Duine é a d'fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí sé ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, nó a bheadh i bpianaigh, nó an dá rud.
An ceantar thart orm ar nós uibheacha i gciseán – cnoic, cnocáin agus tulacha – iad ar fad faoi choinleach ach go bhfuil corrphaiste caschoille sna clúideacha nach féidir leis an innealra a shroichint.