Trí íosluchtú is féidir leat cnagadh ar dhoras PoetryBeo, agus b’fhéidir go n-osclófaí fós ‘do intinn féin agus do chló ceart’
Gnéithe de PoetryBeo:
==========
Téacs – buntéacs an dáin i nGaeilge
Míniú – an dán mínithe i nGaeilge duit
Achoimre ar an dán
Ceisteanna Samplacha – samplaí de na sóirt ceisteanna Gnáthleibhéil agus Ardleibhéil a bhíonn ar scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta
Gluais– foclóirín ina bhfuil eochairfhocail mínithe as gach dán agus as na nótaí a ghabhann leo
Nóta faoin bhFile – cuntas gearr ar shaol an fhile
Meabhráin – meabhráin a chabhróidh leis an mac léinn, chun ábhar na ndánta a thabhairt chun cuimhne go tapaidh ag an neomat deiridh
Iarnótaí – nótaí a thugann léagas breise duitse ar ghnéithe den dán agus a chabhraíonn leat anailís a dhéanamh ar ealaín na filíochta
Fís – físeáin fotheidealaithe i nGaeilge ina bhfuil na dánta á léamh sna canúintí inar scríobhadh iad (PoetryBeo) agus á dtabhairt chun beochana dá bharr sin, gné den aip a chabhróidh leis an mac léinn atá ag ullmhú don scrúdú cainte agus don
chluastuiscint
Fuaim – fuaimrianta de na dánta á léamh sna trí mhórchanúintí Gaeilge ag na léitheoirí céanna atá ar na físeáin gan chabhair na bhfotheideal sa chás seo
Cluiche – cluiche idirghníomhach a thástálann do chuid eolais ar dhánta Gaeilge na hArdteistiméireachta agus a spreagann tú chun bunleagain na ndánta sin a léamh go cúramach líne ar line