Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fágáil na coire sin orm attributing that crime to me
" "Nach bhfuil tusa ar fad ag fágáil na coire sin orm.
buanna attributes, qualities
" Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
ar cheann de na buanna is mó atá aige. one of his biggest attributes
" Agus taitníonn Bertie Ahern le go leor daoine, is cosúil – is amhlaidh go bhfeadfaí a rá go bhfuil a phearsantacht ar cheann de na buanna is mó atá aige.
gurb é an bua is mó that the biggest attribute
" ” Creidim go láidir gurb é an bua is mó atá ag an bhfísiriseoireacht ná go ligeann sí don iriseoir teacht níos gaire don té a bhfuil sé ag labhairt leis sa chaoi is go bhfaighidh sé agallamh níos nádúrtha – rud a fhágann gur cur chuige í atá an-oiriúnach do chláracha faisnéise ina ndéantar scéalta pearsanta a insint ach go háirithe.
mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin those good attributes are to be found
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.