Pota Focal Intergaelic
awake | award | ware | arae | are
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chun cur ar a súilibh dóibh to make them aware
" Beidh ceoltóirí ag dul timpeall chun cur ar a súilibh dóibh go bhfuil a leithéid ann agus an saghas ceoil a sheinneann siad.
gan fhios dom without my being aware
" Is léir dom anois go gcaithfidh sé go raibh tionchar ag Miller agus a leithéid eile orm gan fhios dom, maidir le béim ar thábhacht seo an túis de cé bith.
ag spalpadh Gaeilge gan dua yapping aware in Irish
" Ní fhéadfaí a gcuid dintiúr Gaeltachta a lochtú: bhí siad ag spalpadh Gaeilge gan dua i gcroílár na Galltachta agus iad ag déanamh turas fada chuig an taobh eile den tír ar mhaithe leis an chultúr Gaelach.
i gan fhios dom féin without my being aware of it
" Bhí iontas air a sheanathair a fheiceáil sa phictiúr agus gur éirigh liom cur síos a dhéanamh ar a chaillteanas agus ar a bhrón i gan fhios dom féin.
Is feasach dúinn we are aware
" Is feasach dúinn muintir na Gaeilge thar lear thar mar ba fios cheana.
aireach aware
" Iomlán aireach b'fhéidir – gach ní á chloisint agam – bhí gach ní á bhrath agam.
ar an airdeall aware, careful
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
aireach aware
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
eolach aware, knowledgeable
" Sula dtabharfaidh polaiteoirí na hEorpa aird ar chomhairle Ottolenghi agus a institiúid ‘neamhrialtasach,’ ba cheart dóibh a bheith eolach ar chruinneshamhail geopholaitíochta na hirise Commentary, áit a mbíonn Ottolenghi ag blagáil.
dúisithe aware, awakened
" ”* Cuireadh deireadh le imtheorannú gan triail ar 5ú Nollaig 1975 nuair a scaoileadh amach na 75 cimí deiridh, ach lean ár bhfeachtas ar aghaidh i Sasana mar bhí muid dúisithe anois faoi chos ar bolg Arm Shasana ar dhaoine sna Sé Chontae.
don té atá eolach to anyone who’s aware
" Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
ar an eolas faoi aware of
" Má bhí an bord ar an eolas faoi na fadhbanna úd agus mura ndeachaigh siad i ngleic leo, ní thiocfadh a rá go raibh sé ag feidhmiú i mbarr a mhaitheasa.
Aithním an obair I’m aware of the work
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
a chur ar an eolas faoin tionscnamh to make aware of the scheme
" Chomh maith leis sin, cuireadh feachtas fógraíochta ar siúl chun an méid duine ba mhó ab fhéidir a chur ar an eolas faoin tionscnamh.
níl siad dall ar are well aware
" An dream tacaíochta seo in Éirinn, an IPSC, níl siad dall ar na cosúlachtaí seo agus feictear dhá ghrianghraf le taobh a chéile ar mheirge ollmhór dá gcuid a léiríonn an chosúlacht atá ag scéal an dá thír lena chéile.
ar eolas aige he (wasn’t) aware of
" Mhaígh sé ar an gcéad dul síos nach bhféadfadh sé áitiú éifeachtach a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Aire mura raibh na cúiseanna leis an diúltú ar eolas aige.
Táthar ag tabhairt le fios anois people are becoming aware
" Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.
chuirim an t-eolas seo faoi bhráid daoine I make people aware of this
" “Nuair a chuirim an t-eolas seo faoi bhráid daoine, deir siad, ‘wow, ba shin soilsiú an eolais.
ar an eolas faoin aware of
" Tá cead ag dreapadóirí tosnú idir 5am agus 7am ach ba léir go raibh achan nduine ar an eolas faoin drochaimsir a bhí á tuar ó mheánlae roimhe sin.
Sin é a nochtadh domsa that’s what I became aware of
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
Ní hé nach bhfaca cuid eile againn the rest of us are aware of
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
is cóir a bheith san airdeall one must be aware
" Blas ar an mBeagán, Domlas ar Mhórán =============== Ach is cóir a bheith san airdeall maidir le cúrsaí oiliúna.
ar an eolas go raibh aware that
" Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.