Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomhréiteach shochrach shóúil advantageous, comfortable compromise
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
téagartha comfortable
" Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, "Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!" Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá … An bhfuiltear ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt.
ar ár sáimhín só living a comfortable life
" Tá seo á dhéanamh againn mar go bhfuil muid féin ar ár sáimhín só agus níor mhaith linn ár gcompord agus ár gcaighdeán maireachtála a roinnt leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste.
sócúlach comfortable
" Níl a fhios agam cad é a thug orm iad a cheannacht nó níl siad sócúlach ar dhóigh amháin nó an dóigh eile.
chluthar comfortable
" Bhí cuma theolaí chluthar ar an lóistín, i gcomparáid leis an domhan liath geimhriúil taobh amuigh.
cluthar comfortable
" Is féidir le páistí bricfeasta Santa a fheiceáil agus seomra leapa na gclutharachán fosta.
ar a sheascaireacht comfortable
" Bheadh an léitheoir céanna ag dúil lena fháil amach gur saol traidisiúnta a fhágann sé ina dhiaidh sa bhaile, saol athartha a mbíonn sé ar a sheascaireacht ar bhealach éigin ann, agus go mbeidh sé ar a mhíshocracht dá réir san áit a bhfuil a thriall.
ar mo shuaimhneas go leor comfortable enough
" AÓF: An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim? MNA: Ní thógann is dócha, ach tógann sé tamall go dtí go mbím ar mo shuaimhneas go leor chun é a chanadh os comhair lucht éisteachta! AÓF: Inis dom faoin bhfeadóg mhór.
sócúlach comfortable
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
sciobóilín cluthar comfortable little barn
" Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an *savannah*.
an saol sócúlach the comfortable life
" An tuiscint nach raibh idir an saol sócúlach agus an saol eile ach sciorradh coise.
cluthara comfortable
" Cuid de pharóiste Ros Muc é atá suite idir Casla agus Scríb agus gan le feiceáil ann ach cnoic, lochanna, farraige, portach agus tithe néata, cluthara anseo is ansiúd.
sócúlach comfortable
" Nuair a bhuail mé le hAnna Heussaff ina teach cónaithe sócúlach ar an Chuarbhóthar Theas ag deireadh na míosa seo caite bhí sí ag fanacht go neirbhíseach leis na chéad chóipeanna dá húrscéal, *Bás Tobann*, a theacht ó na clódóirí.
theolaí comfortable
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
sócúlach comfortable
" Chun moladh a fháil uaithi, shocraigh mé go gcláróinn mar bhall den chumann sin! Is dócha gur thit mé i ngrá le scannánaíocht ansin, agus de réir a chéile thit mé as grá léise!” Bhuail mé le Marcus le déanaí ina theach sócúlach i gceantar Thír an Iúir i mBaile Átha Cliath le labhairt leis faoina chuid scannánaíochta agus faoina shaol.
fiú má bhraitheann siad ar a suaimhneas even if they feel comfortable
" com, “agus níl an t-am acu duine a lorg i mbeár, fiú má bhraitheann siad ar a suaimhneas á dhéanamh sin.
róshócúlach agus róshotalach too comfortable and too arrogant
" Cén t-ionadh, mar sin, go bhfuil cuid acu ag éirí róshócúlach agus róshotalach? Tá ról faire ag an fhreasúra mar sin lena chinntiú nach ligeann an rialtas na maidí le sruth agus le brú a chur orthu éirí as oifig má bhíonn aon ní cam ar bun acu.
sócúlach comfortable
" Chonacthas do dhaoine i gCeanada nach mbeadh ag déanamh tinnis do Gretzky feasta ach an saol bog sócúlach.
i bpluais chluthar lánfhostaíochta an Tíogair Chraosmhair Cheiltigh in the comfortable cave of the Voracious Celtic Tiger
" Ní bhfaighfeá an meon sin anois i bpluais chluthar lánfhostaíochta an Tíogair Chraosmhair Cheiltigh.
compordach comfortable
" Bhí cóisir bhríomhar ar siúl sa bheár beagnach gach oíche, agus bhí na seomraí mór, compordach agus saor.
compordach sa mheánaicme, comfortable in the middle class,
" “An tríú glúin, bhí an t-airgead acu, bhíodar compordach sa mheánaicme, bhí oideachas acu agus ba iad seo a chuir suim ina bhfréamhacha agus ina gcultúr.
na suíocháin mhóra chompordacha. the big comfortable seats.
