Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
De chinniúint by chance
" De chinniúint a bhíos féin i Manhattan.
Is beag an baol domh Some chance
" " "Is beag an baol domh," arsa Cian leis féin ach "Maith go leor" a dúirt sé le McAllister.
caolsheans a slender chance
" " Is mór an gar gur ól an seanphéire deoch nó beirt, ar an laghad bhí caolsheans ann go mbainfeadh siad sult as an lá nuair a thiocfadh sé.
deis chance, opportunity
" Cuirfidh an t-ionad seo cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta sa teanga, sa cheol agus sa tseandálaíocht, sa gcaoi go mbeidh deis acu a scíth a ligint ar an oileán, saor ó bhrú agus ó fhuadar na cathrach.
deis chance
" Sa chlár "You're a Star" bíonn deis ag an lucht féachana vótáil ar son amhránaithe agus amhrán trí ghlao gutháin a dhéanamh nó teachtaireacht téacs a sheoladh ar ghuthán soghluaiste.
faill chance, time
" Ach shíl sé féin nach raibh faill ar bith ar an chúrsa léargas a fháil ar an traidisiún Caitliceach agus go raibh sé buartha go dtiocfadh leis daoine den traidisiún sin a mhaslú, más de thaisme féin.
go chuas sa tseans that I took a chance
" Táim sásta go maith go chuas sa tseans ag an am sin.
bhronnadar deiseanna scórála they presented scoring chances
" Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
deis eile another chance
" Is éard atá ag teastáil ná go mbeadh deis eile ag iomaitheoirí Chraobh Uladh (faoi mar a bhíonn ag na foirne a chailleann an chéad bhabhta sa Mhumhain/i Laighin), is é sin go mbeadh dhá sheans ar a laghad acu imirt i gcoinne fhoirne Laighean /na Mumhan/na Gaillimhe.
dul sa tseans to take a chance
" " "*No!*" an freagra deimhneach a tugadh orm nuair a d'fhiafraigh mé di an raibh aon eagla orthu dul sa tseans.
fhaill chance
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
faill chance
" Nuair a chluala mé ar na mallaibh gur bhain Mark Haddon duais litríochta Whitbread i Sasana lena úrscéal *The Curious Incident of the Dog in the Night-Time *bhí a fhios agam gur léigh mé léirmheas air sin sa *London Review of Books*, agus má fhiafraíonn duine ar bith díom ar léigh mé an leabhar go fóill déarfaidh mé leis go bhfuil sí agam agus go bhfuil súil agam í a léamh, nuair a bheas mé réidh le beathaisnéis an mhatamaiticeora John Nash, má bhíonn faill agam ar chor ar bith air.
fhaill chance
" Tá mearchuimhne agam ar litir nó ar alt a scríobh Frank Kermode áit éigin ag moladh dá chomrádaithe i saol na litríochta sa Bhreatain eiseamláir an *New York Review of Books *a leanúint nuair a bhí an fhaill acu.
faill chance
" Nuair a chluala mé ar na mallaibh gur bhain Mark Haddon duais litríochta Whitbread i Sasana lena úrscéal *The Curious Incident of the Dog in the Night-Time *bhí a fhios agam gur léigh mé léirmheas air sin sa *London Review of Books*, agus má fhiafraíonn duine ar bith díom ar léigh mé an leabhar go fóill déarfaidh mé leis go bhfuil sí agam agus go bhfuil súil agam í a léamh, nuair a bheas mé réidh le beathaisnéis an mhatamaiticeora John Nash, má bhíonn faill agam ar chor ar bith air.
Is beag is eagal domh fat chance
" " "Is beag is eagal domh," arsa Dónall leis féin.
fhaill chance
" Tá mé faoi gheasa leabhair mar í, agus leabhair nach í, a cheannach agus toiseacht ar a léamh, agus ansin, chomh dóiche lena mhalairt, iad a charnadh ar an urlár cois leapa go bhfaighe mé an fhaill ar a gcríochnú lá níos faide anonn, nó nuair a éalóidh m'aigne ó chuing na heagarthóireachta.
dul sa tseans to take a chance
" Níl siad sásta dul sa tseans, i ndáiríre.
seans cóir a fair chance
" Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.
Beag an baol. No chance.
" An ndéanfaidh Éire aontaithe difear ar bith? An gcuirfear an ruaig ar Marksies agus Burger King? Beag an baol.
