Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos fuiltí bloodier
" I ndiaidh scor an cháis ina éadán, dúirt Stobie féin gur "mionimreoir i gcluiche i bhfad níos mó agus níos fuiltí" a bhí ann.
ionsaithe fuilteacha bloody attacks
" Ag bailiú eolais ======= Is cinnte go bhfuil achan dream - poblachtánaigh, dílseoirí, PSNI agus eití éagsúla d'Arm na Breataine - ag coinneáil súl ar a chéile agus ag bailiú eolais ar a chéile, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil ionsaithe fuilteacha ar na bacáin.
fuilteach bloody
cogadh fuilteach bloody war
" Bíonn siad beirt ag caint ar an ghuthán gach cúpla lá agus beidh Cathal ag tabhairt aghaidhe ar Neipeal arís an geimhreadh seo, in ainneoin go bhfuil cogadh fuilteach á throid le tamall anuas idir treallchogaithe cumannacha agus fórsaí an rialtais.
coimhlint fhuilteach inmheánach bloody internal conflict
" Faoi láthair, tá coimhlint fhuilteach inmheánach ar siúl idir cuid acu.
Cosa fuilteacha bloody feet
" Cosa fuilteacha le taispeáint i gcruthú ar stadas oilithrigh!" Oilithreacht de shórt eile a bhí i gceist ag Balor: bhí sé ar a bhealach chuig Gleann Cholm Cille, áit a mbíodh na cúrsaí samhraidh dá rith ag Oideas Gael san am fadó: "Agus mé ag teacht amach as an Charraig bhí mé ábalta é a fheiceáil os mo chomhair amach," a mhaíonn Balor an Fathach Formadach.
an diabhal léine seo this bloody shirt
" "Má luann tú an diabhal léine seo uair amháin eile," arsa Aindí, "dhéanfaidh mé luíochán ort agus beidh tú nimhneach mí.
fuilteacha bloody
" Léiríonn a phíosa "Christos Aneste", atá le feiceáil in eaglais i nGlaschú, Íosa á shíneadh féin amach ón chrois, a lámha fuilteacha sínte amach aige, Sátan fágtha ar chroch ar a chúl.
fuilteach bloody
" B'am fuilteach é, ar ndóigh, i dTuaisceart Éireann, agus bhí Domhnach na Fola tar éis tarlú i nDoire cúpla lá roimhe sin.
Bhí an t-am dearg acu about bloody time
" "Bhí an t-am dearg acu," arsa Clíona agus cár uirthi.
i bhfad níb fhuiltí much bloodier
" Ach ag an am sin, laistigh de sheacht mbliana, bhí glúin óg eile i mbun feachtais mhíleata ag iarraidh deireadh a chur le cumhacht na Breataine in Éirinn, feachtas a mhairfeadh 30 bliain agus a bheadh i bhfad níb fhuiltí ná an ceann a chuaigh roimhe.
i bhfeachtas fuilteach in a bloody campaign
" Le tamall beag anuas, tá ceathrar maraithe ag an UVF i bhfeachtas fuilteach a bhfuil sé mar sprioc aige deireadh a chur leis an LVF, an mac mire a scar ón chlann i 1996.
fuilteach bloody
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
buille fuilteach bloody blow
" D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.
láthair an chatha ab fhuiltí den chogadh sin the site of the bloodiest battle of that war
" Múnla is ea an t-éirí amach do nach mór gach réabhlóid náisiúnta ó shin i leith, ach cad mar gheall ar an gcogadh cathartha? Cén rian a d'fhág sin ar Mheiriceá? Thugamar cuairt ar Gettysburg, láthair an chatha ab fhuiltí den chogadh sin, chun níos mó a fhoghlaim faoin gcogadh agus faoin eachtra féin.
i ndráma fuilteach na dTrioblóidí in the bloody Troubles play
" Dar ndóigh, i gCalm seo na nDoldrama ina bhfuil tuaisceart na hÉireann suite, níor léim polaiteoirí ar an ardán a bhí fágtha ag an IRA i ndráma fuilteach na dTrioblóidí.
fíochmhar agus fuilteach fierce and bloody
" Is ar dhaltaí scoile a bhíonn an taispeántas seo dírithe de ghnáth, agus tá sé fíochmhar agus fuilteach, rud a thaitníonn le páistí.
miodóg fhuilteach a bloody dagger
" Taispeánadh an uirlisdúnmharaithe don chúirt, miodóg fhuilteach a bhí i mála plaisteach.
ar fheiceáil na miodóige fuiltí di on seeing the bloody dagger
" D\'eascair cairdeas saoil as seo agus is í anbhean a thit i laige ar fheiceáil na miodóige fuiltí di ná Mary Wilsona bhí ina comhfhreagraí le cúrsaí dlí le RTÉ ó 1996 go dtí an bhliainseo.
