Bíonn an saol taistil an-eagraithe agus ní gá di cuimhneamh ar a dhath ach a bhfuil le déanamh ar ala na huaire mar atá leagtha amach ag duine éigin a bhfuil an cúram sin air.
Má fhéachann duine ar na pictiúir a tarraingíodh ar an ala sin agus an cluiche díreach thart agus a foilsíodh sna nuachtáin i rith na seachtaine ina dhiaidh sin, feicfidh sé an réiteoir faoi ionsaí agus faoi léigear agus imní agus sceon i súile an fhir bhoicht agus é á thionlacan den pháirc ag an Garda Síochána agus ag maoir.