Bhéarfaidh sé deis dúinn cuma inteacht a chur ar an áit it'll give us a chance to tidy the place up
" “Bhéarfaidh sé deis dúinn cuma inteacht a chur ar an áit sula dtig siad.
baol chance
" Ag an am sin, is beag an baol a bhí ann go gcasfaí an t-inimirceach Éireannach Jim Guinan agus an t-iriseoir Gwendolyn "Wendy" Bounds ar a chéile.
faill chance
" Ní haon duine mise a dhéanann faillí sna daoine a chuidigh liom in am an ghátair, na daoine a d’oibrigh ó dhubh go dubh ar nós daoine gorma.
ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach giving outsiders a chance
" I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil.
seainsín beag a very small chance
" Mar sin féin, tá seainsín beag ann, má éiríonn leo in aghaidh Nashua, an craobhchomórtas a bhaint amach.
go bhfaighidh tú do sheans until you get your chance
" “Fiú muna nglactar leat an chéad uair, is fiú leanúint ort go misniúil le do chuid oibre agus dul ar ais is ar ais go dtí go bhfaighidh tú do sheans.
dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint. if she gave him a chance to show it.
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
nach bhfaighinn an seans arís that I wouldn't get the chance again
" Bhíos cinnte nach bhfaighinn an seans arís siúl trí hallaí príosúin.
ag meas a sheansanna. weighing up his chances.
" Faoi láthair, mar shampla, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil Al Gore, iarrthóir uachtaránachta na bliana 2000, ag meas a sheansanna.
ag cailleadh a dheise. losing his chance.
" Bhí sé as feidhm ar feadh míonna, rud a chuir isteach go mór air mar gur mhothaigh sé go raibh sé ag cailleadh a dheise.
seans iontach great chance
" Bhí seans iontach ansin ag Sergio Garcia mar nach raibh uaidh ach par ag an bpoll deireanach.
Beag an baol. No chance of that.
" Ach an raibh Dáithí Lacha sásta é sin a dhéanamh? Beag an baol.
amhantar, chance,
" Ach is cumhin liom go raibh mé i mo shuí sa bhanc lá amháin, bhí mé óg agus fiosrach agus dúirt mé liom féin ‘Mura dtéann tú san amhantar, ní bhainfidh tú mórán amach’.
tá seans go bhfillfidh na sléibhte there is a chance the mountains will return
" De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans. especially those who like to chance their luck.
" Diaidh ar ndiaidh, imíonn na custaiméirí, go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans.
Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht there is a good chance that that achievement will be a record
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
Chuaigh sí sa seans She took a chance
" Chuaigh sí sa seans agus is ar éigean a tháinig sí slán.
seans faoin spéir a chance under the sky, any chance at all
" Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007 go léir ina gcoinne.
seans réalaíoch realistic chance
" Mar gheall ar smál a bheith ar an triúir seo, tá seans réalaíoch ag beirt eile atá imeallach faoi láthair – Mike Huckabee ó Arkansas agus Fred Thompson ó Tennessee.
chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. there is every chance that they like my stuff already
" Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin.
áiméar chance
" Bainisteoir eile atá imithe ná Eddie O’Sullivan ach ní hionann a imeacht siúd agus imeacht Holland, mar tugadh áiméar do O'Sullivan é féin a chruthú.
go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, that there is a chance that the music would have gone in another direction altogether
" Deir sé dá mbeadh níos mó ama aige nuair a tháinig an grúpa le chéile an chéad lá riamh go bhfuil seans go rachadh an ceol treo eile ar fad, treo a bheadh níos sásúla.
Cuireann sé barraíocht seansanna amú. He wastes too many chances.
ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann getting his chance on the first team
" Barry Andrews:** Ógánach (tá sé 41 bliain d’aois!) atá ag fáil a dheise ar an phríomhfhoireann mar gheall ar rudaí maithe a bheith déanta aige le bliain anuas, cé nach raibh sé ar an fhoireann taca fiú.
seans nach beag a fair chance
"seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan.
is amhlaidh is lú an seans there is less of a chance
" Dá laghad coisithe agus rothaithe atá ann, is amhlaidh is lú an seans go dtógfar cosáin nó lánaí faoi leith dóibh.
teacht aniar ar bith any chance of recovery
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an phraiseach ar fud na mias faoi láthair agus ní léir go bhfuil teacht aniar ar bith i gConradh Liospóin.
bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam there was every chance that another year would pass me by
" Murach gur thug mé faoin obair ansin, bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam gan an t-albam a dhéanamh.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige the only candidate who had a chance was assassinated
" Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó, agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún.
deiseanna poiblíochta chances for publicity
" Do Phat Kenny thabharfainn carn mór aitinn agus cupán caifé agus neart deiseanna poiblíochta do Gerry Ryan.
is baolach the chance is
" Má d’eitil, is baolach nach mbeidh fágtha ag an triúir sar i bhfad ach na scairdeitleáin.
thugtar an deis given the chance
" Tá orthu a gcuid pleananna pinsin a chur ar leataobh (má thugtar an deis dóibh) agus fanacht ag obair seal eile de bhlianta.
deis a chance
" Nuair a bhí deis agam, sheiceáil mé an Conradh agus chonaic mé go raibh an ceart aici.