i gcuimhne Dhomhnach na Fola in memory of Bloody Sunday
" Bhí Colin ina bhall díograiseach den TOM, ag díol an nuachtáin *Troops Out* sna tithe tábhairne Éireannacha agus ag dul síos go Londain gach mí Eanáir don mhórshiúl i gcuimhne Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972.
saothar fuilteach, uafásach a bloody, terrible labour
" Ach seo daoine a chonaic toradh a saothair – saothar fuilteach, uafásach in amanna – ar bhonn láithreach, a deir sé.
an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí the most disgusting and most nauseating and most bloody blood sport
" Tá Balor ag súil agus ag dréim agus ag dúil leis an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí dá bhfuil ann, a léitheoirí dílse.
ar an lá fuilteach úd, on that bloody day,
" Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini, a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
sa chogadh fuilteach in the bloody war
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, the manager of the Bloody Sunday Trust,
" Níorbh fhéidir le Ian Paisley agus Martin McGuinness duine amháin a ainmniú a mbeadh an bheirt acu sásta leis/léi, mar sin roghnaigh siad ceathrar – bainisteoir Iontaobhas Dhomhnach na Fola, Patricia McBride; Bertha McDougal a bhíodh ina Coimisinéir d’Íospartaigh go dtí seo agus ar mharaigh an INLA a fear céile a bhí ina phóilín san RUC; Brendan McAllister ó Mediation Northern Ireland agus an t-iarláithreoir teilifíse Mike Nesbitt.
i bhforéigean fuilteach na 1970í in the bloody violence of the 1970s
" Ghlac Hughes páirt go fonnmhar i bhforéigean fuilteach na 1970í in éadan Arm na Breataine.
cur faoi chois fuilteach bloody oppression
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
crobh dearg, bloody cranes'bill
" Is iad na cineálacha plandaí a bhfuil na hiarrachtaí seo dírithe orthu ná dearna Mhuire, crobh dearg, gliográn, bainne bó bleachtáin agus seamair dhearg.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
fuilteacha bloody
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
créacht fhuilteach bloody wound
" Bhítheas den bharúil go dtiocfadh le ‘míghnaoi’ an chailín óig seo cur isteach ar chustaiméirí leochaileacha agus iad ag déanamh gur créacht fhuilteach a bhí ann.
fuilteach bloody
" I measc na breithiúnais atá le déanamh againn ar aon aiste dá leithéid, tá seo – ar éirigh go hiomlán le Neranjo an maoithneachas a sheachaint nuair a thagann lá fuilteach na cinniúna? Beidh a fhreagra féin ag gach éinne ar an gceist sin.
fhuilteach bloody
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
fuilteach bloody
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
feachtas fuilteach bloody campaign
" Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
Craorag bloody
" Cogadh Craorag Cailleadh agus gortaíodh na mílte le linn an fheachtais ar an gcosán, a chuaigh trí thaobh tíre an-gharbh.
fuilteach bloody
" cfm/world-war-iv--how-it-started--what-it-means---and-why-we-have-to-win-9785 ) Is dóigh nach mbeidh aon namhad fágtha ag Iosrael nuair a críochnófar an dráma fuilteach seo.
fuilteach bloody
" Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
Fhuilteach bloody
" Tír Fhuilteach Fhoréigneach Meastar go bhfuil tuairim is 70,000 Mandaean sa domhan sa lá atá inniu ann agus ba san Iaráic a bhí a bhformhór go dtí le déanaí.
tréimhse fhuilteach bloody period
" Luafaidh na heasaontóirí na himeachtaí i bPort an Dúnáin mar fhianaise agus cuirfear tús le tréimhse fhuilteach eile.
fuilteacha bloody
" Ní ionadh gur thóg a bhás círéibeacha fuilteacha.
fhuilteach bloody
" Marú Kieran Doherty; buama a d'fheadfadh daoine a mharú ar an Iúr; racáin i Craigavon le seachtain anuas, ag dul siar go dtí marú bheirt shaighdiúir Briotánacha, Mark Quinsey agus Patrick Azimkar, ag Beairic Masserene i mbaile Aontroma agus níos faide siar go dtí briseadh a sos cogaidh i 2000, sos a tháinig sna sála ar bhuamáil fhuilteach na hOmaí as a raibh siad freagrach.
fuilteach bloody
" Rinne ceannasaithe fhórsaí na gComhghuaillithe botúin mhíleata go leor roimh an bhfeachtas agus lena linn agus, tar éis leamhsháinn fuilteach fánach, b’éigean dóibh a gcuid fórsaí a aistharraingt gan aon sprioc gnóthaithe acu.
fuilteach bloody
" Is saothar ealaíne gan sáru – fuilteach, ach ealaíonta - bunscannán Alfredson.
thréad fuilteach mac bloody troop of sons
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
Dhomhnach na Fola Bloody Sunday
" Thosaigh sé agus David Cameron ag déanamh leithscéal as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
" Ná ní luann siad Gluaiseacht Cearta Sibhialtachta sa Tuaisceart, Domhnach na Fola agus mar sin de.
lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais foul bloody deeds or revenge followed
" ‘Incendies’ ====== Nuair a fuair an seanfhaltanas eadarchine agus creidimh an ceann is fearr ar Chríostaithe, Muslamaigh agus Drúsaigh sa Liobáin i 1975, lean ainghníomhartha fuilteacha díoltais ar gach taobh.
haistear fuilteach na máthar the mother’s bloody journey
" Trasghearrtar go paiteanta turas na hiníne le haistear fuilteach na máthar roimpi.
thoradh ar eachtraí foréigin fuilteacha a result of bloody violent acts
" Bunaíodh Saorstát Éireann/Poblacht na hÉireann as a bhfuil daoine chomh mórtasach sin mar thoradh ar eachtraí foréigin fuilteacha de chuid Óglaigh na hÉireann.
