Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag séideadh aníos tríothu blowing up through them
" Bíonn an fharraige ag séideadh aníos tríothu sa gheimhreadh.
ag pléascadh na háite blowing up the place
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
shíob sé it blew up
" Tá sé an-deacair ag éinne a amharcann air gan a bheith ag meabhrú ar an tionchar a bhí ag an bhuama ar chraiceann agus ar chnámha na ndaoine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith in aice láimhe nuair a shíob sé.
phléascadh of blowing up
" (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.
shíob an carr blew up the car
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
séideadh suas iad they were blown up
" Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu in dá theach sraithe agus séideadh suas iad agus bhíodar anois chun na coirp a bhailiú agus iad a chur isteach i málaí.
phléasc achan rud ansin everything blew up there
" Níl mé ag rá gur chuir mé tús leis na Trioblóidí ach phléasc achan rud ansin agus thosaigh Cath Taobh an Bhogaidh.
phléascadh to blow up
" Maidin inniu, an chéad lá de Lúnasa, beidh sé céad bliain ó rinne scata sufraigéidí faoi cheannasaíocht Mrs Lilian Metge iarracht Ardeaglais Lios na gCearrbhach a phléascadh.