Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le cluinstin audible
" Nach tú atá glinnsúileach!” Amach ar an doras le Balor bocht sular chuir sí ceist ar bith air féin, agus amach trí na sléibhte leis go lorgódh sé comhluadar nach mbeadh aon chur amach acu ar an Mhodh Coinníollach ná ar chuileoga baininscneacha; áit nach mbeadh Continental Céilí ar bith le cluinstin ná Gaeilge bhlasta bhinn na hOstaire ná na Gearmáine.
cloisteáil go fairsing audible far and wide
" Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal.
monabhar díograiseach na nglór le cloisteáil a constant whisper of voices audible
" Bhí an teach plódaithe agus monabhar díograiseach na nglór le cloisteáil aníos ó na cheithre chúinní.
Bhí monabhar mionghlórach there was an audible murmur
" Bhí monabhar mionghlórach sa halla anois.
cloisteáil go soiléir clearly audible
" Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.