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile no second chance
"Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i Timire An Chroí Ró-Naofa,” arsa Balor agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
deis a chance
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
deis dá laghad slightest chance
" Ach maidir le haidhmeanna Iosrael i leith Gaza, ainneoin na seafóide a scríobh colúnaí leis an *New York Times*, Thomas Friedman, ag an am a mhaíomh go raibh deis ag muintir Ghaza anois ‘Dubai ar an Meánmhuir’ a thógáil, ní raibh sé ar intinn ag na hIosraeligh deis dá laghad a thabhairt do na Palaistínigh an limistéar a fhorbairt ar chor ar bith.
deiseanna chances
" “Níl mórán deiseanna acu an teanga a úsáid taobh amuigh don teaghlach” a dúirt John.
deis a chance
" Bhí smaoineamh éigin aige i gcúl a chinn agus thug an t-iompú tobann ina shaol gairmiúil deis dó an smaoineamh sin a scaoileadh amach as a cheann.
an dara suí sa bhuaile second chance
" Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.
faill a chance
" Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.
praiseach dá dheis a mess of his chance
" Tá Jindal, mac inimircigh as an Ind, ceaptha le bheith ina iarrthóir d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtaigh in 2012, ach más ea, rinne sé praiseach dá dheis.
ní bheadh faill agam I wouldn't have the chance
" Dúirt mé liom féin, caithfidh mé labhairt leis an fhear sin ach ní bheinn ábalta dul go Gaza agus ní bheadh faill agam teagmháil a dhéanamh leis bealach ar bith eile dar liom.
deis chance
" Mar sin de, ba chaillte an mhaise dhúinn é agus ba mhór an dearmad é obair na hAithbheochana do leigean ar ceal nó í do chur ar leathtaoibh go dtí ‘go mbeidh deireadh leis an gcogadh’ nó ‘go dtí am éigin ar ball is fearr deis agus faill’.
Dul san fhiontar to get stuck in, to take a chance
deis a chance
" Ba léir ó na pobalbhreitheanna roimh ré go raibh deis ag Nick Griffin faoin chóras seo, dá mbeadh fuarchúis agus freastal íseal ar na bothanna vótála ann.
deis chance
" Bhéarfadh sé seo an deis don Aire Ó Cuív, más ann dó fós mar Aire, na hathruithe a bhí á lua aige do bhonneagar an Údaráis a chur i gcrích.
Tapaíonn sé deis he uses the chance
" Tapaíonn sé deis a gcúram drúisiuil.
deis chance
" html)Fuair mé an deis gabháil isteach ar an oileán i mbliana.
deis a chance
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
deis a chance
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
deis chance
" Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar.
áiméar chance
" Nuair a bhí an teach faighte againn, shocraigh mé gur áiméar a bhí ann sult a bhaint as an tírdhreach, b’fhéidir ag dul amach ag siúl, ag cleachtadh mo chuid Gaeilge agus a bheith ag déanamh pictiúr.
féidireacht chance(s)
" 08 ar an 18ú Nollag 1989? Nó ar fhan gach éinne sa bhaile go dtí go raibh an chontúirt thart? Is iomaí féidireacht ghrinn atá sa chnámh sin den scéal.
deis chance
" Is minic freisin go mbíonn deis ar dhuaiseanna agat agus ar thairgí speisialta trí comhlachtaí a leanúint.
deis a chance
" Bíonn ceardlanna agus seimineáir oiliúna ann ag deireadh na seachtaine scaití agus tugann sin deis do dhaoine as áiteanna éagsúla líonrú a dhéanamh.
deis chance
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
níl aon bhaol there's no chance
" Ó tharla go gcaithfear lóistín a eagrú cúpla mí roimhe sin, níl aon bhaol nach dtiocfaidh siad mura mbíonn tuar na haimsire ag fóirstean.