" Tá rogha agat; casann roinnt daoine (réaltaí roc, baincéirí agus a leithéid) ar chlé, agus ar aghaidh leo go dtí na suíocháin mhóra chompordacha.
Ní raibh bua róchompordach ag an Rialtas The Government did not have too comfortable a victory
" Ní raibh bua róchompordach ag an Rialtas i gcás na tairisceana seo ach oiread mar gheall ar go raibh naonúr Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil as láthair.
ríchompordach very comfortable
" Agus is léir go bhfuil Irial ríchompordach taobh istigh dá spící féin, compord nach mbraithfeadh sé dá mbeadh sé ag obair in eagraíocht mhór nó le craoltóir, fiú.
na héadaí compordacha oíche the comfortable night clothes
" Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
staid bheag chompordach small comfortable stadium
" Is staid bheag chompordach é an “Gabba” ar féidir le suas go 42,000 duine a bheith i láthair ann.
tromlach compordach comfortable majority
" Bhuaigh siad ceithre shuíochán is fiche sa bhreis, agus dá bhrí sin, beidh tromlach compordach acu i dTeach na n-Ionadaithe go ceann trí bliana.
níos sócúlaí agus níos oiriúnaí more comfortable and more suitable
" Dá bhfeicfeá an t-athrú a tháinig orm mar gheall ar na buataisí úra – bhí sé dochreidte! Bhí siad cosúil le slipéir bhailé! *Top tip: *agus tú amuigh ag sciáil, má bhíonn fonn ort do chosa a chogaint díot ag na glúine le deireadh a chur leis an phian, seans go bhfuil buataisí eile amuigh ansin a bheadh níos sócúlaí agus níos oiriúnaí duit.
de chuid mheánaicme shócúil leithliseach na hardchathrach. of the comfortable, selfish middle-class of the metropolis.
" Is scríbhneoir í atá pósta ar fhorbróir, tá mac acu agus tá sí ina ball sona (murab ionann agus sásta ar fad) de chuid mheánaicme shócúil leithliseach na hardchathrach.
sómasach. easy, comfortable
" Meastar go forleathan go bhfuil saol an mhadra bháin againn sa phríomhchathair, agus go mbíonn ar cháiníocóirí eile sa tír íoc as ár saol sómasach.
chomh compordach as comfortable
" Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh.
cúlra deas compordach nice comfortable background
" Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam.
sócúil comfortable
" B’fhéidir nach raibh sé sa chinniúint ag Liam go mbeadh sé ina phéintéir mar ní raibh saol sócúil aige agus é ag fás aníos - bhí sé tinn ar feadh i bhfad agus ní raibh mórán airgid sa chlann a ligfeadh dó a aisling a leanstan.
sócúlach comfortable
" Níl sé a dhath ach cúig chéad ciliméadar ar shiúl ón mhol thuaidh, ach cosúil linn féin, coinníonn Sruth na Murascaille an áit breá sócúlach ó thaobh teochta.
dóigh sásúil comfortable
" Deir na Póilíní go bhfuil dóigh sásúil ar an fhear san otharlann - tá sé marbh.
sócúla comfortable
" Agus cupán caife an duine againn, buailimid fúinn ar chathaoireacha sócúla, ach is gearr go gcaithfimid crochadh linn arís as an áit mar gheall ar ghlór is ghlisiam na gcustaiméirí.
shóchúil comfortable
" Cuireann an Taoiseach, Enda Kenny, an milleán uilig ar róchaiteachas na rialtas a chuaigh roimhe agus ar an chaidreamh shóchúil idir Fianna Fáil agus tionscal na tógála.
ar mo shuaimhneas comfortable
" Ní bheinn ar mo shuaimhneas ag scríobh i mBéarla.
níos sócúlaí more comfortable
" Páirtí den eite dheis is ea an Páirtí Poblachtánach, ach tá go leor sa pháirtí sin atá níos sócúlaí sa lár.
