Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gafa leis an bpolaitíocht caught up in the politics
" Tá roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is mó a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.
ag breith air catching up with him
" B’fhéidir gur bhraith sé frustrachas freisin toisc gur thuig sé agus é in aois 34 bliana nach raibh sé féin chomh haclaí is a bhí sé, go raibh an t-am ag breith air, nach raibh sé féin i mbarr a chumais agus nach mbeadh arís go deo.
gafa agus an-ghafa caught up in and very caught up in
" Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
theannann tú leis an gcarr, catch up with the car,
" Nuair a theannann tú leis an gcarr, feiceann tú "Bush’s Last Day*" *scríofa go beag faoin dáta*.
chomh sáite sa rud so caught up in the thing
" Má leanann tú ar aghaidh agus ar aghaidh éiríonn tú chomh sáite sa rud nach bhfeiceann tú é a thuilleadh.
ag breith orthu catching up on them
" B'iad seo fathaigh thionscal na gcarr tráth, ach rinneadar cónaí le fiche bliana anuas a fhad is a bhí na comhlachtaí eile as an Eoraip agus as an Áis ag breith orthu.
cuma ghafa go millteanach orm I seem to be terribly caught up
" Tá a fhios agam go bhfuil cuma ghafa go millteanach orm fá rudaí tríú leibhéal, ach tá dearcadh iomlán eile agam agus mé ar ais tar éis fiche bliain agus mothaím go gcaithfidh mé a inse do dhaoine.
gafa caught up (with)
" Ní raibh an tsláinte rómhaith ag m’athair agus bhíodh mo mháthair gafa i gcónaí le páiste óg.
i bhfastó sa snáth mara caught up in the wrack
" Deir na meáin go léir, nach mór, go mbeidh geilleagar Mheiriceá, agus an domhain, ag crapadh níos faide, agus is cosúil, mar sin, nach bhfuil i mBernard Madoff agus a chomhshnámhaithe eile ach an dream a bhí ag snámh ina gcraiceann dearg ar an tanaí is a chuaigh i bhfastó sa snáth mara.
gafa le caught up with
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
ag teacht aníos ar catching up on me
" Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl.
gafa caught up
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
gafa concerned, caught up
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
cheapadh to catch, pick up
" Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
ceangailte caught up
" Sheas an tUachtarán Obama don uachtaránacht leis an ngeallúint go n-athródh sé an córas sláinte, agus tá an Páirtí Daonlathach i gcoitinne ceangailte leis an rud anois.
ag teannadh suas catching up
" De réir a chéile ó bhí tús na mílaoise ann, tháinig sé chun solais go bhfuil roinnt tíortha móra atá faoi fhorbairt (An Brasaíl, an tSín, an India) ag teannadh suas leis na tíortha saibhre ó thaobh neart geilleagair agus polaitíochta de.
gafa caught up
" Tá aithne agam ar fhear an tí anois san áit a dtéim agus mura mbíonn sé gafa ag cúrsaí, caithimid seal ag caint faoi chúrsaí spóirt nó ag trácht ar an aimsir.
dúghafa completely caught up
" Is é sprioc an phríomhcharactair a fháil amach an bhfuil saol a iníne i mbaol nó nach bhfuil, ach le linn an scannáin, tuigeann sé cén fáth a bhfuil sé dúghafa lena sábháilteacht agus tagann an fhírinne faoina charachtar féin chun solais.
dúghafa completely caught up
" An Féinadhradh ======= Creidim féin go bhfuil an naircisíocht ina cúis leis an chaoi a bhfuil tuismitheoirí na linne seo dúghafa lena gcuid gasúr.
fite fuaite caught up, intertwined
" Sin ráite, in ainneoin gur fheabhsaigh caighdeán saoil gach uile dhuine, d’fhan an bhearna idir na boicht agus an uasalaicme chomh leathan is a bhí sí riamh - ach tá an cheist sin fite fuaite le cúrsaí nach féidir a athrú thar oíche, nó le linn dhá thréimse uachtaránachta, fiú amháin.
i ngreim caught up
" Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.
faoi cheangal caught up
" ”* Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile.
gafa le caught up/engaged with
" ” Níor cheart do dhaoine, óg nó aosta, a cheapadh nach fiú a bheith gafa le ceisteanna dá sórt nó nach féidir linn aon ní a dhéanamh fúthu.
gafa leis caught up in
" Bhí mo sheanathair gafa leis an bhfeachtas seo agus chuaigh sé chuig cruinniú i gCorcaigh ag ceapadh gur cruinniú faoi chúrsaí airgid a bheadh sé, ach tharla gur faoi chúrsaí teanga a bhí sé.
gafa le caught up in
" Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí.
gafa caught up
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic could he catch up to his rival
" Ní hé go bhfuil iarrthóir den scoth ag an bPáirtí Daonlathach, ach tá iarrthóir chomh dona sin ag an bPáirtí Poblachtánach gur deacair a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh sé teacht suas lena chéile comhraic.
tháinig sé suas le he caught up with
" Níor ghá dó ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig sé suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.
bhíos gafa le I was caught up with
" Taobh amuigh d’uaireanta oibre, bhíos gafa le hobair Chearta Síbhialta na Gaeltachta ar fud Conamara.
gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin caught up with short term matters at election time
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
gafa le hobair eile caught up in other work
" Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc.
sáite sa caught up in
" Cé go bhfuil sí sáite sa cheol agus an teicneolaíocht, níl sé de dhánacht in Úna bheith ag iarraidh an ceol traidisiúnta a athrú.
b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn I was always caught up in about ten different other things
" Má tá tríocha bliain caite agam le ceird na filíochta, b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn.
gafa i gcónaí leis always caught up in
" Táimid ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti.