Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iompar lucht leanúna carrying supporters
" Tá cur síos sa leabhar ar eachtra amháin dá leithéid a tharla ar thraein a bhí ag iompar lucht leanúna abhaile tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan agus an chaoi ina raibh fir óga a bhí ar meisce ag caitheamh maslaí ciníocha le heachtrannaigh a bhí ar an traein.
ag iompar do shaothair carrying your work
" “An chomhairle a chuirfinn ar ealaíontóirí óga ná go gcaithfidh tú brú a chur ort féin dul amach ansin agus a bheith ceanndána agus tú ag iompar do shaothair thart ar na dánlanna,” a dúirt sé.
le hasal mar bheithíoch iompair with a donkey as a carrying animal
" Is beag duine a théann thar an áit seo gan grianghraf a thógáil de na dealbha déthoiseacha d’oilithrigh ‘ag gabháil thar bráid’ ar muin capaill nó de shiúl na gcos, cuid acu le hasal mar bheithíoch iompair acu.
gunnaí á n-iompar acu. carrying guns.
" Tá muintir an tuaiscirt cleachta le beanna tí a fheiceáil á n-úsáid mar a bheadh canbhás iontu agus iad ag fógairt stair agus polaitíocht a gceantar le pictiúir de leithéidí Bobby Sands, an Rí Liam ar a chapall agus comhraiceoirí in *balaclavas* agus gunnaí á n-iompar acu.
a iompar carrying
" Tá daoine i bpian cionn is nach bhfuil éalú ón phian atá siad a iompar ar feadh níos mó ná 35 bliain i gcásanna áirithe.
faoi ualach carrying a load
" Bhí mé cinnte gur éirigh liom turasóir a aimsiú, é ag tuirlingt ó eitleán Nua-Eabhrac i lár na hoíche, é ag dul rite leis siúl faoi ualach na ndollar a bhí sna pócaí aige.
ar iompar carrying
" Thug sé aghaidh amach le barr faitís faoina bheirt mhac i ndiaidh do dhrong dílseoirí theacht isteach i gceantar na n-Ard/The Heights i gCúil Raithin, buidéil, bataí agus casúir ar iompar acu agus goimh mharfach orthu.
clár crochta carrying placards
" Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu! Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn.
scáthanna fearthainne ar iompar carrying umbrellas
" Tá léaráidí ann d’fhir a bhfuil hataí babhlaera á gcaitheamh acu agus de mhná a bhfuil scáthanna fearthainne ar iompar acu.
ag iompar beart féir carrying a load of grass
" Is gearr go bhfaca mé bean ag iompar beart féir ar leathghualainn.
ina nglaic acu carrying
" Tá Nua-Orléans ar cheann den bheagán cathracha sin a ligeann do dhaoine ól ar an tsráid agus feictear mar sin buíonta ag siúl ar fud an bhaill le gloiní móra deochanna meisciúla ina nglaic acu.
lucht a iompair the people carrying it
" Ní chreidim gur thuig lucht a iompair sin.
ag iompar ualach carrying the load
" An Dóchas agus an Duainéis ============= **SMM: An mbraitheann sibhse sna comhlachtaí go bhfuil sibh ag iompar ualach ‘cúis na Gaeilge’ i saol na meán úr mar a d’iompair an córas scolaíochta cúis na teanga nó cúis na Gaeilge i ndiaidh bhunú an tSaorstáit? An mbraitheann sibh, sna comhlachtaí, go bhfuil ‘dualgas aiséirí na Gaeilge’ oraibh?** CÓC: Braithimse! Mé féin go pearsanta agus tá go leor daoine a mbím ag obair leo a mbíonn an dearcadh céanna acub.
ag iompar cumhráin carrying perfume
" Bhí cuma dheas ar na soilse i lár na cathrach, Margadh na Mór-Roinne faoi lán tseoil ar thailte Halla na Cathrach agus dúscaifte ag rith thart mar a bheadh seangáin ann, ag iompar cumhráin, carbhat, bréagán agus an uile chineál pronntanais.
a bhí á n-iompar which was carrying them
" Scaoil Aerfhórsa na Stát Aontaithe dhá bhuama hidrigine de thimpiste nuair a bhain fadhb don eitleán B-52 a bhí á n-iompar.
beartaithe aige he (was) carrying
" Bhí áiritheoir radghníomhaíochta beartaithe aige seo chomh maith agus ba léir gur thuig sé go maith a raibh le déanamh aige.
agus an churach a iompar carrying the coracle
" Agus más bád ar déanamh na curaí a bhí aige, tóin mhín leathan uirthi seachas an droimlorga, níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir, agus an churach a iompar san áit a bhfuil eas agus mearuisce in Cenarth agus Caisleán Nua Emlyn.
ag iompar lucht tacaíochta carrying supporters
" An bhliain dár gcionn, tharla eachtra sáite ar thraein ar deineadh luíochán air agus a bhí ag iompar lucht tacaíochta Celtic go cluiche i bPàislig.
ag iompar a dhóthain meáchain carrying enough weight
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
máilín olann ar iompar carrying a bag of wool
" Bhí máilín olann ar iompar ag an mbean seo, rud le díol i nGaillimh nuair a bheadh ceann scríbe bainte amach aici.
ag iompar málaí gailf an uasaicme carrying the nobility’s golf bags
" Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O'Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.