Hó, *bloody*, hó!”
“Bhail, a Kebab,” a dúirt Balor, agus é ag caitheamh a shúil nimhe ar a raibh i láthair, “má shíleann tú go bhfuil na *ultra violet rays *contúirteach, gheobhaidh tú amach gan mhoill go bhfuil na GAMA rays níos contúirtí go mór! Hó, bloody, hó!”
Bhí an bheirt bhleaistéirí ag baint sú as *barbecue *samhraidh Bhertie Bhig agus Mháire Mhóir i dTigh Fagan i nDroim Conrach, áit a raibh trí thréad beithíoch
ar bior agus trí chéad galún pórtair sa bhairille mar cheiliúradh ar thús tréimhse eile laethanta saoire.