Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ndearcadh attitude
" Tá athrú mór tagtha ar a ndearcadh siúd i leith na Gaeilge - tá an dearcadh dearfach anois.
dearcadh attitude
" Cuntas taisce nó cuntas infheistíochta? ======= Agus an-chuid táirgí ar fáil, cén cuntas is fearr duitse, cuntas taisce nó cuntas infheistíochta? Braitheann an cinneadh seo ar an dearcadh atá agat ar riosca agus slándáil.
dearcadh báúil sympathetic attitude
" An té a labhraíonn le hinimircaigh ó oirthear na hEorpa tabharfaidh sé/sí faoi deara go bhfuil dearcadh báúil agus tuisceanach acu i leith cheist na teanga sa tír seo de bharr a dtaithí ar impiriúlachas cultúrtha na Rúise.
dearcadh diúltach a negative attitude
" Bhí dearcadh diúltach ag go leor de na scoláirí sa scoil i leith mhuintir na Gaeltachta chomh maith.
dhearcadh ar an ealaín an attitude towards art
" Ach an ceisteanna éifeachteacha iad nó an léiriú iad ar dhearcadh ar an ealaín atá róchoimeádach agus róshimplíoch? An gcaithfidh ciall a bheith le gach rud nó an leor é má chruthaítear rud go díreach ar mhaithe le hé bheith ann? Ar an 8 Nollaig fógraíodh gur bhain Keith Tyson, cartúnaí, Gradam Turner na bliana 2002.
dearcadh attitude
" Sin líon an-mhór in áit chomh bheag, ina bhfuil dearcadh chomh hinbhreathnaitheach sin.
dearcadh attitude
dearcadh attitude
" Ach is léir go bhfuil dearcadh ar leith acu ar na teangacha Ceilteacha, mar maireann cláracha eile a bheadh sa chás céanna.
a dearcadh her attitude
" Ní míbhuntáiste ar bith a bhí ansin agus ba léir gur thaithnigh a dearcadh leis an lucht vótála in Ipswich, baile mór taobh thiar de Bhrisbane.
dearcadh attitude
" Ach is léir go bhfuil dearcadh ar leith acu ar na teangacha Ceilteacha, mar maireann cláracha eile a bheadh sa chás céanna.
dearcadh faoi leith a special outlook/attitude
" Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol.
mana attitude
" An mana a bhíonn ag lucht Bayern 3, áfach, ná go gcaithfidh siad freastal ar an *mainstream*.
meon dearfa positive attitude
" Bhí meon dearfa ag daoine i leith na Purgóide mar, cé gur cluiche difriúil í an iomáint nach bhfuil na deacrachtaí céanna ag baint léi ó thaobh líon na bhfeallanna le linn cluiche, aithníonn daoine go dtarlaíonn corrchalaois gan ghá ar nós tarraingt geansaí, brú sa droim, tarraingt ró-ard nó íseal le camán agus mar sin de.
athrú meoin change of attitude
" I lár an 18ú haois, tháinig athrú meoin ar cheannairí na hEaglaise Preispitéirí.
dearcadh an-sláintiúil a very healty attitude
" Bhí sí ar tí imeacht go Meiriceá Theas nuair a bhuail mise léi agus trí seachtaine a chaitheamh ansin ar saoire, rud a léiríonn go bhfuil dearcadh an-sláintiúil aici i leith na hoibre.
ar dhearcadh an phobail, on the attitude of the public,
" Ba bheag éifeacht a bhí ag na hathruithe sin ar dhearcadh an phobail, áfach, cionn is nár chuir na Gardaí i bhfeidhm riamh iad.
an dearcadh céanna the same attitude
"an dearcadh céanna acu ó thaobh na teanga de, is é sin gur cuid dá ndúchas féin í, agus tá siad ar bís le hí a fhoghlaim.
ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge on the Taoiseach's attitude to Irish
" ” Dhírigh Balor isteach ansin ar dhearcadh an Taoisigh i leith na Gaeilge agus b’aisteach leis an méid a fuair sé amach: “Arú, a Bhaloir, is grá liom an Ghaeilge agus is maith liom bheith ag caint i nGaeilge agus ag smaoineamh i nGaeilge agus ag ordú piontaí i nGaeilge.
