Na coláistí galánta Caitliceacha, na scoileanna rugbaí más mian leat a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha, bhí orthu Gaeilge a mhúineadh do na daltaí, nó ní bhfaighfaidís isteach i UCD a thuilleadh! (
Dála an scéil níor tugadh ariamh a dhóthain aitheantais do cheannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, John Redmond, as an dtacaíocht tábhachtach a thug sé don fheachtas ag an am, nuair a bhí ceannairí náisiúnta móra eile, ar nós John Dillon, ag cur go láidir ina aghaidh.