Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aisíocann an Roinn Comhshaoil the Department of the Environment pays back
" Tar éis an tsaoil, aisíocann an Roinn Comhshaoil €250,000 le haon duine a n-éiríonn leis 12% nó níos mó de vóta an phobail d'fháil.
aisíocaíocht pay-back
" Mar aisíocaíocht, faigheann an aerlíne fóirdheontas ón Rialtas ar son chuile phaisinéir, agus seo sa bhreis ar phraghas an ticéid.
a íoc ar ais to pay back
" Tá daoine eile ag rá nár chóir deontais a thabhairt ach iasachtaí agus gur chóir go mbeadh ar na feilméaraí an t-airgead a íoc ar ais nuair a thiocfaidh an bháisteach.
íoc ar ais pay back
" Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí.
aisíoc to pay back
" Faoin bhliain 2014 beidh ar rialtas na hÉireann €uro amháin as gach cúig a bhaileofar mar cháin a aisíoc ar na fiacha.
in ionad creidmheas a íoc ar ais rather than paying back credit
" An loighic atá ag *SmartyPig* ná in ionad creidmheas a íoc ar ais, is féidir an t-airgead céanna a chur ar leataobh is é á thuilleamh agat.
Is Beag an Toradh ar an gCaiteachas little pay back on the investment
" Is Beag an Toradh ar an gCaiteachas ===================== Feictear domsa, nach raibh, le fada an lá, mórán toradh ar roinnt mhaith de na tionscnaimh éagsúla teanga, a bhfuil sé mar aidhm acu Gaeilgeoirí a dhéanamh de Bhéarlóirí.
gan sciar mhaith de bheith aisíoctha without paying back a large amount of the repayments
" Dálta áiteanna eile, thug na bancanna ó thuaidh méid sheafóideach airgid amach ar iasacht le go gceannódh daoine díomhaoine idir 2000 agus 2008 gan sciar mhaith de bheith aisíoctha, tá líon na morgáistí níos ísle inniu ná mar a bhí sé i 1994.
n-íocfaidís ar ais iad they could pay them back
" I gcás go leor de na daoine a fuair morgáistí le deich mbliana anuas, ní raibh baol ar bith ann riamh go n-íocfaidís ar ais iad.
gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt that he had to pay back
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
aisíocaíochta na nótaí gealltanais paying back the promissory notes
" D’éirigh leo fosta aisíocaíochta na nótaí gealltanais a chur siar.