Is ábhar iontais é an ciníochas seo atá le mothú go forleathan, go speisialta nuair a smaoiníonn tú chomh cineálta agus chomh fial is a bhíonn muintir na hÉireann nuair a tharlaíonn tubaiste mhór, gorta nó crith talún, cuir i gcás, in áiteanna mar Goma nó an tSúdáin.
Chuaigh Blair agus Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d'fhéadfadh tarlú.