuismitheoirí nó le cairde.
deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile they have an opportunity to be in communicate with each other
" Mar sin, ócáid mhór is ea “ILALA Day” – is é sin, nuair a bhíonn an bád ar feistiú – mar go mbíonn deiseanna díolacháin ag daoine agus deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus sos a ghlacadh ó obair an lae.
cumarsáid a dhéanamh to communicate
" Nasc cultúrthaBhí teorainn lena raibh siad ábalta a rá lena chéile i mBéarla nó in Araibis; ba trí na leabhair agus na pictiúir a d'éirigh leo nasc cultúrtha a chothú agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
cumarsáid to communicate
" Le dua fuarthas bealach lena scríbhneoireacht a mhealladh agus deis a thabhairt dó cumarsáid leis an domhan mór.
cumas cumarsáide ability to communicate
" Bíonn ceannaire mór de dhíth in am na cinniúna, duine a bhfuil fís aige, duine a mhothaíonn an ghaoth stairiúil, duine a ghlacfaidh leis an dúshlán mhór mar ghlaoch ó na déithe, duine atá sásta a thodhchaí féin, uaireanta a bheatha féin, a chur i mbaol mhór, agus duine a bhfuil cumas cumarsáide den scoth aige.
ag caidreamh communicating
" Bheadh urlár dá chuid féin ag achan eagraíocht agus iad ag comhrá agus ag caidreamh lena chéile gach lá agus ag malartú tuairimí ar an Stráitéis 20 Bliain ag an sos caife.
cumarsáid communicate
" ’ De réir na tuarascála, tá dreamanna ar nós al Qaeda ag úsáid an Idirlín le haghaidh síolteagaisc, le sceimhlitheoirí a earcú, agus le cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
cumarsáid a dhéanamh leo to communicate with them
" Saothrófar na milliúin ar na turasóirí ar fad a mheallfaidh na mórimeachtaí seo, ach le teacht i dtír ar na fámairí chucu, ní mór a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leo.
le cumarsáid a dhéanamh to communicate
" Dá bhrí sin, ’sé an bealach is éasca a úsáidtear le cumarsáid a dhéanamh, is é sin, Béarla a labhairt.
cumarsáid a dhéanamh to communicate
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
le teagmháil to communicate
" Bhain an drong póilíni feidhm as carr RUC le cinntiú nach raibh Arm na Breataine sa cheantar; bhain siad feidhm as raidiónna an RUC le teagmháil lena chéile agus bhí éadaí an RUC orthu faoina gcuid *boiler suits*.
slí chumarsáide go bunúsach basically a way to communicate
" Is éard atá in aon teanga, nós urlabhra / slí chumarsáide go bunúsach.
scannán an chomhchaidrimh a film about communicating
" Scéal grinn aigneolaíoch atá déanta aige, scannán an chomhchaidrimh.
cumarsáid a dhéanamh le to communicate with
" Gealltar comhéadan iomasach a ligfidh d’aon duine beo cumarsáid a dhéanamh le rud ar bith ar Idirlíon na Rudaí.
nósanna cumarsáide úrnua brand new habits of communicating
" De réir a chéile, táimid ag dul i gcleachtadh ar nósanna cumarsáide úrnua atá saor ó rialacha agus ó chaighdeáin.