Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lucht cuartaithe na dídine asylum seekers
" 'Tá sibh ag teacht isteach sna leoraithe míchearta,' a chomhairlíonn Balor do lucht cuartaithe na dídine in Éirinn.
dhídeanaithe asylum seekers
" Tá an tslí a gcaitear le mionlaigh sa tír seo go mór i mbéal an phobail le déanaí agus mórán Éireann inimirceach idir theifigh, dhídeanaithe agus imircigh eacnamaíocha ag teacht chun na tíre.
bhean iarrtha tearmainn asylum-seeking woman
" Is dráma é mar gheall ar bhean iarrtha tearmainn ar tharla rudaí uafásacha di ina tír féin - mharaigh saighdiúirí a tuismitheoirí, a seanathair, agus fiú a leanbh agus d'éignigh siad ise.
dídine refuge, asylum
" Bhí sé ina raic le gairid faoin long a raibh na céadta ar bord uirthi a bhí ag lorg dídine san Astráil.
dídeanaithe asylum-seekers
" Le linn míonna breátha an tsamhraidh tháinig na dídeanaithe ina mílte go dtí mo bhaile agus thosaigh mise agus grúpa ón Eilvéis ag obair leo.
dídine asylum
" Ach i mí Lúnasa tharla eachtra an Tampa, nuair a dhiúltaigh an rialtas cead a theacht i dtír do 460 duine a bhí ag lorg dídine san Astráil.
tearmainn asylum
" Chuir an rialtas béim ar an gcaoi ar chuir siad i gcoinne daoine a bhí ag lorg tearmainn san Astráil.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Tá an ceannaire nua Simon Crean ag rá go mb'fhéidir gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht a thug siad don rialtas faoin lucht iarrtha tearmainn.
lucht cuardaithe tearmainn asylum seekers
" Tá obair mar seo ar siúl ag cairde eile liom - ag cruthú caradais le lucht cuardaithe tearmainn nó le seandaoine.
tearmainn asylum
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
lucht cuardaithe tearmainn asylum seekers
" Idir an dá linn chuaigh lucht cuardaithe tearmainn atá á gcoinneáil go héigeantach san Astráil ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh dhrochstaid na n-ionad coinneála agus chun brú a chur ar an rialtas eolas a thabhairt dóibh maidir le stádas a n-iarratas víosa.
páistí lucht cuardaithe tearmainn the children of asylum seekers
" Tá sí ag obair le páistí lucht cuardaithe tearmainn.
ag lorg dídine looking for asylum
" Dúirt an Rialtas i dtosach nach raibh na Curdaigh ag lorg dídine san Astráil ach ba bhréag é sin.
dídeanaí Palaistíneach Palestinian asylum-seeker
" Duine de na ceannairí, ba Chaitliceach í a bhí pósta le dídeanaí Palaistíneach; ansin bhí glantóir ann a bhí pósta le hoifigeach príosúin.
ag lorg dídine seeking asylum
" In 2001, roimh an toghchán náisiúnta is deireanaí, dúirt an rialtas, le cuidiú an chabhlaigh, go raibh daoine a bhí ag lorg dídine ar bhád ar chósta thiar na hAstráile ag caitheamh a gcuid páistí i bhfarraige.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
iarrthóir tearmainn. asylum seeker
" Is é a thugtar air agus an t-iarratas á mheas ná iarrthóir tearmainn.
Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain it is not unusual for asylum seekers to be waiting for as long as two years
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
ag an lucht iarrtha tearmainn, asylum seekers
" Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.
tearmann, asylum,
" Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ghéaraigh ar na dlíthe a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn.
tearmann asylum
" I measc na ndaoine a ghabhtar agus a charcraítear faoin mbeartas seo tá cuairteoirí a sháraíonn coinníollacha a víosa agus iad siúd ar mian leo tearmann a bhaint amach ach a thagann i dtír gan chead.
