Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar aon fhocal in agreement
" " Beatha daoine "i mbaol" ======= Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
ar aon tuairim of the same mind
" Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.
ar aon cheo on anything
" Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
ar aon tuairim of the same opinion
" Agus an rud a dúirt sí ná 'Mura rachadh sé amach, chuirfinn amach é!' Bhí siad ar aon tuairim go hiomlán faoi shaoirse na tíre agus faoi chúrsaí Gaeilge.
ar aon nós anyway
" Le roinnt blianta anuas, tá athruithe déanta ar aon nós i gcuraclam na scoile, ar an dóigh a n-eagraítear na scoileanna, ar ról an mhúinteora agus ar an dóigh a ndéantar eolas na ndaltaí a mheas.
Ar aon chuma anyway
" Ar aon chuma, muintir Chonamara is mó a bhíonns ag freastal ar na ranganna.
ar aon chaoi anyway
" Ós rud é gur tionscal séasúrach atá i gceist níl an tionchar sin rómhór, go fóill ar aon chaoi.
ar aon nós anyway
" Bhí cuid againn cairdiúil ar aon nós, ach bhuaileamar le chéile mar amhránaithe nuair a bhíomar thall i Nua-Eabhrac, in *Upstate New York*.
ar aon intinn of the same opinion
" Faoi mhí na Nollag, dhealraigh sé go raibh beagnach gach duine ar aon intinn leo faoi seo.
ar aon intinn fá achan rud in agreement on everything
" Ar an teilifís an mhí seo caite, dúirt Gregory Campbell go raibh gach uile bhall den pháirtí ar aon intinn fá achan rud, íomhá scanrúil dá mbeadh sé fíor, ach níorbh fhíor do Ghregory.
nach bhfuil siad ar aon intinn leis that they don't agree with him
" Is léir go bhfuil mífhoighid ag teacht ar Howard le daoine atá chomh hamaideach sin nach bhfuil siad ar aon intinn leis.
ar aon intinn of the same opinion
" Tá a lán daoine eile ar aon intinn le "Jim Óg".
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it not surprise anyone
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
ar aon intinn of the same opinion
" Deir sí gur thuig siad go luath go raibh siad ar aon intinn den chuid is mó faoi rudaí, agus gur mar sin atá fós.
comhaontaíodh ar an aon téacs amháin one text was agreed on
" Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.
ar aon uain at the same time
" Óir tá an Eoraip ag iarraidh ar aon uain aontas a chruthú idir na Stáit agus aontas a chruthú idir na pobail.
go teoiriciúil ar aon nós in theory at least
" " Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh tuiscint mhaith - go teoiriciúil ar aon nós - ag na daltaí seo ar ábhar an scannáin.
ar aon intinn of the same opinion
" Bhí a fhios i gcónaí aici gur theastaigh uaithi a gnólacht féin a bhunú agus bhí an bheirt eile ar aon intinn léi.
ar aon tuairim of the same opinion
" Tá na turasóirí, na hinimircigh agus bunadh na cathrach ar fad ar aon tuairim faoi rud amháin: go minic i Nua-Eabhrac, nuair is gá duit dul, ní féidir leat dul! Níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí in 2004.
ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it surprise no-one
" Cibé bealach a tharlóidh sé, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn an seachtú ceannaire ag Fianna Fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn.
de réir an phobalmheasa seo ar aon nós according to this opinion poll at least
" Moladh an Aire ======= Nuair a mhol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue, go raibh sé in am ag an CLG sacar agus rugbaí a cheadú isteach i bPáirc an Chrócaigh, bhí sé, de réir an phobalmheasa seo ar aon nós, ag caint thar cionn an chuid is mó de dhaonra an stáit seo.
