Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach,
comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir?
Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.