deis éalú a chance to get away
" Tábhacht na Clainne SMM: Ní bhfuair tú deis éalú ó na gasúir, bail ó Dhia orthu, ó thuaidh go Leitir Cheanainn (mar a bhfuil an tOireachtas) i mbliana? BMC: Is é an rud atá ag cur isteach orm faoin Oireachtas i mbliana, Oíche Shamhna! Gasúir ag gabháil amach! Ní féidir a bheith ag imeacht ó ghasúir Oíche Shamhna.
deis chance
" Bhí rudaí go leor a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh nach bhfuair mé deis – bhí mé ansin le hobair a dhéanamh mar a dúirt mé.
deis chance, opportunity
" Dá mbeinnse saor, muna mbeinnse ag obair, thabharfainn an tráthnóna ag cócaireacht dom féin mar go mbím ar an mbóthar chomh minic agus ní bhíonn deis agam cócaireacht aige baile, seachas a bheith ag ithe amuigh an t-am ar fad.
deiseanna chances
" Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan.
deis chance
" Tá an Straitéis seo le cíoradh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais a bhíonn ag plé le Spórt, Turasóireacht, Ealaíon, chomh maith le Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus deirtear go mbeidh an deis ag an gComhchoiste leasaithe a mholadh ar an Stráitéis 20 Bliain.
darna suí sa bhuaile second chance
" Agus de réir an fhorógra seo, ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as.
tapód an deis I'll avail of the chance
" Ach tapód an deis a thugann a n-eisiúint gar dá chéile chun iad a mheas san aon cholún amháin.
deis chance
" An fiú an dua céanna a chaitheamh leis an nGaeilge a thabhairt le go n-iompóidh sí ina creole lá éigin, fiú más creole ag 250,000 duine é? B’fhéidir gur fiú ach tugann an díospóireacht faoin dréachtstráitéis deis dúinn ár bhfreagra a thabhairt ar an gceist.
thapaíonn a chuid deiseanna takes his chances
" Ach is stócach cliste é ár mbuachaillne, a thapaíonn a chuid deiseanna is a chlár oibre féin sna tréimhsí gearra saoirse sin chomh maith.
deis chance, opportunity
" Bhíos im’ eagarthóir ar an iris Pléaráca i 1997 agus go gairid tar éis a cheapaithe ina Aire Stáit, thug sé an deis dom agallamh a chur air, don iris.
deis chance
" Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.
deis ar bith any chance
" Tá a fhios acu go smaoineoidh daoine anseo as seo amach go bhfuil siad mar a gcéanna leis na Coimeádaigh agus ní bheidh deis ar bith acu dul ar ais i gcumhacht i Halla na Cathrach, gan trácht ar thoghlach/dáilcheantar anseo.
deis chance
" Ba é oíche Shathairn an buaicphointe domsa, nuair a fuair mé deis an banna ceoil ‘Henrietta Game’ a fheiceáil is a chloisteáil sa bPoitín Stil, tugtha ann ag Rónán Mac Aodha Bhuí mar chuid den Chabaret Craiceáilte.
deis chance
" Craolaim clár de thart fá 45 noiméad nuair a bhíonn deis agam suí síos le mo chomhláithreoir, Rosemary MacCabe.
deis chance
" Ní raibh i gceist ag an Aire, Éamonn Ó Cuív, go mbeadh aon deis ag pobal na Gaeilge ná ag pobal na Gaeltachta an Dréacht Straitéis a chíoradh.
deis chance
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
thapaigh siad an deis they availed of the chance
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
deis chance
" Déanann an Coimisiún dianiarracht a chinntiú go mbíonn an deis ag gach éinne vótáil sna toghcháin de bharr go bhfuil sé éigeantach.
deis a chance
" Tá 80% de sceireacha coiréil an domhain i gcontúirt imeacht in éag faoi 2050 agus tá de Caires Taylor ag súil go mbeidh an iarsmalann mara seo in ann na tumadóirí a mhealladh ar shiúl ó na sceireacha coiréil sin atá faoi bhagairt agus deis a thabhairt dóibh teacht chucu féin arís ar ais.
deiseanna chances
" Bhuel ní bheidh sé níos costasaí ná na deiseanna atá caillte i do chloigeann agat, nó i leabhar nóta, nó i bhféilire, go dtí seo! (Rud eile a tharraing m’aird, go bhfuil siad ar tí feidhmchláirín iPhone a seoladh freisin.
deis chance
" Cé go raibh an dream tacadóirí sásta go raibh deis acu iad féin a chur in aithne do Henry, tá siad airdeallach faoin ‘Meiriceánach nua.
deiseanna chances
" 7% gach bliain, mar nach mbeidh na deiseanna ann Gaeilge a úsáid, don té a bheadh ag iarraidh a bheith ina chainteoir laethúil.