te teolaí warm and comfortable
" Cuir i gcás, san fhómhar, fásann fionnadh níos tibhe ar ainmhithe ar leith, chun iad a choimeád te teolaí san aimsir fhuar mharfach seo.
sócúil comfortable
" Tar éis dúinn an t-óstán breá sócúil a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an-díomá ar m’fhear céile nuair a thuig sé nach raibh teilifís ar bith sa seomra.
sócúlacha comfortable
" Tá sé de nós ag turasóirí tae beag a thógáil ann, mar a dhéantar in an-chuid óstáin sócúlacha eile timpeall an domhain.
sócúlach comfortable
" Bhí Achilles sócúlach go leor sular tharla an tobthitim agus sular thosaigh an domhan is a mháthair ag cur brú ar an Ghréig.
tithe sómasacha daingne solid comfortable houses
" San Astráil faoi láthair, mar shampla, tá tithe sómasacha daingne á ndéanamh as 85% de chairtchlár agus earraí athchúrsáilte eile.
réasúnta sócúil fairly comfortable
" Níl uainn ach láthair chruinnithe atá réasúnta sócúil, áit a bhfuil bia agus deoch ar fáil, agus seomraí atá fóirsteanach do na comórtais agus do na himeachtaí éagsúla.
roiseann an fhallaing chompórdach the comfortable mantle tears
" Tuar an Bháis ===== Le linn bricfeasta na maidne dár gcionn áfach, roiseann an fhallaing chompórdach.
iontach compordach very comfortable
" Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d'aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál "am-líne mothúchán" agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl," ar sí.
róshócúlach faoina mbua too comfortable after their victory
" Ach ar eagla go mbeadh pobal na Gaeilge róshócúlach faoina mbua, níor mhiste ceann a thabhairt don mhéid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, anuraidh.
cluthar comfortable
" Na Muimhnigh agus na Laighnigh abú! Beagán Canúnachais ====== Ach ní ar mhaithe leis an rugbaí a bhí suí déanta agam sa mbistro cluthar seo.
sócúil mar charr a comfortable car
" Is Mór an Ní an tSócúlacht =========== Tá an E46 sócúil mar charr agus, cé nach bhfuil aon rud róspeisialta ag baint leis an ucht eolais, is deas an rud a bheith á tiomáint.
sara raibh mé ar mo shócúlacht go hiomlán before I was really comfortable
" Staid na Gaeilge i gCois Fharraige =============== Thóg sé trí bliana orm i mo chónaí i gCois Fharraige sara raibh mé ar mo shócúlacht go hiomlán leis an dteanga.
sa riocht compordach sin in such a comfortable condition
" Mar sin féin, má bhí sé sa riocht compordach sin go raibh a chúrsaí lán ní cheapfá riamh é ag éisteacht leis ag cur síos ar a chuid pleananna do 2014.
tá sé breá sócúil it’s nice and comfortable
" Maidir leis an taobh istigh den charr, tá sé breá sócúil agus níl aon easpa slí ann.
sócúlacha soilbhre pleasant and comfortable
" Labhair sise faoi na seachtainí speisialta sócúlacha soilbhre a chaith sí in Odious Gael gach samhradh ó ceapadh í ina hUachtarán i 1997.
ar a gcompord comfortable
" Tá sé ag cur brú ar údaráis an CLG Páirc an Chrócaigh a líonadh le huisce ar na hócáidí sin agus go mbeidh sé féin ar ardán ar snámh i lár na páirce – díreach ar mhaithe le muintir na hÉireann a bheith ar a gcompord.
ba cheart di ionad sách sócúil a fháil she ought to find a fairly comfortable spot
" Cinnte má tá sí ag obair lasmuigh den teach caithfidh sí a bheith aclaí ach chomh luath is a thagann sí abhaile ba cheart di ionad sách sócúil a fháil di féin ar an tolg agus a ndóthain a ithe i gcomhair beirte.
ag cur fúm i sealaí beag sócúil living in a small comfortable chalet
" Bhí mé ag cur fúm i sealaí beag sócúil i gCois Fharraige ag an am.
sócúlach easy, comfortable
" Más mian leat saol breá sócúlach a bheith agat agus post le seasmhacht agus teacht isteach rialta, ná bí i d'ealaíontóir - sa tír seo go háirithe.