Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí,
cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.