Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile is araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt
is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifis na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh tré mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin.