Ní bheadh aon locht agam air as an scairdeitleán a úsáid ar thuras chuig saighdiúirí na hÉireann i N’Djamena i
Sead i mí an Mheithimh (ar chostas €102,570) cionn is nach bhféadfaí a bheith ag dréim go mbeadh ar Aire rialtais taisteal go ceantar cogaíochta ar ghnátheitleán! É sin ráite, is deacair a shamhlú cén gnó a bhí ar siúl ag an Aire O Dea i bPáras na Fraince i mí Feabhra seo caite a bhí chomh práinneach sin go raibh air scairdeitleán an rialtais a thabhairt leis ar thuras lae ar chostas beagnach €25,000.