nó cheapfainnse ar aon nós or I would think anyway
" Anois cheapfá, nó cheapfainnse ar aon nós, go bhféadfadh daoine atá chomh saibhir agus cumhachtach is atá na fir atá páirteach sa chonspóid spóirt seo teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin eatarthu agus leanacht ar aghaidh ag déanamh an rud a bhfuil siad go maith chuige, is é sin ag déanamh níos mó.
gan trácht ar aon rud eile not to mention anything else
" Tá baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile.
ar aon phioc difriúil in any way different
" "Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile.
dá gceapfaimis ar aon tslí if we thought in any way
" Agus caithfeadsa a rá ná beadh fonn ar bith ormsa a bheith i mo shaoránach de chuid na tíre seo dá gceapfaimis ar aon tslí go rabhamar níos fearr ná cine ar bith eile ar domhan.
ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine let no-one be surprised
" Ainneoin go bhfuil sé féin tar éis a rá go leor uaireanta nach bhfuil spéis aige sa phost, ná cuirfeadh sé iontas ar aon duine más é an Taoiseach, agus ní an tUasal Brady, a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an Eoraip i Meitheamh 2004.
ar aon intinn in agreement
" Tá poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine let it not surprise anyone
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhaineann foireann Stephens úsáid as an mBinse Fiosraithe is déanaí in Éirinn leis an salachar go léir atá nochtaithe acu ar Arm na Breataine a thaispeáint don saol mór, agus tá go leor fós le theacht.
ar aon intinn of the same opinion
" Anois, tá sé ina réamhéileamh do *rapprochement *idir iad agus Sinn Féin ach tá Sinn Féin agus an DUP ar aon intinn - abairt nár baineadh mórán úsáide aisti le 30 bliain - fá na hinstitiúidí polaitiúla.
ar aon intinn of the same mind
" " Gan amhras ar bith, tá Oideas Gael ar aon intinn leis an Roinn faoi sin.
ar aon chaoi anyway
" Bíonn cuid de na háiteanna oscailte i rith na bliana ar aon chaoi, ach seans go bhfuil roinnt ann nár chuala tú fúthu roimhe.
ar aon ghuth leo in agreement with them
" Tá na *Lib-Dems *i gcumhacht sa chathair, ach bhí Páirtí an Lucht Oibre ar aon ghuth leo ar an ábhar seo.
ar aon nós anyway
" Is é an contae tuaithe *par excellence *é, an dtuigeann tú, is é sin le rá, áit fholláin shláintiúil le páiste a thógáil ann, nó sin an íomhá atá ag an gcuid is mó againn de shaol na tuaithe ar aon nós.
ar aon intinn le of the same opinion as
" Ba léir nach raibh toghlaigh Fhear Manach/Deisceart Thír Eoghain, Cabhán/Muineacháin nó Contae Lú ar aon intinn le tuairim Thatcher gur ghnáthchoirpigh a bhí sna príosúnaigh phoblachtánacha nuair a thogh siad Bobby Sands, Kieran Doherty agus Paddy Agnew fá seach.
ar aon intinn leis of the same opinion as he is
" ” Is léir go bhfuil daoine sa tír nach bhfuil ar aon intinn leis agus is mór an trua é sin.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith ann a thaitníonn go mór leat thar aon cheann eile? MÓS: Táim an-mhór le “Róisín Dubh”.
níl aon bhaol ar na hamhráin the songs are not in danger
" Chomh fada is a dhéantar é sin, níl aon bhaol ar na hamhráin.
aon amhrán ar leith any particular song
" AÓF: Mar éisteoir, an bhfuil aon amhrán ar leith a thaitníonn go mór leat? LÓM: Is breá liom a bheith ag éisteacht le hamhránaíocht ar an sean-nós, ar an raidió, nó ar téip nó dlúthdhiosca.
Cad a bhí ar bun aige in aon chor? What was he up to at all?