dTeach na nGealt asylum
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
Lucht Dídine people seeking asylum
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Tá an dúnghaois seo i bhfeidhm fós, ach d’fhógair an Seanadóir Chris Evans, Aire Inimirce i rialtas náisiúnta an Lucht Oibre, anuraidh, beartas inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn ná an cur chuige a bhí ag an bPáirtí Liobrálach agus é i gcumhacht roimhe sin.
tearmainn asylum
" Is beag duine, áfach, a cheap go raibh baint ag Iosrael leis an ionsaí ar an tír ina raibh baill d’Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne ag fáil tearmainn ag an am.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Nuair a toghadh Rudd ina phríomhaire sa bhliain 2007 cuireadh i bhfeidhm dúnghaois inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír as báid neamhúdaraithe, mar a míníodh ar an iris seo (Eagrán 97, Bealtaine 2009).
ídine asylum
" Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir.
tearmann polaitiúil asylum
" Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.
ceist lucht iarrtha tearmainn the matter of asylum seekers
" Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001.
sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn before their asylum requests are judged
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
tithe “na ngealt” the mental asylums
" Bhí an t-uafás díospóireachta, mionscrúdú agus iniúchadh anama ar siúl le blianta beaga anuas maidir leis na tuairiscí éagsúla ar mhí-úsáid páistí (agus daoine fásta) sna forais éagsúla a bhí in Éirinn san am atá thart, tithe “na ngealt”agus na scoileanna ceartúcháin ina measc.
ag lorg tearmainn seeking asylum
" Baineann sé seo le daoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus tá roinnt seanadóirí againn atá ag brú na ceiste seo chun cinn ins an Seanad.
chuir sé iarratas ar thearmann he made an application for asylum
" Nuair a bhain Marius Betondi an Bhreatain amach mí an Mhárta anuraidh chuir sé iarratas ar thearmann faoi bhráid na n-údarás.
Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar although political asylum was only granted to
" Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar 2% de na Guatamalaigh a rinne iarratas air le linn na n-ochtóidí, tá suas le milliún Guatamalach ag cur fúthu sna Stáit faoi láthair.
ag iarraidh tearmainn pholaitiúil seeking political asylum
" Tá Edward Snowden ag iarraidh tearmainn pholaitiúil ó Eacuadór freisin, ach ní fios in aon chor conas mar a bhainfidh sé Eacuadór amach as Moscó, go háirithe tar éis don tír sin tabhairt le fios go bhféadfadh sé cúpla mí a thógáil sula ligfear isteach ansin é.
maidir le hÉirinn mar thír dídine as to Ireland as a country for asylum
" Cá bhfios i ndáiríre an mbeidh Snowden, lena thrí ríomhaire glúine lán le rúin Mheiriceá, fós beo, agus maidir le hÉirinn mar thír dídine, fág marbh é.
agus tearmann á iarraidh acu while they sought asylum
" Tá curtha i leith FRONTEX, áfach, go bhfuil daoine díbeartha aige ó theorainneacha an AE agus tearmann á iarraidh acu, rud a thagann salach ar dhlí Eorpach is idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.
lucht iarrtha tearmainn Curdacha Kurdish asylum-seekers
" Léirigh Rialtas na hAstráile an mhí seo caite go bhfuil síad tugtha do na bréaga, dar le Dáithí Ó Colchúin, agus lucht iarrtha tearmainn Curdacha á ruaigeadh acu as an tír.
lucht iarrtha tearmainn asylum seekers
" Fógraíodh le gairid go bhfuil maolú le teacht ar na polasaithe géara atá i bhfeidhm san Astráil i dtaca le lucht iarrtha tearmainn.
lucht dídine asylum seekers
" Is cosúil go bhfuil páirtithe móra na hAstráile ag moladh an chruas croí i leith lucht dídine na mbád neamhúdaraithe chucu as an Áis.
dhaoine a shantaíonn tearmann people who seek asylum
" Dearcadh cúng craplaithe an AE is údar báis (sa Mheánmhuir go minic) do dhaoine a shantaíonn tearmann san AE.