Cluiche na Fola the bloody game
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
an eachtraíocht fhuilteach seo this bloody adventure
" Shamhlaigh NATO, is léir, nuair a tionscnaíodh an eachtraíocht fhuilteach seo i Libia go dtiontódh na daoine in aghaidh Qathafi, ach ní mar sin a tharla.
chogaí acmhainne fuilteacha bloody resource wars
" Le linn chruinniú mullaigh an Aontais Afracaigh dhá bhliain ó shin, d’inis sé do thart ar 30 ceannairí Afracacha go raibh Iosrael taobh thiar de chuid mhaith de chogaí acmhainne fuilteacha na hAfraice.
dteip fhuilteach bloody failure
" An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.
choimhlint fhuilteach bloody conflict
" Amach ón dóigh ar dhírigh an choimhlint fhuilteach aird an rialtais agus na n-údarás ó dhul chun cinn geilleagrach, rinne sé dochar d’ioncaim an stáit.
is fuiltí dá raibh ann bloodiest ever
" Áirítear an fichiú haois ar cheann de na haoiseanna is fuiltí dá raibh ann.
scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad bloody movies caused the slaughter
" Dar leis, b'iad na cluichí ríomhaireachta agus na scannáin fuilteacha ba chúis leis an slad.
Fearann fola críoch Cruinne the world is a bloody place
" Fearann fola críoch Cruinne, Bíodh cách slán fá chomhartha Go bhfuil d’oidhreacht ar Chlainn Ádhaimh Slad, slad, slad.
Domhnach na Fola Bloody Sunday
B’fhuilteach agus ba dhubh an bhliain it was a dark and a bloody year
" B’fhuilteach agus ba dhubh an bhliain í 1993 i scéal na coimhlinte sa Tuaisceart.
An Cogadh Craorag the bloody war
" An Cogadh Craorag ========= Má thosaíonn aon leath den domhan cogadh eithneach, b’fhéidir gur chuma leo sinne in Éirinn ann nó as agus nach mbacfaidís fiú amháin le diúracán a dhíriú orainn.
Tús Fuilteach Leath an Chogaidh a bloody start (obtains for one) half of the war
" Tús Fuilteach Leath an Chogaidh ========== Cuireadh tús leis an gcogadh beagnach a luaithe is a chuir na coilínigh fúthu in Sydney i mí Eanáir 1788, nuair a mharaigh muintir na háite beirt fhear geal.
ionradh crólinnteach a bloody invasion
" Léiríonn an taighde a scagann Reynolds ina leabhar go raibh ionradh crólinnteach agus cogadh fíochmhar i gceist le coilíniú na hAstráile.
rinneadh ár uafásach fuilteach a terrible bloody slaughter was committed
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ár uafásach fuilteach i Rwanda an bhliain inar toghadh Mandela mar uachtarán.
Dhomhnach na Fola bloody Sunday
" Cad chuige? Cionn is go raibh caint ag dul go raibh an baol ann go gcuirfí an dlí ar na saighdiúirí a bhí freagrach as dúnmharaithe Dhomhnach na Fola.
fuilteach bloody
" Níor mhaith liom go seolfadh Meiriceá nó an ECAT a gcuid tancanna isteach san Úcráin – cé a d’fhéadfadh Cogadh mór fuilteach a shamhlú agus muid ag cuimhneamh ar an Chogadh Mhór a thosaigh céad bliain ó shin.
bhfaighidís an scriosadh fuilteach they wouldn’t get the bloody trouncing
" Dá gcuirfeadh, ní dóigh liom go bhfaighidís an scriosadh fuilteach a fuair siad.
gcoimhlint fhuilteach bloody conflict
" An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
coimhlint fhuilteach a bloody conflict
" Nuair a thug Pádraig Mac an Bhaird aghaidh ar an Bholaiv an fómhar seo caite is beag a shíl sé go mbeadh coimhlint fhuilteach sa tír le linn dó a bheith ansin.
aighneas fuilteach bloody dispute
" Tá Robert McMillen den bharúil nach bhfuil na póilíní sna Sé Chontae róbhuartha faoin aighneas fuilteach atá ar siúl idir an UVF agus an LVF, in ainneoin go bhfuil daoine neamhchoireacha á marú.