" Cad a bhí ar bun aige in aon chor? Thóg sé tamall fada orm oibriú amach cad a bhí feicthe agam.
ar aon intinn of the same opinion
" Agus mé ar a thóir sin, d'fhoghlaim mé nach bhfuil sé éasca nó simplí an dúlra dúchasach a chosaint, agus nach bhfuil gach éinne ar aon intinn faoi céard is cothú ann.
ar aon intinn leis in agreement with him
" ” Níl gach duine ar aon intinn leis, áfach.
atá ar aon intinn leo who share their opinion
" Ar an raidió is mó atá siad sin le clos ag labhairt le tráchtairí den eite dheis atá ar aon intinn leo.
ar aon intinn liom in agreement with me
" B’fhéidir nach mbeadh chuile dhalta scoile in Éirinn ar aon intinn liom ar an ábhar sin, áfach, agus staidéar á dhéanamh ar a beathaisnéis acu.
go ceann tamaill ar aon nós for a while at any rate
" De bharr na monaplachta atá acu, fágann sin nach mbeidh aon chruithneacht as an Astráil á cheannach ag an Iaráic go ceann tamaill ar aon nós.
atá ar aon aigne leo who share their opinions
" Tugann na blaganna deis dóibh a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a mballraíocht de chomhluadar faoi leith a fhoilsiú go poiblí le naisc go dtí blagadóirí eile atá ar aon aigne leo.
ar aon intinn leis in agreement with him
" Bhí PC Craig ar aon intinn leis sa chlár a craoladh ar an BBC.
ar aon nós anyway
" Bíonn muid ar thaobh aille agus duine éicint ag glaoch ag iarraidh téide: “Téad? Ní hea! Rópa atá ann!” ar aon nós, bheartaigh mé ar rudaí a eagrú agus faoi láthair tá mé ag obair ar shuíomh gréasáin don ghrúpa: (www.
atá ar aon aigne leo who share their opinions
" Tugann na blaganna deis dóibh a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a mballraíocht de chomhluadar faoi leith a fhoilsiú go poiblí le naisc go dtí blagadóirí eile atá ar aon aigne leo.
ar aon intinn in agreement
" Deirtear chomh maith gur cuireadh Naomh Moluag anseo, ach níl daoine ar aon intinn faoi sin.
ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine he would name every single person
" Agus thagadh sé isteach an dara lá agus ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin.
iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin to gather them all together under one roof
" Tá an-chuid taifeadtaí de cheol agus de shean-Ghaoluinn an Chláir anseo is ansiúd agus tá ar intinn againn iad ar fad a bhailiú faoi aon díon amháin.
ar aon choiscéim le chéile in step with each other
" Deis, clé,” idir na poirt chun an banna ceoil a choinneáil ar aon choiscéim le chéile agus scairt na ceoltóirí eile na focail chéanna ar ais.
buachan ar aon fhoireann to beat any team
" Tuigfidh siad gur féidir leo buachan ar aon fhoireann faoi láthair, seachas an dá cheann sin, b’fhéidir.
ar aon tuairim liom of the same opinion as I am
" Déarfainn go mbeadh gach uile dhreapadóir óg ar aon tuairim liom.
ar aon tairne eile on any other nail
" Níorbh fhéidir muid a chrochadh ar aon tairne eile ach ar thairne RTÉ, tairne a ghlac linn go fonnmhar agus a chaith go maith linn agus a chaitheann go maith linn.
ar aon chaighdeán at the same standard
" Is beag Sasanach ná Éireannach atá ar aon chaighdeán leis na himreoirí as an bhFrainc, an Iodáil, an Phortaingéil agus araile atá ag imirt sa Phríomhroinn.
níor ligeadh d'aon fheithiclí eile taisteal ar an tsráid no other vehicles were allowed to travel on the street
" Seachas busanna, níor ligeadh d'aon fheithiclí eile taisteal ar an tsráid ar a bhfuil slí isteach chun na reilige.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil I was barely able to see anything
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
ar aon intinn leis an ghrúpa sin having the same opinions as that group
" “Tá daoine áirithe sa Tuaisceart den tuairim nach féidir leat baint a bheith agat le duine nó grúpa gan a bheith ar aon intinn leis an ghrúpa sin maidir le gach rud.
