Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clabhstar cumbersome/awkward person
" " "Nach tú an clabhstar," arsa Fiachra.
amscaí awkward
" " "Tabhair domh an scuab bheag sin, bhuel, agus bhéarfaidh mé iarraidh ar na poill amscaí sin uilig nár bhuair tusa do cheann fúthu," arsa Seán.
tútach crude, awkward
" De léim leamh, lúfar thug gadhar Ghascair fén bhfathach tútach, onóir agus beatha a mháistir á gcosaint aige.
chiotach awkward
" Agus ceist chiotach eile don Rialtas: an dara críochfort ag Aerfort Átha Cliath.
dhá chos thútacha two awkward feet
" Mar a dúirt sé féin: "Is Béalfeirsteach mé, buíochas le Dia; mar sin, tá dhá shúil agam - agus dhá chos thútacha chomh maith.
strampáilte awkward
" Is cuimhneach liom, agus mé i mo dhéagóir óg strampáilte i nDún Laoghaire, m'athair Vincent an scéilín seo leanas a inseacht dom faoi cheann de na postanna beaga a bhí aige féin agus eisean ina dhéagóir sa Tuaisceart sna 1940í.
amscaí awkward
" Ach, agus é ag fás aníos, shíl siad go raibh an t-ainm sin rud beag amscaí agus fuighleach, mar a bhí an páiste féin, agus ghiorraigh siad é go Fear Dia.
ciotach difficult, awkward
" ” Lig a hathair osna; bhí Aoibheann ag dul a bheith ciotach inniu.
ciotach awkward
" An ghaoth is an bháisteach is an fuacht chomh cam, casta, ciotach leis na drochbhóithre seo idir Caisleán an Bharraigh agus an Ros Thiar – baile beag tuaithe cúpla míle soir ó thuaidh ón gCaisleán.
amscaí awkward
" Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh labhairt linn? Cad atá á lorg acu? Níl muid chun aon chonradh a shíniú! Agus cé hé an duine deas séimh seo a bhfuil gruaig chatach fhada air agus a shúil dheas amscaí ait.
agus mé fós i mo dhéagóir tútach, when I was still an awkward teenager,
" Agus ar eagla go measann tú, mar a mheas mise agus mé fós i mo dhéagóir tútach, nach bhfuil bun ná barr lena chuid scannán, go bhfuilid róthrom agus ródhuairc, nach bhfuil aon scéal iontu, gurbh léachtóir fealsúnachta go bunúsach é, seachas fear scannán, ní fíor sin, ná baol air.
iarrachtaí tútacha awkward efforts
" Lean muid eile ar scoil linn lenár n-iarrachtaí tútacha ar an bhfeadóg stáin.
crúbachán awkward person with big hands or feet
" Ní chuirfidh duine ar bith biogóideacht nó seicteachas i mo leith, go háirithe crúbachán cúngaigeantach colach cunúil de chunús, mar atá ionat, mar is léir ó do ghnúis ghráiciúil ghránna.
chiotach awkward
" Le scéin ina shúil, mhungail sé a bhealach trí óráid chiotach a thug le fios go ndearna an Páirtí Poblachtach botúin, ach gur cheart do Mheiriceá cloí le fealsúnacht an tsaormhargaidh.
útamálach awkward
" Léadh sinn fá achan ghné de leadrán saoil a chéile?! Tá na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh fá shonraí gan mhaith laethúil ‘cairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoine – i bhfad, bhfad barraíocht, nuair gur ‘daoine aitheantais’ atá iontu i ndáiríre, agus tá ‘daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann tú machnamh ar an leibhéal cairdis nó muintearais nó caidrimh nó idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist.
amscaí awkward
" Fóram amscaí, fadálach a bhí ann agus ba rómhinic nach raibh na comhaltaí ach ag ceadú nithe a bhí socraithe ag an fheidhmeannas cheana féin.
tuathalach awkward
" Chomh maith leis sin, is minic a fheictear iománaí ag caitheamh uaidh a chlogaid le linn chluiche ar lá brothaill agus an t-allas ag sileadh sna súile air nó má bhraitheann sé an clogad míchompordach nó tuathalach ar bhealach éigin.
an-amscaí very awkward
" Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B'fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.
ciotach awkward
" Duine cantalach, ardaidhmeach, ciotach a bhí ann, de réir dealraimh, a spreag idir urraim agus eagla i lucht a chomhaimsire.
té is tuathaighe the most awkward person
" Scríobh sé féin doiciméad tábhachtach i Laidin ar a dtugtar an Confessio, a thosnaíonn leis an abairt seo: ‘Mise, Pádraig peacadh, an té is tuathaighe agus is lugha de sna fíreannaigh go léir, as is táir ag a lán mé.
caint thútach awkward speech
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
ró-amscaí too awkward
" Deis Leasaithe ======= Níl an eagraíocht gan locht agus bhí géarghá le leasú a dhéanamh ar an bhord, a bhí rómhór agus ró-amscaí le feidhmiú i gceart mar Pharlaimint Gaeltachta.
tútach awkward
" Tá an scéal ag teacht as an tSualainn go hiomlán trína chéile, gan an leagan cruinn ag aon duine fós – ach taispeánann sé ar a laghad gur duine tútach é, agus seans go dtaispeánann sé tréithe i bhfad níos measa fós aige.
ciotrúnta awkward
" Tá Reilly dochreidte maith freisin – é ciotrúnta, le hiarrachtín den amadán grámhar ag roinnt leis.
tuathalán awkward guy
" Ach conas ar bhláthaigh Natalie le tuathalán mar é? Seasann nó titeann an scannán ar an gceist seo.
ciotach go leor awkward enough
" ) Fós féin bhí an idirbheartaíocht seo ciotach go leor: bhí orainn seoltaí r-phost a roinnt; bhí orainn beirt cuntais *PayPal* a bheith againn; ní raibh aon cinnteacht nó sabháilteacht ann do cheachtar againn.
raibh siad mí-áisiúil they were too awkward
" Nuair a thosaigh mé ag sléibhteoireacht agus mé i mo stócach, ní minic a bhíodh ceamara ag duine ar bith amuigh ar na cnoic mar go raibh siad mí-áisiúil.
an-amscaí ar fad very awkward indeed
" Sílim go bhfuil an córas ina dtoghtar daoine an-amscaí ar fad.
cuma anásta, neamhéasca ar an siúlóir the walker had a clumsy awkward appearance
" De bharr méid m’aineolais mar aon le heaspa suime le hinsint na fírinne, cheapas i gcónaí go mba aisteach an gnó é an siúl rásaíochta toisc go raibh, dar liom, cuma anásta, neamhéasca ar an siúlóir nach bhfuil iomlán ‘nádúrtha’ i gcomórtas le stíl tharraingteach, ghrástúil fiú, an reathaí.
cuma chiotach go leor an awkward enough appearance
" Gan amhras, tá cuma chiotach go leor ar an gceamara Looxie a mhol mé le hais Google Glass a seoladh idir an dá linn.
Cinéal Bodach an Chóta Lachtna a type of successful if awkward person
" Cinéal Bodach an Chóta Lachtna atá sa bhfear céanna, é meáite ar na ceantair is iargúlta a thaobhú más féidir.
amscaí awkward
" Cé go raibh ráiteas Uachtarán na hÉireann faoi fhuath na bProtastúnach ó thuaidh do na Caitlicigh amscaí, ní hionann sin is a rá nach raibh fírinne éigin ag baint leis, dar le Robert McMillen.