Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil.
ag obair as lámh a chéile working together, co-operating
" Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.
ag comhoibriú co-operating
" Dúirt Willie Hay, a bhí mar Ard-Mhéara ar Dhoire lá den tsaol, go bhfeicfeadh sé an t-am nuair a thiocfadh le páirtí s'aige bheith ag comhoibriú le Sinn Féin.
comhoibriú libh to co-operate with you
" "Tá ceannaireacht Shinn Féin sásta agus toilteanach comhoibriú libh," arsa Martin McGuinness ag an Ard-Fheis.
comhoibriú co-operate
" Go bunúsach, le tamall anuas ní raibh siad sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa choláiste, NATFHE agus UNSION, i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, cé go bhfuil dualgas orthu, de réir an dlí (Health and Safety at Work Act 1974), é sin a dhéanamh.
ag comhoibriú co-operating
" Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
gan comhoibriú not to co-operate
" Tá siad ag rá freisin gurb é polasaí an rialtais gan comhoibriú le póilíní thar lear i gcásanna go bhféadfaí pionós báis a ghearradh ar dhaoine as an Astráil.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag comhoibriú co-operating
" Feachtas mór poiblíochta a bheas ann agus tá leithéidí Fhoras na Gaeilge, Chonradh na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag comhoibriú linn.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag comhoibriú co-operating
" Tarlaíonn sé sin, go mí-ámharach, i gcásanna nach bhfuil na tuismitheoirí sásta bheith ag comhoibriú leat.
comhoibriú leo to co-operate with them
" Mhol sé dom comhoibriú leo, ach labhairt leo i stáisiún na bpóilíní.
ag comhoibriú co-operating
" Ach má shásaítear Sinn Féin ar cheist na póilíneachta, tá sé geallta ag Paisley go dtosóidh sé ag comhoibriú leo.
ar féidir comhoibriú leis. with whom one can co-operate.
" Ní bean choimhlinte in aon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag obair le *Village*, is é an taithí atá agam ná gur duine é Vincent ar féidir comhoibriú leis.
comhoibriú le chéile to co-operate with each other
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
comhoibriú leis an aos óg to co-operate with the young people
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
comhoibriú lena chéile. to co-operate with each other.
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
ag comhoibriú san Fheidhmeannas, co-operating in the Executive,
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
ag comhoibriú co-operating, working with
" Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
comhoibriú co-operate
" Chuir sé an scéal amach go raibh sé ag súil le comhoibriú ón bpáirtí Poblachtánach, ach má bhí i ndáiríré, ní bhfuair sé é.
comhoibriú co-operating
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
comhoibriú le poblachtánaigh to co-operate with republicans
" Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann.
ag comhoibriú co-operating
" Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.