Ar aon nós, Anyway,
" Ar aon nós, tá cluiche darb ainm "peil" á imirt idir ollscoileanna na Stát Aontaithe ó shin i leith.
ar aon dlúthdhiosca amháin on a single CD
" An plean a bhí agam ná na píosaí nó na smaointe is fearr a chur ar aon dlúthdhiosca amháin agus é a thabhairt do gach duine sa bhanna le hiarracht a dhéanamh tús a chur leis an nua.
sin é mo thuairimse ina dtaobh ar aon nós. that's my opinion of them anyway.
" Tá dhá amhrán úra den chéad scoth scríofa aige, sin é mo thuairimse ina dtaobh ar aon nós.
tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó. all the member of his parties are in agreement with regard to supporting him.
" Tá ceannaire nua fuinniúil acu agus, de réir dealraimh, tá na baill uilig dá pháirtí ar aon intinn lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dó.
gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin. not to put all our eggs in one basket.
" “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin.
Má theipeann ar aon réimse amháin, If one area fails,
" Má theipeann ar aon réimse amháin, is féidir linn díriú ar na réimsí eile.
aon mhúinteoir ar leith any particular teacher
" AÓF: Cé uathu a fuair tú do chuid ceoil ó thaobh na fidle de? An raibh aon mhúinteoir ar leith agat? TC: Bhí a lán múinteoirí agam i rith na mblianta.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
ar aon intinn in agreement
" Bhí an lucht leanúna agus na saineolaithe ar aon intinn agus iad araon ag tuar go raibh seans maith ann go mbuafadh foireann na hÉireann Corn Rugbaí an Domhain.
ar aon fhocal in agreement
" 77) Deirtear sa bhrollach go raibh an grúpa stiúrtha uilig ar aon fhocal faoin tuarascáil úd.
ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós I don't like panel shows any way
" Ní raibh mé sásta leis an obair a bhí ar siúl agam – ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh.
fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin. Barry asked me whether I like any of the apartments
" Faoi dheireadh, d’fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin.
ar aon mhéid the same size
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
ar aon chaighdeán of the same standard
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta that he couldn't think of any terrorism campaign
" Dúirt sé nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist.
atá ar aon intinn leisean who agree with him
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
ní raibh muid ar aon fhocal riamh we were never in agreement
" Bhí siad ag cur ár gcuid ama amú agus ní raibh muid ar aon fhocal riamh maidir leis an gcineál ceoil ba mhaith linn a bheith clúdaithe ar an albam.
ar aon fhocal in agreement
" Ceol is mó a bhíonn ar lorg acu ach ní bhíonn siad ar aon fhocal maidir leis an *chineál* ceoil a bhíonn ag teastáil uathu.
ach ar an aon ócáid amháin only on one occassion
" ’ Ba léir nár thuig siad an prionsabal bunúsach nach féidir le duine bás a fháil ach ar an aon ócáid amháin.
ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta at the same standard as programmes you would hear on any professional service
" Táim go láidir den tuairim go bhfuil cuid de na cláracha a chraoltar ar Raidió na Life ar comhchaighdeán le cláracha a chloisfeá ar aon seirbhís phroifisiúnta ach, dar ndóigh, mar gheall ar go bhfuil daoine áirithe ar bheagán taithí, déantar botúin in amanna.
ar aon ghlúin of the same generation
" Le bunú Banc Náisiúnta na hÉireann 1835, tugadh lámh chúnta don duine a bhí in ann punt a chur le chéile, ach má chuidigh sé le snáithe a chur faoin bhfiacail dó, chuir sé an Béarla faoin bhfiacail leis! Ar ndóigh, bhí an banc ar aon ghlúin, nach mór, le bunú Coláiste Mhaigh Nuad 1795 agus le tús an murder machine nuabhunaithe 1831 mar a chéile.
