Beidh ar na heagrais Ghaeilge a n-áit a ghlacadh sa scuaine de bhrúghrúpaí a bheas ag tarraingt ar thithe an rialtais i rith an tsamhraidh le stocaireacht a dhéanamh le nach dtitfidh an tua ar a mbile áirithe siúd.
Ar an drochuair, áfach, tá an díospóireacht ag dul ó mhaith mar gheall ar an nimh agus an drochíde a bhíonn á bagairt ar Bates agus ar a leathbhádóirí.