Dearcadh ceanndána headstong attitude
" Dearcadh ceanndána atá ag an aire ar cheist an tumoideachais go dtí seo.
seasamh attitude
" San am atá caite, b’éigean do chuid mór den lucht féachana a bheith ina seasamh, agus bhí cead acu a gcuid alcóil féin a thabhairt isteach sna staideanna leo.
mar sheasaimh nimhneacha as virulent attitudes
" Bíonn a thuairimí – a ndéanfadh cuid mhór daoine cur síos orthu mar sheasaimh nimhneacha – os ár gcomhair de shíor.
dearcadh sprionlaithe miserly attitude
" ” Sin dearcadh sprionlaithe ó Belchem; scríobh Ó Labhradha (Folt Fada) níos mó ná sin.
droch-dhearcadh bad attitude
" Dímhúinte, droch-dhearcadh – bhí sé mar a bheadh déagóir millte ann.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
dearcadh na nAstrálach the attitude of Australians
" Measaim gur chuir an Mardi Gras bliantúil go mór leis an bhfeachtas a bhí – agus atá – ar siúl sa tír seo le dearcadh na nAstrálach i leith an phobail seo a athrú.
dearcadh na n-imreoirí the attitude of the players
" D’aontaigh mé cheana le dearcadh na n-imreoirí maidir le cead a bheith ag bainisteoir fhoireann an chontae a chuid roghnóirí féin a roghnú, ach níor aontaigh mé lena gcinneadh dul ar stailc.
cén dearcadh what attitude
" Agus ní fios go fóill cén dearcadh a bheidh ag an gcéad uachtarán eile i leith na heaglaise seo, go háirithe más Gormach é! *Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
dearcadh dearfach positive attitude
" Ní chóir do na bochtáin a bheith ag gearán faoina bhfuil i ndán dóibh, dar leis – “is fearr dearcadh dearfach a chothú”, mar a dúirt sé uair amháin.
seasamh cheannairí na hEorpa attitude of the leaders of Europe
" Níor spreag seasamh cheannairí na hEorpa dea-thoil i measc mhuintir na tíre seo ach an oiread.
dearcadh níos dearfaí a more positive attitude
" D’impigh an Taoiseach, Brian Cowen, orainn an mhí seo caite dearcadh níos dearfaí a chothú.
sotal imperialist attitude
" Tá an t-am tagtha, is cosúil, más faoi Rolex (agus an Patek Philippe agus an Breitling) thú, é a chaitheamh go humhal feasta agus sotal is gáifeacht an tsaibhris a chaitheamh de leataobh!
leagan amach view, attitude
" Tá tíreolas an-tábhachtach in aistriú na vótaí, beagnach chomh tábhachtach céanna le leagan amach polaitíochta.
dearcadh attitude
" Bean chaomh shéimh í agus tá sé sin le feiceáil sa dearcadh atá aici i leith na Gaeilge.
mbodach attitude merchants
" Tá an Crannchur Náisiúnta buaite ag Tomás Ó Sé, cúl tugtha aige don seansaol agus tá sé i measc na mbodach mór.
méin attitude
" Léann seisean méin Bonnie is na mianta atá ag coipeadh tríthi san aon spléachadh amháin.
dearcadh attitude
" Thug siad ‘cultural cringe’, nó cúbadh cultúir, ar an dearcadh seo, a bhí agus atá fós le sonrú i sochaithe iarchoilíneachta.
ndearcadh attitude, outlook
" Lena ndearcadh dearfach féin agus leis an ionad ard a bhain siad amach don tír sa chomórtas Eoraifíse 2011, measaim féin gur iontach an rud atá á dhéanamh acu d’Éirinn.
athrú poirt faoin eagrán nua a change of attitude to the new edition
" Athrú Rialtais ===== Bhí athrú rialtais ann i Márta 2011 - agus athrú poirt faoin eagrán nua den chaighdeán.