ar aon intinn agree, of one mind
" Tá muintir na tíre i gcoitinne ar aon intinn leis na rialtais i dtaca leis an gcur chuige seo, de réir dealraimh.
ar aon intinn unanimously
" Bheinn ag déanamh áibhéile dá maífinn gurbh fhiú an €175 a íoc as an gcúrsa ar son na mbrioscaí amháin ach bhí gach duine ar aon intinn gur bhrioscaí eisceachtúla iad.
ar aon intinn léi in agreement with her
" ’ Nuair nár tháinig aon scéal ar ais ón phápa ag cur dogma na heaglaise i gcuimhne di, dúirt sí gur ghlac sí leis go raibh an pápa ar aon intinn léi maidir lena raibh ar siúl aici.
ar aon intinn of one mind
" Ní bhfuair siad réiteach na faidhbe fós, ach tá siad ag teacht ar aon intinn maidir leis na srianta nua ar chóir dóibh a chur ar an mhargadh airgeadais.
sna sála ar aon on foot of any
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
ar aon intinn of one mind
" Beirlín** Scríobh Ciarán Mac Aonghusa ar BEO i mí Eanáir na bliana seo, gur spéis le lucht eacnamaíochta an dóigh gur féidir le dream pobail a chur le chéile agus éacht a dhéanamh ach iad a thabhairt ar aon intinn.
Ar aon dul leis equated with
" Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.
ar aon intinn of like mind
" Ach, de réir Gates, tagann Greenspan as líonra domhanda de chomhairleoirí beartais atá ar aon intinn.
ar aon chaoi anyway
" Ach fiú dá dtarlódh a leithéid, cé a thógfadh orainn é ar aon chaoi? Chomh minic lena mhalairt, is toisc na tuismitheoirí a bheith síorghnóthach sa saol acu féin go mbíonn an ríomhaire chomh mealltach sin don aos óg ar an gcéad dul síos.
ar aon intinn leo agreed with them
" Fágadh ar lár sna tuairiscí chomh maith go bhfuil go leor nach Libiaigh iad, atá eolasach faoina chás, ar aon intinn leo.
ar aon both
" Mhínigh sé in agallamh a thug sé, i ndiaidh dó an comórtas a bhaint, go bhfuil an obair cosúil le cur i láthair ceoil - maireann sé i gcuimhne an oirfidigh agus an lucht éisteachta ar aon.
ar aon tuairim of one mind
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
ar aon tuairim agreed
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
aon ní ar domhan anything in the world
" Tá sé á rá i mbólaí áirithe, i gcogar sollúnta, go mb’fhéidir go mbeidh 2010 ar an mbliain is fearr riamh ag an saghas Gaeil nach bhfuil aon ní ar domhan is ansa leis ná a bheith ag cur as faoi cheist na teanga.
bonn ar aon on a equal footing
" De réir an Chonartha, cuirim i gcás, chaithfí cóireáil leighis éigeandála a chur ar fáil d’imircigh bonn ar aon le saoránaigh agus bheadh ceart chun oideachais ag leanaí na n-oibrithe Imirce gan aird ar stádas dlíthiúil.
bheadh ar aon tuairim would be of similar view
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
ar aon nós anyway
ar aon intinn le agreed with
" Bhí bunús na leasaitheoirí Protastúnacha ar aon intinn le Luther maidir leis an aontumhacht: mhaigh Calvin nár chóir go mbeadh sí riachtanach.
ar aon nós anyway
" Ach mar bharr ar sin, tá *Quora* oscailte do chuardach *Google*; muna bhfuil spéis agat mar sin, tumadh isteach i *Quora* féin, gheobhaidh tú freagra ar do cheist ar *Google* ar aon nós.