Chaith an t-iriseoir bocht an chuid eile den oíche i mbréagriocht eile ar fad – mar a bheadh mumaí Éigipteach ann, é clúdaithe le bindealáin ó bhaithis go bonn istigh san otharlann.
Tá deireadh leis an lá a bhfeicfeá laoch foirne ag filleadh ar pháirc an ‘áir’, a gheansaí báite lena chuid fola féin, bindealán bán timpeall a chloiginn, agus an slua tacaíochta ag béiceach go fiáin os ard.
Níl fágtha ag an dtruán dóite seo ó thaobh ghrá an tsaoil de ach lámha grámhara na n-altraí, lámha a chuireann bindealáin gharbha ar a shúile réabtha agus a thomann é gan tuiscint i bhfolcadán uisce.